firstLine"; ?>

436. Cia chosnas buanacht Banba $
Length: long 33qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 475 (24/P/25) L. Cl. Suibhne 16th c.
Motifs:
  1. envoi to wife Grainne ingh. MhicSuibhne
  2. envoi to saint (BVM?)
  3. comparison with own family?
  4. hospitality to poets
  5. prowess in war
  6. naval warfare ?
  7. buannaidhe
  8. war with Foreigners
  9. Ireland’s present woes foretold
  10. billeting
Poet Christian Names:
  1. Flann (RIA 475)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mc Toirdhealbhaigh mhc Ruaidhri
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne Fanad (fl. 1570-d.1619)
Apologue Subclasses:
  1. prophecies of Fionn mac Cumhaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia chosnas buannacht mBanbha?

[RIA 475 (24/P/25) (= Leabhar Chlainne Suibhne) 79r, p. 151]

Flann Mac an Bhaird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 [C]ía chosn[us] buan[n]acht Bhanbha

cóir esdeacht rem urrlabhra

dol n’a se[i]lbh is se do dhligh

an te a mbe[i]rn ar nac br[isti?]r.

2 Buannacht Bhanbha riam roime

o uaislib[h] f[h]oid Laoghoire

os se ni dhiobh do dligead[h]

biodh ’gun te le a toillfider.

3 An buannacht-sa Banba Cuinn

tarla a horra[-sa] oruinn

tuc gac fath dun o dhligead[h] (?)

nun[?] an cach nach celfidher.

4 Acht ge guais dam ’na diomdaid[h]

do bhraith me ar mac Toirrdhiolbaig

da rath gan aon ’na ag[aidh?]

[.......] brath tar buann[adh]aib[h].

5 [Fa?] buannacht Bhanbha Da Thi

da mbeith ed re hua Ruaidhri

la na gliadh ni sed sochuir

ni bhiadh acht ed an[sh]ochair (?).

6 [IS?] do a-bain do-bheradh sin

buannacht Banbha o breith dligid[h]

an te ’ga tarla an t-eolus

gidh be is calma choise[onas].

7 Clann tShuibhne Fhanad mas fhíor

leo do bhreith buannacht airdríogh

tar cuan ar techta o thosoigh

luagh na hechtra [...ll?...]-soin.

8 Mac Thoirrdhealbaig thoilles gnaoi

buannacht Bhanbha do-berthaoi

ara roinn uile re n-agh

duine nar choill a comradh.

9 [...]igen cach mar chloinn tShuibhne

la an chatha ar a chomuirge

a ghniom ar agh do fhoillsigh

cach ar dhion an Domhnaill-sin.

10 Fir Fanad nar eitigh nech

drem da creided clann Luighdech

slata calma os chloinn tSuibhne

don Banbha is coill cumuirge.

11 [..............]a do bi sin

an eng-sa oilein Ebhir

Fanad fa chíaigh arna cur

’na dhiaigh tanaig a thorad[h].

12 An cor do boi (?) dechta dhi

crioch Fanad na n-eas sidhi

ni frith la gan fher n-oinigh

an fedh a-ta ar tathoigid[h]?.

13 Gniomh Domnaill ’ga n-diden soin

gan gúais chatha ar chloinn Dálaig

guais formaid a n-agh orr[..acht?]

an comraig fa conc[lannacht?]

14 Clann tShuibhne nar shechain troid

on ló fuaradur Fanaid

nir thecht a trágh gan torad[h]

damh do chlecht a cuartogad[h].

15 Sluagh Fanad ag fagail ghill

lucht cosanta chlair Fhelim(m)

ni frith dhiobh a sed samail

ed na biod ar buannagaib[h].

16 O rígh Erne re n-iorgail

nir mhor do mac Toirrdhiolbaig

Cormoc mar do chendaig[h] Fionn

ag tromlot eallaig[h] Erionn.

17 La do Bhaoisgne a mbe[i]nd Edain [leg. Éidir?]

buanna ar Bhanbha mblaithghegil

do shuidh os cionn chlair Mhide

Fionn fa faidh re faisdine.

18 Mac Cumhaill ag sgaoilead[h] sgéal

an trath do fhech an t-ái-ér

do-chí áoidhe neóill a-noir

daoine ’na dheóigh ’na ndro[ngaibh?].

19 “Sluagh Saxan is [s]iad do-chim

ag triall go hErinn fhoidmhin

tearc ’na cionn toir is trese”

do raidh Fionn na Fé[innei-se?]

20 “Is truagh gan a teacht rem linn

biaidh im dhiaidh budh olc dh’Erinn

o tarla a tairrngire a tocht

Banbha ag ainfine ar iasacht.”

21 “Tiocfaid buanna chabhra caigh

fa deoigh a nÉrinn fho(i)dbhain

acht sinn da chumma d’o Cuinn

Fionn is urra da n-abruim.

22 “Sluagh Saxan a-mach ar muir

rachaid re linn an leomain

a moirches úadha do fhill

buanna fhoirfes ar Erin[n].”

23 Táinicc mar do thairrngir Fionn

budh congnamh d’fhurtacht Érionn

tarla a n-amm a buana [a] broid

an buanna an tann [fa t]ánaig

24 Mac Suibhne ler s(h)echnad[h] be[i]m

d’eis a fuair Ére dh’oilbhe[i]m

do choscc ainbhfine chlair Chuinn

an tairngire a ndail Domhnaill.

25 Ó so a-mach a múr Da Thi

ni bheid a meic mic Ruaidri

fúiccfid Fodla fa chloinn Cuinn

na Goill da fogra a Fremhuinn.

26 Cuid dot uirrimm uátha sin

clann tShuibhne a n-amm an égin

fad brataigh go mbíadh uile

fian go n-ataibh orrdaidhe.

27 Lar an fedhma is egin fúibh

bur sochar ni fhuil inntnúidh

a chlíath fhosgaid[h] fher nUlad[h]

fedh cosgu[i]r do chuartugad[h].

28 An la is cruaidh do clannaib Cuind

ar cosg do chele comluinn

gerr fúaradh do thuaighe a troid

acht bualad[h] cuaile a comhroig.

29 Uirrim Ghaoideal ghuirt Da Thí

tuigedh an te le a mbíthi

nac bfuair gan tu tabhach

do chlú uaidh ni hesbadach.

30 Do thonn dibheirge a Domnaill

ar chách a[g] cur anfhorluinn

bur sirthi ar gac taoibh do troid

[is] sithri do cháoir chomhroig.

31 Fiú [...........] bentar dhi

geall o chach do chloinn tSuibhni

dream ar ndol os gac aicmi

nar [ghea?]ll ar crodh comairci. C

32 G[................] Suibhne

do-nid ar clu comuirghe

do an ar Gráinne ’na ghnaoi

a baire ar bladh ni bertháoi.

33 B[......................]

a bfuil impe d’fhuil Eogain

bedh ’na doigh cruidh do chliaraib[h]

is cóir don fhuil Uilliamaigh.

34 Seoid o inghin [...] Muire

beg a mbeim le a mbregfaid[h]e

bronnadh gan fh[...] uaithi dhi

ní luaithi le [...................usci?] C. cosnus...