firstLine"; ?>

440. Cia don phleid as ceann uidhe $
Length: middling 24qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. satire
Manuscripts:
  1. NLS Adv72/1/37 Bk Dean Lismore1512-
Prints:
  1. transl. Watson, SV, p. 14 Scot.G.St.13pt ii,263
Motifs:
  1. description of clothes
  2. general grief
  3. Blessing on all adding to poem
  4. faighdhe, begging
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. Campbell An Ridire Maith
Patron Christian Names:
  1. Lachlann
Patron Surnames:
  1. Mac an Breatnaigh (Galbraith)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia don phléid as ceann uidhe?


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 3, p. 14]


A ughdar so Donnchadh Mhac Cailéin, an ridire math


1 Cia don phléid as ceann uidhe

ó do theasta an deaghdhuine?

tá na deoir ar éis an fhir,

an phléid gan treoir ré faicsin.


2 Tá ’na dílseacht giodh olc linn

an phléid ar n-éag do Lachlainn;

is béad sin ar lár gach lis,

an phléid ar easbhaidh eólais.


3 Má theasta, ní chuala mé

leithéid Lachlainn ar leimhe

ó chruthaigh Dia na daoine:

is cubhaidh a h-iargcaoine.


4 Í gan mháthair gan athair,

an phléid bhocht ar anamhain;

ar n-éag Mheic an Bhreatnaigh bhinn,

a cnead-se créad nach caoinfinn?


5 Nocha nfheil duine ar domhan

do-ní an phléid do mhórughadh;

ar n-éag Lachlainn is leamh linn:

olc an sgéal soin i nEirinn.


6 Cia iarras sporáin bheaga?

Cia iarras na snáthada?

Cia iarras drochbhonn gan dealbh

ó theasta Lachlainn leimhshearbh?


7 Cia iarras bróga dubha?

cia iarras na búcladha?

cia iarras bréide brághad?

cia ar gceann pléide is fanámhad?


8 Cia iarras iasacht dá bhróg?

cia iarras sgiatha phéacóg?

cia iarras iadhadh dá chrios?

cia do-ní leamh gach aoinlios?


9 Cia iarras seanada pill?

cia iarras leabhair léighinn?

cia iarras díota go moch?

cia ara mbí íota anmoch?


10 Cia iarras bótan is spuir?

cia iarras frocan athchuir?

cia iarras measgán is mín?

cia iarras seasgán seagail?


11 Cia iarras spáin i sporán?

cia ní solár gan náire?

ó theasta Lachlainn leamhach,

cia nois ar n-adhbhar gáire?


12 Cia iarras léinte ban n-óg

ar éis Lachlainn na seanbhróg?

dá éag-san is truagh an dál:

cia lé n-iarrthar cuarán?


13 Cia ghoideas duais an ghille?

cia nach abair fírinne?

cia as leamh ag triall i mbáta?

cia iarras na seanchárda?


14 Cia iarras cearc lé h-uighe?

cia iarras líon caolbhuidhe?

cia iarras corrlach an choirc

i ndiaidh an dorrlaigh airgid?


15 Cia iarras príne gan cheann,

fear leamh i gcomas coitcheann?

gan oighre ar Lachlainn dá éis

doilghe ná a éag ré faisnéis.


16 Cia iarras dubhán is drobh?

cia iarras doirse d’fhosgladh?

cia iarras binid gan bhrígh?

cia lé sirthear gach aoinní?


17 Cia nach dtoir peighinn do bhocht?

cia iarras ní ar tarnocht?

cia ghríosas gach gruaidh ó d’chí?

cia bhíos go cruaidh um mhaicní?


18 Cia iarras olann is im

chon a thighe d’éis Lachlainn?

cia iarras coiléara ban?

cia lén mian solár sailleach?


19 Gér bhinn liom dán Domhnaill Duinn,

ní mholaim [...] Lachlainn;

mar do mhill a dhéanamh dhomh,

[...............] linn an [............] so.


20 Cia iarras ar mnáibh óga

coin bheaga agus neasóga?

cia iarras fursainn (?) ó’d-chí?

cia lé dtrusar gach meinbhní?


21 Cia iarras loiste go a bhrot?

cia iarras triubhas tollbhocht?

cia bhíos go tinn is é slán?

cia iarras im ar bhrochán?


22 Deacra linn ná éag an fhir

gan a oighre dá éis-sin,

d’eagal na pléide dhul d’éag,

’s nach feadar cia ní a coimhéad.


23 [..............................] an fhir

déanaidh, a dhaoine an domhain,

rann gach neach do chur ’na cheann:

mallacht don fhear nach cuireann.


24 Má theasta Lachlainn lá Luain,

is subhach bhitheas gach duain;

dá éag is buidhe gach bioth,

is ní cuibhe giodh éinchioth. Cia don phléid.