firstLine"; ?>

442. Cia fhiorfas fuighle na bhfadh $
Length: very long 51qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. 3082 to O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney, Poems O R, no. xii
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. imagery to describe patron
  3. Foreign conquest of Ireland
  4. Ireland’s woes foretold in prophecy
  5. destruction of foreigners prophesied
  6. Kingly Functions:binding men together etc
  7. list of subject territories
  8. prophecies of a ruler
  9. withering landscape on death of ruler
  10. death of patron signals end to peace
Patron Christian Names:
  1. Maolmhordha mac Philib mhic Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1636
Apologue Subclasses:
  1. Death of Art na gCaislean O Maoileachlainn
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia fhíorfas fuighle na bhfádh?


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 12]


1 Cia fhíorfus fuighle na bhfádh ? -

cumhain leam [liaide ar ttocrádh]

go lór d’fháisdine gach fhir

ar shlógh bhfáisTighe Fuinidh.

2 Ughdair Ghaoidheal leath ar leath,

sgríobhthar leo ’san lorg dhíreach

tingheall fádh um Phort na bhFionn

ar ágh, ar olc na hÉireann.

3 Léghthar ’na leabhruibh dile

fáisdine fádh ngeintlidhe

dár chreid Ráth fhinnshliom Énna

is tinghioll fáth bhfírénda.

4 Fáidhe agus naoimh cionn a ccionn

tarfás dóibh dílgheann Éirionn

le sluagh Danmarg leachtach lonn,

le neartchath lanngharg Lonnonn.

5 “D’aithle a ngliadh bhfaobhrach bhfrithir

dearbh,” ar cách, “go ccuirfithir

trén Lochlannach tar sál soir

go Clár mbothlongach mBalair.”

6 “Biaidh,” ar siad, “sealad oile,

fian chniocht na gcolg n-órdhaidhe,

ag crechtshnoighe an chreachshlóigh mhir

seachnóin eachtMhoighe hÉibhir.”

7 “Ní fhúigfid eanach conmhaor

gan chur fa chíos ndochardhaor

a cCrích dhaoinigh linnte Fhloinn

Gaoidhil innte bhus eachtroinn.”

8 Fáidhe geintlidhe Ghuirt Fháil,

naoimh maicne Mhíleadh Easbáin

gealltur leo a bhfíochloige ar bhfear

ceo a sgíothbhroide do sgaoileadh.

9 Muna brég briathra ar sean-naomh

ní fada ón iath fhairseangshaor

fagháil chabhra ón chreinn domhuin

tarla ar an eing n-urbhadhaigh.

10 Cuma dhúinne, a Dhé nimhe,

gá tráth thiogfa an tairngire

d’fhéin Chunga na ttreas ttroimthe

ní feas urra a fhíoruighthe.

Na roighne re [a] roibhe ar súil

d’fhurtacht oirn d’éis gach díoghbhúidh

beantar dhíonn [fatha forraigh!]

sgatha ríogh ó Raghallaigh.

12 Do shaoil mé [mana deacrach!]

sé dá thír gur thairngeartach

Maol Mórdha, ar meadharghrádh dil,

leabharlámh chródha a chinidh.

13 Do chaill a thír [truagh a chor!]

a los díoghla Dé Athor

an tairngeartaidh do bhaoi ar brath

ag daighshleachtuibh Craoi Cheasrach.

14 On uair teasda Maol Mórdha,

beithir fhaobhrach onórdha,

ní fhuil súil cháigh re cabhair;

do thráigh a ndúil dearlaghaidh.

15 Nír ghuais le cách cur an ghill

as ua Aodha an fhuilt ghégshlim,

um dhíon cceall, um dhál ndocar,

lámh ór fhearr a n-anacal.

16 Ní dó a-bháin do bhí ag feithimh;

mór sliocht ros saoil d’fhóirithin

do ghaoldamhraidh Phuirt na bhFionn

ó bhaoghalghoimh uilc Éirionn.

17 Do bhíodh gach foghuil fuair cách

um bhruach mBréithne na bhfionnráth

’na faghuil fhíochmhair bhudh-éin

’gá aghaidh shíothghloin shoiléir.

18 Do bheireadh gríos ’na ghruaidh dhuinn

foghuil tuath Tolcha Culuinn,

díoth leathbhruaigh Leargan na sroth

nó treaghdadh creachshluaigh Caochach.

19 Ba cúis méduighthe a mheanman

gníomh mórtha a mac tighearnadh;

cúis ísle d’uaill an deighfhir

buaidh ón chrích-si ag coillidhibh.

20 Gé a-tá a thír fa thoil ndeoradh

do shaoil cách go ccaibheoradh

ar luigh do leathtrom orra

a muigh leachtchorr Liatruma.

21 Ceisd aguinn re haimsir mbig:

ó nach maireann mac Pilib,

cia as earradh re hionnramh gcáigh

um dhionnMhagh cceanndubh cCruacháin

22 Cúis bhrónach bheanus rér sgél

tarla ar n-ég Airt na gCaislén

’san tír lachtmhuir shíthe sháimh

ag macraidh Chríche Colmáin.

23 Ríoghacht Midhe [maith an roinn]

tugadh do Chonall Chríomhthoinn

mur roinn ón échtchloinn oile,

gégcroinn do choill chumhraidhe.

24 Don tsliocht-soin Conuill Chriomhthain

mheic Neill, airdrí ar Éirionnchaibh,

táinig Art, beodhalta Breagh,

fá leomhanta um Ghart nGaoidheal.

25 Cuirid cniochtuigh Chríche Fáil

cogadh ar Chinél gColmáin,

dar hionnarbadh a síol sin

ó chíogh fhionnarghlan Uisnigh.

26 Sliocht Conuill mheadhraigh mheic Néill,

do-rinneadh deoraidh dhíbh-séin;

súil do chabhair cuirid soin,

suidhid Danair ’na ndúthaigh.

27 Ó’d-chí leatrom a ghég gaoil

fiuchuis Art d’fhíoch is d’fhorraoin;

risan ndreim ccathbhrais cceanaigh

tachrais ’mun eing n-éigneadhuigh.

28 Trí laithe d’éis ar-oile

sraoinis orlár iorghaile,

lér anadhuin dá fhíoch áigh,

ar Dhanaruibh Chríoch gColmáin.

29 Ros taifneann ó thír a shean,

fóir chniocht na gcúirteadh lígheal;

beanuis orláimh Fhuinn Uisnigh

don tromdháimh luinn líonmhuir-sin.

30 “Filleam uatha,” ar aicme Néill,

“maith sén dár hathchradh iaid-séin,

fonn sídh an eachshluaigh ághuigh,

ón tír chleathruaidh Cholmánuigh.”

31 Do ráidh Art : “Nír fhóbuir mé

bheith réidh gan ríoghacht Midhe

dom ghaol ba seanfhonn seilbhe,

fearonn saor ar sinnsir-ne.”

32 “Tuitfead uimpe,” ar Art Luighne,

“nó biaidh sí ’nar sealbhuidh-ne;

mé ar ar n-inmhe-ne is fhearr ceart,

dhá cheann fhinnMhidhe m’oighreacht.”

33 “Críoch bhláith na mbuinne bhfosadh

biaidh agam no aco-san;

ní mhaithfinn mír don bhiodhbhaidh

don tír chaithshlim chrithearghloin.”

34 Re hucht Midhe na magh réidh

do chor fán ccrúi-sin ríNéill

at-bath Art, aolbhráighe thiugh,

fá haonbhráighe ar Gart nGaoidheal.

35 Do sgar Midhe, maighean Chuinn,

re sliocht Maoil oirdheirc Eachluinn

tre bhás ghléfhlatha Guirt Breagh;

énfhatha an uile a oidheadh.

36 Do dhealuigh mur so [saoth linn!]

flaitheas Bréithne an bhruaigh aoibhinn

re féin Leamhna na lann mbleacht

a n-am í Fhearghna dh’imtheacht.

37 Ar son nár chathaigh ’má ceann

mur Art Sionna um Ráth Raoileann,

rún a cabhra a ttaobh thoile

tarla ’gár Maol Mórdhai-ne.

38 Aimsear Airt thiar ó thosuigh

dá mbeith ’gun Mhaol Mhórdha-soin,

bíodh gur dháil docra a dhénamh,

docra cháigh do chaibhéradh.

39 ’Na chodchuibh gé a-tá a thalamh,

lucht iúil dob é a mbreathnughadh

a bheith ’na aonchuid uile

gá dhreich laochbhuig leanbdhaidhe.

40 Dob ionann leis ’s a lot féin

triall foghla ar dhuine dhíbh-séin,

nó beann do bhuain dá thalamh;

uaidh dob fhearr a n-anaghal.

41 Nír beanadh asna dhá fhonn

le cumhochtuibh chath n-eachtronn,

le tórainn saoith sluaigh Banbha,

nar shaoil d’uaim re a athardha.

42 Do bhí sin a ndúthchas dó,

fa rún d’Fhilib mac Aodho

slios sgaithbheanndubh a thuath tte

d’aithcheangal re bruach mBréithne.

43 Inntinn a athar roimhe

do bhí ’gár Maol Mhórdhoi-ne:

as foghuil ba losgadh lais

cosgradh a dhomhuin dúthchais.

44 Ní dhearna duine dá shliocht

éinchéim d’onóir na d’oirbhiort,

ar mheas glún sósar is sean,

nar rún dhó-san a dhéineamh.

45 Frémh gach urchóide as as tig,

bás Mhaoil Mhordha mheic Fhilib:

úraidh sé seincheana cáigh,

eithreadha é don fhorráin.

46 Beag admhus inntinn mbáidhe,

lia ’sa lia lucht forráine,

slighthe ríogh ’na raonaibh sloid

nach díon do chaomhaibh caroid.

47 Uathaighthear ar gach muighe,

lugha tarbha an treabhuire,

ní truime torchar sreabha,

folchar uime a aisgeadha.

48 Aimrid an fhiodhbhadh thoraidh,

beag ttarbha teacht foghamhair,

glais ’gá ccor ar ghaoibh goile

ar ndol ar Maoil Mhordhoi-ne.

49 Iomdha bearn do bhris seision

ag cosnamh clú a thíre-sion;

do-chí soin a dhoilghe dhi

nach ffoil ag coimhdhe a chríche.

50 Sé chéad dég tríocha is da thrí

ag sin aois Íosa, ar n-airdrí,

Maol Mordha an bhliadhuin ad-bath,

riaghuil chóra do chumhdach.

51 A mháthair in Mheic neamhdha,

fill uaim fheirg an Tighearna;

féch oirne, an rér n-uicht-ne,

gabh re coimhdhe ar ccumairce.