firstLine"; ?>

444. Cia ghabhas re guais Chonnacht $
Length: long 44qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery to describe patron
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. Patron’s prowess in battle
  5. mercenary soldiers
  6. war with the Foreigners
  7. imagery for kingship
  8. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Maoilsheachlainn (RIA 540)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim Ruadh mac Eamuinn mhic Eamuinn
Patron Surnames:
  1. MacDubhghaill
Apologue Subclasses:
  1. Cu Chulainn guarding the ford
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia ghabhas ré guais Chonnacht?

[RIA 540 (C/iv/1), 175r]

Máoileachloinn O hUiginn cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cía ghabhas ré gúais Chonnachd

don thréd ’ga ttá a búachollachd

d’féghain dá hanbhúain ’s gach am

ar béluibh armsluaigh eachdrann.

2 Tearc le ttairgthear a cabhair

an críoch-sa clann Chonchabhair

mór ní ag rochdain ’na rodháil

fa n-obthair í d’iongabháil.

3 A cáomhna as adhbhar úamhain

re hiomad a hanúaluigh

críoch na ráthchloch sleasbhán sliom

lathroch easrán na hÉirionn.

4 As í as réidhe rían muigheadh

ar cionn érma eachruigheadh

ní hí an daghbhúaidh nach docar

sí ó anbhúain d’anacal.

5 Áille a fonn tighe a torchair

moide a hannsa ag [e]acdronnchuibh

is a róide socra sin

gidh móide docra a dídein.

6 A-tá ar chrích chloinne Mághach

a n-íoc a holc n-easránach

a n-úair céimeadh dhá cabhair

búaidh fhéinneadh a hanaghail.

7 Meic Mhághach fein gidh íad ann

tuirthe teasruighthe a tórann

a coimhdhe ’s dá sénbhúaidh sin

trénshluaigh lér dhoilghe deabhuigh.

8 Meic Mhorna ar-ís dá éis sin

buanna Chónnachd na curaigh

luchd feitmhe orsana a heang

beithre cosnamha a ceimeann.

9 Don chur-sa tar chonfad Gall

gabhthair le heigean d’fulang

’na gúasachtuibh ’s ní fhuil fhaill

le fuil nduasfhortail nDubhghuill.

10 Búannadha críche Crúachan

clann nDubhghuill díon creachrúathar

as tearc dhí ursana as fhearr

ar tí cosnamha a céimenn.

11 Do lucht feithme iosduigh Chuinn

roighne curadh clann nDubhghuill

fúair geall dearbhghusa ó gach dreim

ceann na feaghnu-sa Féiléim.

12 Féilim rúagh cosbóir a ccealg

le hucd Danar na ndíbhearg

bhíos ’na bhun ’s ’na bharr eanuigh

do sgur Ghall do Gháoidhioluibh.

13 Doras baoghail (e)Achadh Áoi

log comhnuighe an duinn (n)drechnáoi

tré fheart an té da tártha

tearc achd shé le a seasábhtha.

14 Tímcheal tighe an Mhóintighs

iomdha ceatha comhdhóirtir

a slighthibh da ccleachd a ccur

do bhithneimh bheart a bhíodhbhadh.

15 Tre áightheas shuighidhthe a shealg

bíd na conaire croidhearg

dearbhtair clú a fhíaghuidh orra

re crú an fhíalluigh [e]achdronna.

16 Ar bhél Átha an Ráithín réigh

meinic tháireas troid aigmhéil

’s gach tráth a n-iarrfuighe olc

ar sgáth chlíachmhuighe Connachd.

17 Mur bhúdh carrag re ngreis ngáoth

ní chumsgoigh an t-óg armgháoth

neimh gháidh na ráon dá rochdain

’s ní cláon re ngráin ngúasachduigh.

18 An mac-sin mheic Meic Dubhghuill

posd iomchair gach omhanbhairr

bac ar neart Ghall ’na ghaluibh

as tearc ann a ionntamhuil.

19 Ní fhuil táobh ’na ttrialltar leó

láochruigh Ghall chleachdas cuinnsgleó

gríobh armrod on deacra dol

nách bfághbhod reampa rabhadh.

20 Nirb foráil do chrích Chrúachna [175v]

a-nos d’íarruigh fhionnfhúartha

dá díon ar ghéirrinn ghoimhe

gníomh Féilim dá forfhaire.

21 Mar tá Féilim an feachd-sa

ag ionnramh na n-oireachd-sa

do bhí ar bhrú bhearna a ndochair

Cú na hEamhna ag Ultachaibh.

22 Fa hí áit chómhnuighe an Chon

doras báis eachadh Uladh

fairche nochd na bfrosmhagh bfionn

dá cosnamh ar olc nÉirionn.

23 Ní ghlúais forrán na foghail

ó Bhanba ar chrích Chonchabhair

as neach é dár dhú a dhénamh

nach é an Cú do choisénadh.

24 A n-aguidh ceathra ccóigeadh

a cosg éigne is orchóideagh

ger díach dhá ghrinnmhenmha ghloin

fa sgíath imdheaghla d’Ultuibh.

25 Ní tharla gúasacht na goimh

re bheathuigh don fhéin Ultuigh

fiorbhladh ar a cclú do chuir

nach dioghladh an Cú a cclíathuigh.

26 Sealbha an Chon-sa cúis deinmne

Dun Dealgan Magh Muirrtheimhne

fá rodhocair coimsi a ccor

doirrsi anacail Uladh.

27 Doirrseóir dhoirrseadh fhuinn Uladh

an Cú-sin do-chualabhair

gnúis dealbhdha nar clé a ccogthaibh

ré a teadhma do thárthochtuin.

28 Féilim 7 Cú na gcath

d’iath Connachd do chrích Ultach

láoich dhaghacla lér téigh toil

samhalta a ccéim a chosnaimh.

29 Áth Ráithín a rómhuigh Áoi

’san Móinteach mana mórghnáoi

da n-áodhaire as fhaisge gomh

gaisde caomhuighe Crúachan.

30 As é gabhas ré a ngúais sin

mac Émuinn oide an gaisgidh

d’feidhm rochrúais a ngoil ’s a ngart

do fhoir do chathghuais Chonnacht.

31 Ní hiongnadh d’úaisle a fhola

dréim re ceannas ccosnamha

do fhéch a n-aisdibh deacra

prém an ghaisgidh Gháoidhealta.

32 Prímghein do spór an eangnaimh

mac Róisi an ruisg imealghloin

rós do bhláth na Suibhnech sin

lén cuimhneach gnáth an ghaisgidh.

33 Dlighidh Crúacha do chabhair

pór sáorchlann síol cConchabhair

an fheaghain ’s a céim do-clos

leanuidh do dhréim re a ndúthcos.

34 Úa Colla Úais nar ob cath

cuisle do chrú chlann bFíachrach

gég do shíol shaorchlannda Néill

láochplannda as díon ar dhoibhéim.

35 Bríathar bhuidh re ttráigh tuirsi

leannán uird na heaguilsi

cráobhshlat as doighearrdha dhorr

sáormhac oireaghdha Émoinn.

36 Toirneadh láoch ar bhrú mberna

breith bhúaidh ar chrúas ccinneamhna

gnúis ógnáir dan goire gal

tógbháil chroidhe na ccuradh.

37 Plannda úr d’ioth an oinigh

fírsreabh fuair a athoighidh

gus gnimhfhearrdha ar chach do chinn

blath na ríghealbha ó Righlinn.

38 Úa Meic Dubhghuill na ttreas tte

úa Mhaoil Mhordha Meic Suibhne

gég as blath dá fhuil fhortail

tuir as gnath a nguasachduibh.

39 Lot cáigh cosg a n-omhains

sgíath chosnaimh chlann cConchabhair

áodhaire as gúala ré a ngal

búanna caomhmhuighe Crúachan.

40 Lámh dhúnta dhoras ndeacra [176r]

dán cluithe cosg gúasachda

fás a n-anbharr an oinigh

sás na n-anbhann d’fóireidhin.

41 Cosg gúasachd dar ghíall an ghal

Féilim rúagh rogha ar ccuradh

an damh ré ór ráith Airt-ne

sé do chach as comairce. Ci...

42 Fiú a cabhair a congnamh dho

Anasdás inghean Bhacsa

nó gur fhíor a uaisleachd sin

a ngníomh chruaisbheart an choguidh.

43 Gach aoinbheart dá n-imrid Goill

ar Fhéilim mheic mheic Émoinn

fuilngidh sí déine a ndochar

’s do-ní a fhéile d’iomachar.

44 Áoibhinn lé ar a luchd toighe

lion cean d’úaitnibh iorghuile

a mbeól chonaire Gall ngrod

’na rann comhfhaire carad.