Poem in printable PDF format
Cia le
gcoiseontar m’anam?
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 12]
1 Cia le
gcoiseontar m’anam?
cia éisdfeas
[rem] uraghall?
díon m’anman - gá
cruaidhe ceisd? -
[mo thruaighe] an
t-adhbhar aitheisg.
2 Eagal damh nach
diongna achd cóir
breitheamh ceart
Sléibhe Si-óin
lá na coinne an
tráth thiocfa
cách ’n-a choinne
ar chuideachta.
3 Ar an sliabh i
gcoinne cáich
tiocfa breitheamh
laoi an luanbhráith;
breath do-bhéara
dhóibh ón dligheadh
mo sgéala as cóir
creidfidhear.
4 Ann do-chífear
an chros donn
- lá a taobhaidh
a-tá romham -
ar an luigh cealg
ar gcionadh
is fuil dhearg an
Dúiliomhan.
5 Fóir dia Luain
lá na deaghla
d’eagla fheirge
an tighearna
ar nguais-ne, a
mhaoir na meidhe,
do thaoibh
t’uaisle is t’impeidhe.
6 Go hÍosa an lá
do bhí i mbraid
ón Athair is tú
thánaig;
an lá do shil crú
a chroidhe
a nimh fa tú an
teachtaire.
7 Neamh
d’fhagháil fa ní do-ním
ó nach fiu mi-se,
a Mhíchíl,
cóir fleadh
d’fhagháil it ainm-se
neamh it anáir
iarraim-se.
8 M’anam thuas dá
chur i gcion
i nglóir
airdríogh na n-aingeal,
faghar thú mar
dhuais dána
ó tú i nguais mo
ghabhála.
9 Déin ar síodh a
Aingil fhinn
re mac inghine
Iaichim;
mo chean tharla i
dtréan t’itche
re béal m’anma ar
imirce.
10 Iarrfaidh
éiric ann for-íor
oram do mheas mo
mhíghníomh
[labhradh] san
Luan ar a pháis,
mo-nuar, is
adhbhar uathbháis.
11 Biaidh lá na
breithe buaine
- mór an
t-adhbhar anbhuaine -
a chion ar
comhair gach fhir
omhain don fhior
nach airigh.
12 Muna fhuilnge
Íosa ar m’olc
cara éigin dom
fhurtocht
mairg a-tá ag
teacht im eolas
a cheart an lá
laibheoras.
13 A-tá ’s ní
feitheamh fallsa
cara m’anma
agam-sa
gach aon [dá]
thoghairm fa thréan
darab comhainm
maor Míchéal.
14 Bíom ’n-a
leith i ló an bhrátha
dom dhíon ar
eagla an ursgátha;
an maor [do] char
dom choimhdhe
damh ní taobh re
tollairbhe.
15 Do bhualadh
séala mun sídh,
a mhaoir na
meidhe, a Mhíchíl,
is tú thaghaim, a
chnú chroidhe,
gabhaim thú mar
theachtaire. Cia re.