firstLine"; ?>

438. Cia do fheachfadh ar m’eigin? $
Length: long 36qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA1235 (C/ii/2) 15th - 16th cents
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th c. , 17thc. add
Prints:
  1. transl. Ir Monthly 58, 514
  2. text DiD no. 11
Motifs:
  1. king’s officers
  2. Submission, tuarastal, coimirce
  3. imagery for God or Christ
  4. imagery for saint
  5. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
  6. the Crucifixion
  7. use of legal terms
Patron Christian Names:
  1. Michael
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia do fhéachfadh ar m’éigin?


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 11]


1 Cia do fhéachfadh ar m’éigin?

tarla a lán dom leithéidibh

san ghlas i dtámaid gan tail

nach tánaig as gan eochair.


2 An glas do hiadhadh oirne

d’osgladh muna fhéadoim-ne

ná fuilngeadh sé ar n-osnaidh air

an té as cosmhail dár gcobhair.


3 Fear is dáil cobhra chuige

méad a éigne is usaide;

gníomh nó go ndearna fa dheoidh

mo dhíon ar meanma Mícheoil.


4 Mo chion do-chuaidh i roimhéad

gomadh obair m’iomchoimhéad;

mei-se is m’óige re holcaibh

móide an treise ar dtarochtain.


5 Ar m’fhoghnamh ní huair chairde,

anois tráth ar dteasairg-ne;

an lá as ghoire as fhearr mh’fheitheamh

m’oire ós ’n-a ceann cuirfithear.


6 Ní hé a dhíoth áirmhim uile

Dia dá ndiulta a theachtoire;

damh-sa muna thoibhghe tréan

doilghe a mhasla do Mhíchéal.


7 Ó bhias liom lá na tiomna

maor tobhaigh an tighiorna

créad acht éara deise dhó

mei-se dá n-éara Íoso?


8 Ní dhlighfeadh gan mo dhearadh

bráth díreach an Dúileamhan;

dá mbeath m’éag ’n-a éag inill

an bhreath créad nach cuimhnighim.


9 Ag coill reachta ríogh nimhe

a-tú ó thús m’aimsire;

do caithfidhe ar sgáth mo sgeoil

bláth ar maithmhighe Mhícheoil.


10 Leis do díolfaidhe a dhiomdha

bheith do thoil an tighiorna;

a síodh a-raon do-roighne

maor an ríogh dá riaroim-ne.


11 Ní áiréamhainn m’éara féin

acht Dia do dhiultadh Mhíchéil;

ní budh comhnáir damh-sa is dó

masla d’fhoghbháil ó Íoso.


12 D’éanfhuil is usaide ar ndíon

mei-se is máthair an airdríogh,

Muire i n-ar seilbh gach ré seal

gan m’fheidhm uile ar an aingeal.


13 D’fhior m’éigne is adhbhar diomdha

ar theachtaire an tighiorna

- ní caitheamh do-chóidh ’n-a tréan -

an chóir dá maitheadh Míchéal.


14 “N-a fhíoch dá bhfásadh fuinneamh”

m’fhuigheall ris an archaingeal

“suidhidh sinn ar saor nimhe

ná taobh inn re himpidhe.”


15 A réadla iuil na n-uile,

bean a truaill don trócuire;

tairg tráth mo locht do leigheas

bláth ar n-olc sul aibghigheas.


16 Gé tám ag tuar do dhiomdha

cia tu-sa acht mo thighiorna?

ní tuilltir é mar budh eol

mé dod mhuintir, a Mhícheol.


17 Ionnsaigh an uain as neasa,

mithid cuimhne an chairdeasa

- ag sin an bráth ag bagar -

nó sir tráth dar dteasragadh.


18 Ga cur a-rís ’n-a riocht féin

i ló an mheasraighthe, a Mhíchéil,

cré a [chéile i gcách] ní chuirfe

ar gcréi-ne an tráth thiomsuighthe.


19 Cuma gan t’aithearrach ann,

a chroinn fhosgaidh na n-anam;

gá seise ar budh déanta id dheoidh

dá séanta mei-se, a Mhícheoil.


20 Tabhair m’éigean dot aire;

lamhthar [thart id] thrócaire;

an chóir is a rinn riom-sa

fóir inn as an éigion-sa,


21 Mo lochta i ló na breithe

ar deoir liom ní leigfeithe;

lá ar ndaorthai-ne ag crann an chígh

ní ham maothchroidhe, a Mhíchíl.


22 Don anmain nó go n-ionnla

gabh treise ar do thighiorna;

ar sal do ghabháil glanta

fagh i n-anáir th’umhlachta.


23 Mithid mo chosg do chiontaibh,

do-chuaidh thort mo tháirriochtain;

is treise dhúin-ne fa dheoidh

gé mhúine mhei-se, a Mhícheoil.


24 Tair dá n-iadhadh im ionadh

gona doimhne an Dúiliomhan;

an taobh dearg dá ndúine dham

searg is a úire an t-áladh.


25 Ní fhoghnann acht ’n-a am féin;

cuir-se ar múnadh, a Mhíchéil;

biaidh lá bhus cás ar gcoimhdhe

an grás gé tá ar tábhoirne.


26 Feitheamh m’anma ós díot dleaghar,

a mhaoir mheic an Dúileamhan,

féachar cia do héaradh ann

Dia muna fhéaghadh oram.


27 An té tharla ar mo leas-sa

dá raibh leam lá an aighneasa

do chóir gé admha an t-aingeal

ní dóigh agra an t-archaingeal.


28 Gin go maitheam do mhaor Dé

gan chur liom i ló an fhínné

fuair ar mbiodhbha d’áth oirn-ne

nach fáth diomdha ar ndiultaidh-ne.


29 Fa chéile nocha coimhthe

mei-se is maor an mheadhaighthe;

damh-sa a-tá mar nar tuilleadh

an lá annsa an t-archaingeal.


30 Créad acht toibhéim dá threise

Dia dá ndiultadh m’oirchis-se?

maor Dé, dá ndearnadh ar gcóir,

nach bearnadh é dá anóir?


31 Luach m’fhoghanta d’fhagháil damh

ionann dó agus mo dhearadh;

nach géabha acht gun té do thuill

is é m’éara go háluinn.


32 Maor Dé do dhíon an uile

ullmha iná do hiarrfuidhe;

re cabhair d’iarraidh ní an;

triallaidh i n-aghaidh m’anman.


33 A aithearrach mar aighne

it aghaidh ní iarrfaim-ne;

cia a-déartha do dhíol mo chean

fa síodh dá n-éartha an t-aingeal?


34 Goin an chroinn id chíoch dheas-sa

gémadh fachain faitcheasa

beag m’eagla fa chrú an chroidhe

dá bhfreagra tú ar dteachtoire.


35 A-tá an t-aighne im ionadh

rem cheanaibh dá gcúirtioghadh;

teacht id theagh muna thuillear

lean th’eacht ar an archaingeal.


36 A-tá do thruime ar n-éigne

’s gan im chorp dar gcoimhéid-ne

go gcaithfidhe a rinn reimpe

maithmhighe ar gcinn choimirce.