firstLine"; ?>

445. Cia le bhfillfidhe fearg righ $
Length: very long 48qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir 1723
  2. Mayn. M84 S. O Murch. na R. 1738-47
  3. RIA7(24/L/13)S.OMurch.na R et al.1738-
  4. RIA 256 (23/G/23) MOg O Longain 1800-
  5. Mayn. M 96 M. Og O Longain 1817
Prints:
  1. transl. D na mBr. Mionur no. 17 Measgra Ui Chleir
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. Submission, tuarastal, coimirce
  3. imagery for God or Christ
  4. imagery for saint
  5. role of BVM
  6. use of legal terms
  7. Proverbs
Poet Christian Names:
  1. Laichtin (Mayn. M 96)
Poet Surnames:
  1. saint (“Laisin� RIA 256)
Patron Christian Names:
  1. Francis
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Francis stigmata
  2. given Lucifer’s place
  3. Francis : rescues drowning friar
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia lé bhfillfidhe fearg ríogh?


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 17]


San Froinsias, cara an éigin


1 Cia lé bhfillfidhe fearg ríogh?

ní ceisd ina cóir neimbríogh;

re a teacht do budh fhéachda d’fhior

gá beart lé bhféadfa a filliodh.


2 Dá dteagmhadh fala ríogh rinn,

cóir a fhéachain go hinnill

cia an díon ar a ragh reimhe

síodh damh nó go ndaingneighe.


3 Le comhairle is dulta dhamh

i leith gcarad dom chosnamh;

tearc cara le cobhair linn

omhain ’s an fhala im oirchill.


4 Tarla im chionn - is céim docair;

anois am an anocoil

dá mbeith cara an éigin ann -

fala nach éidir d’fhulang.


5 Raibhthe géara dho-gheibh mé

gach aonlá i gceann a chéile!

cia nach géabhadh omhan as?

ní robhadh éanar fhuaras.


6 Cosmhuil go bhfuighthear ar bhfaill:

béas na dtroth atá againn!

níor ghabh an trú riamh robhadh;

atú i ngiall don ghnáthoghadh.


7 Faríor is deacraide dhamh

mo dhíon is iomad mh’fholtadh;

tearc aonghuth ag labhra linn!

baoghlach ’s a dtarla im thimchill.


8 Saoilim d’fheabhas a heinigh

Muire ógh dom fhóireidhin;

- níor dhiult ar olc fhear mar mé -

gidh eadh ní holc a haithne.


9 Is fiu ar meisnioch a Muire

díon eile nach iarrfuidhe;

dá gaol muna ghabhar rum,

mh’aghadh gá taobh i dtiobhrum?


10 Ní budh foláir d’fhior mh’fhaladh

cara naoimh dhá neartoghadh;

giodh don taobh thíos do Mhuire

bhíos gach naomh dá neartmhuire.


11 Dá nguidhinn gach naomh ar nimh,

a Mháthair Íosa, ar uairibh,

tusa is cú dhíginne dhamh;

dár ndídin-ne is tú tugadh.


12 Ní d’éirghe dhíot adeir mé

go sirfinn éindíon eile;

mo shíodh re naomhmaor nimhe

bíodh ar aonnaomh dh’áiridhe.


13 Lorg an naoimh-si -nochtfuidh de-

ní chuala ag naomh riamh roimhe;

dá bhféaghainn gach gné inar gheabh

isé adéarainn fa dheireadh.


14 Fada dhamh ar tí a thagha

San Proinsias, ar príomhchara;

ar sgáth a mheirge is dú dul,

budh feirrde a chlú mo chosnamh.


15 San Froinséis ré bhfuil mo bháidh

beag dhá ghrásaibh mo ghabháil;

síodh do ghéabh as a ghuidhe;

más fíor, ní éar aonduine.


16 Iomdha dhá n-aithris dá éis

sgéal sochair ar San Proinséis:

sgéal, do líon an uile fhear,

a ríomh uile ní héidear.


17 Do-chuala sgéal ordhruic air;

córuide a lorg do leanmhain

go leantair gach fréamh dhá bhfoil;

sgéal ar fheartaibh an éarloimh.


18 Bráthair ’nar éirigh d’iul ghlan

- Iacobus ainm an bhráthair -

triall tar moir ar a mheanma -

mian do thoil a Thighearna.


19 I gcuan fa comhfhogas do

tarla long - móide a mheanma -

i n-ucht chaladh ar a chionn;

fá lucht faraimh a fuirionn.


20 Uain chalaidh níor cuireadh air,

isteach mar théid an bráthair;

an sgaoth ó chaladh do cháidh;

gaoth ó thalamh dho thiomáin.


21 An bráthair tar bord amach

do thuit uatha as an arthrach;

is é ar dromchla mara amuigh

fa mana orchra ar fhéachain.


22 Gabhais an bráthair ar bhais

- moighéanar dár fhear eolais!;

raon acht an grinnioll níor ghabh;

ón naomh dob innioll iongnadh.


23 Grian an mhara - gá mó feart?

do bhí aca ag imtheacht

- clú an bhráthar do shín ó shin -

i dtír gan bháthadh beiridh.


24 Más fíor, ar n-iompódh tar ais

[...] san géarbh fhada an onfais

re a fhliochadh, dar lat, níor fhan:

níor fliochadh brat an bhráthar.


25 A San Proinséis na ngíomh nglan

rug an bráthair ó bháthadh,

beir ó bháthadh sinn mar sin;

a chinn na mbráthar, beiridh.


26 Sirim ort anamhuin rum

ó tá ’dhíoth eolais orom;

an t-iul id dheoidh déana dhamh,

a réalla eoil na n-éarlamh.


27 Oirbheire Dé dho dhealbh sinn

gidh bé turbhaidh fá dtuillim,

a chroinn chubhra naomh nimhe,

claon let umhla ar n-oirbhire.


28 Atá i ndiaidh ceo cruinne

bagar ceatha chuguinne;

ar do sgáth is dolta dhúnn,

a bhláth corcra gan chlaochlúdh.


29 Dá dtogra Dia diultadh rinn,

a San Phroinsias, ná fuiling;

féach oruinn, a chnú chroidhe,

tú thoghuim mar theachtoire.


30 A San Phroinsias, freagair mé

ós tú mh’aighne is mh’fhear coinne;

fagh mo fhreagra ó Righ Nimhe

do bhrígh th’eagna dh’impidhe.


31 Do mealladh sinne mar soin

gan ghrás an Athar dh’iarroidh;

dhá dtí dhom ulc mh’éara féin

do-bhéara a hucht an fhíréin.


32 Do-chí féin nár bh’fiu mheise

sgéal mh’anacail d’inneise;

ós é do sgéal aingheas inn

mh’aighneas id bhéal do-bheirim.


33 Goin bhonn is bhas is ochta

fuarais i n-íoc th’umhlochta

- íoc nach fuighthí acht san umhla -

dhíot nach cuirfí a chomhurdha.


34 Chóig créachta do cuireadh ort,

a San Phroinsias, dár bhfortacht;

ar dhá naomh ní chuala a gcur,

a chaor bhuadha na mbráthur.


35 As mh’ucht féin ó nach fiu mé

síodh d’fhagháil, a Mheic Mhuire,

a hucht na naomh, réidhigh ruinn

gach sgaol dar éirigh eadruinn.


36 Mó is fada gur iarras air,

San Phroinsias, phréamh an chrábhaidh,

gan teacht d’fholaidh an Ríogh rinn;

mo dhíon ’na chomhair cuirim.


37 Uachtarán na mbráthar mbocht -

atá ar ndóich as a dhúthrocht

go ndiongna feasda díon damh;

teasda an díon muna dhearnadh.


38 Ag an mbochtacht dá dtug toil

tarla i mbraighdionas bhunoidh;

ní dhá neimhdheoin, do bhí bocht:

is seibhleoir í don umhlocht.


39 Ar mhéid umhla do-fhuair soin

oighriocht aingil an uabhoir;

do rinne mé daingion de

don aingiol ós é is oighre.


40 Tionnlaicthe nach tug achd do

San Phroinsias fuair ó Íosa;

is fiu fagháil na gcóig gcneadh

A mhóid ’na anáir d’fhilleadh.


41 D’éis chumuinn do cheangal dáibh,

créachta Dé - díochra an éadáil!

síoth ní doshnadhmtha ar a druim -

fríoth i gcomhartha an chumuinn.


42 A ord ós a gcionn do chuir

gidh iomdha na huird chrábhuidh;

do na hordaibh cia ar nar chinn?

Dia dho ordaigh an uirrim.


43 Na tiodhlaicthe tugadh dóibh

San Phroinsias fuair onóir;

a gcion soin ar ord ní fhuil

a bhfoil re a lorg do leanmhuin.


44 Rem chiontaibh dhá gcuirinn druim,

San Froinsias is air iarruim

na cionta dho chonnmháil uaim

’s gan mh’fhoghbháil ionta an athuair.


45 Tuigeadh féin nach foláir dhamh

druid im chuinne le congnamh;

as is mó ar ndóigh go ndruidfe

ós dó is cóir ar gcumuirce.


46 Aithnidh di dochar na mban;

bean í ar ar imthigh amhghar;

bídh báidh gach mná re Muire

’na láimh atá an trócuire.


47 Nír dhligh éinbhean - is iul grinn -

gan dóigh a hinghin Iaichim;

mar so is cóir dhon uile fhear

a ndóigh a Muire Mhaighdean.


48 An lá nach iontaoibh dhon óigh

cneadh an chroidhe is cúis dobróin;

cia eile budh ionchuir dhi

ar ionchuibh chneidhe A chíche? CIA 7C.