firstLine"; ?>

447. Cia lear muineadh Maol Mhuire? $
Length: long 37 qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. OCorbain 1701
  2. TCD1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  3. RIA 490(23/N/15)MmcPUiLongain 1740-
  4. RIA 257 (23/G/24) M.Og OLongain 1795-
  5. RIA 253 (F/iv/2) M. Og O Longain 1813
Motifs:
  1. Envoi to wife Grainne d. of Walt McSuibhne
  2. imagery for patrons
  3. comparison with others
  4. feasts
  5. Function of poetry
  6. patron’s liberality to poets
  7. English conquest of Ireland
  8. Hostages
  9. allusions to myths
  10. allusion to Ruaraiocht
  11. allusion to fairy mounds
  12. childhood/education
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Og
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Maolmhuire mac Toirdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia léar múineadh Maol Mhuire?

[TCD 1411 (H.6.7), 517 (2nd copy)]

Gofraidh Óg Mac an Bhaird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cia léar múineadh Maol Muire

ceisd ar chléir fhóid Ughoine

cia [hé] an t-oide thuaidh nó theas

dob oide agá bhfuair oideas?

2 Ní ceist í nách bhfuil ionchuir

ón teidhm-se a-tá ar Eireannchuibh

fá smacht slóig gasraidhe Gall

’na róimh amhsaine d’fulang.

3 Giodh iad fionnGhoill chláir Cobhthaigh

a-táid uile ó allmhúrchaibh

gan chead labhra gan luadh fleadh

truagh a ndámhna fá dheireadh.

4 Gá ttá[m] leis ní leanam do [518]

acht fionnGhoill is fiann Fhódla

siad mar bhróin giall a nglasaibh

gan diall dóibh lea ndúthchasaibh.

5 A-táid, gá truaighe púghair,

lór gach lá dá lagúdhaidh

dá ccló[dh] a n-éigean ’s a n-olc

fá bhrón nách éidear d’furtacht.

6 Síothcháin cheartGhall ’sa (a ccodhaigh) ccogaid

ní hualach nách ardób(h)air

idir uaislibh Gaoidheal glan

guaisneimh d’aoinfhear a n-iomchar.

7 Seanfhochain sin gan dul de

ní thugach [leg. tugadh?] ár dó aibhle [“.i. dá mhéid”]

nách tiocfadh neach éigin uaidh

gíodh creach eideigh a n-anbhuain.

8 As é iomchras mur éire [leg. eire]

míleadh ar Mhac Suibhne-ne

síothcháin ceart is cogadh Gall

tearc dán hobair a fhulang.

9 Tar uaislibh fhola Gaoidheal

cúis is cóir do chómhmaoidheamh

feidhm gach sdaruidhe ós [s]é sin

maruighe é ar gach n-aimsir.

10 Clú a síth is céim a ccogadh

tearc aoinfhear ’gár fhásadar

bhí siad dá leanmhuin lé a linn

gur mheabhraig iad ’na inntinn.

11 A-tá aige gá mó meadh

taramair do mhacaibh Míleadhs

mór ann dá fhíoraithne dhuinn

barr fíorchaithmhe is foirtiuin.

12 As mar sin fuair roimhe riamh

le linn chogaidh ghuirt Gailian

cáil tar a ionamhuil [leg. -amhla?] d’fior

a lámh fionnfhogla feinneadh.

13 Ní ceisd nách cóir do chur

gibe a-tá mar [a-]tá-san

tar fheinn Banbha thuaidh is theas

gá hadhbha ’na bhfuair oideas

14 A síoth Aodha ós Eas Ruaidh

nó a nDún Fionnachaidh fhionnfhuair

múr sirgheadhnach na slios slím

nó a lios fhinnmheadhrach Oilill.

15 Nó ag Boghmhuin ’na baile féin

nó ag Aongus dá oighréirs

fuair riar ar sgoil ag Sgáthaig

nó a ttoigh fhial Fhionnachaidh.s

16 Nó do s(m)uaimhnígheadh seal do

ag Bodhbh dearg mac an Dagh[dh]a

’s níor fhuirig féin go fortail

ó bhruíghin fhéil Adhbhartaigh.

17 Dar leat go ttug feacht eile [519]

tréimhsi ar fhoghluim íorghoile

ar sgoil an éachtghonuig uill

ag Coin céadfadhaig Culuinn.

18 Nó fuair fós gá réidhe rath

ag Conall chalma Ceárnach

fear comhluinn nár iarr uathadh

fogluim dhian san deargruathar.

19 Nó ag Manannán mhór mhic Lir

nó ag Mangán fhial fhaoillighs

gá ní as diamhar don dánacht

do bhí ag iarraidh ioldánacht.

20 Gur chaith fós aimsir eile

ag Fionn éachtach Almhuine

sé ag teacht tré a ghrua[i]dh ghloins

a bhfuair d’aiceachtr ’na bhfochair. [see 22d]

21 Ag mathaibh mhaicne Mileadh

fuair tar chách ar choímhshíneadh

clú bheódhachta dhá ghné ghloin

a ré ghleodhocra ghábhaidh.

22 Síol Néill is deaghfhuil nDálaigh

do bhíodh leis ’na leannánaibh

srath a theacht gach n-uair orrtha

a bhfuair d’aiceachtr eatorrtha. [“ i. treóirighidh (?) eolus foghla[im?]”]

23 A fhuil féin gá réidhe rath

síol Suibhne na ccolg ccosgrach

slata do-chuaidh ós gach coill

as aca fuair a fhoghluim.

24 Na trí tréighthe (fá) tuar annsa

do árdaig an fheaghann-sa

do mheabhair leis-[s]ion dá los

leanaidh seision a solus.

25 Buadh láimhe a láthaibh troda

barr ceannsa et ciallbhoga

gá roibheach is réidhe ceart

féile oineach is uaisleacht.

26 Fuair tar chách gan chéim cúmhga

feallsa niamhghlan nádúrtha

as glantoigheacht sámh dá sheal

marcuígheacht áigh na n-aimsear.

27 Tug Dia dá dhreich ndealbhghloins

Maol Muire mac Toirrdhealbaigh

a nguaisneimh na ngallsmacht tteann

annsacht tar uaislibh Éireann.

28 Bíd ’na lios fá a lán corma

lucht eólais gach ealadhna

laoich lé dlúthchur geall a ngliaidh

’s dream lé múchtar gach móirchiach [leg. -chiaigh?]

29 Bí[dh] gach nduine dár n[d]ábhaibh [leg. ndámhaibh?]

na húird is na hioldánaigh

mór meastar le tuile a ttoil

freasdal uile ’na adhbhaidh.

30 Inntinn fhial nár char cumhgha [520]

croidhe meardha measardha

deaslámh dár dlígheadh gach cion

teasghrádh fileadh is feinneadh.

31 Na tíodhlaicthe tuaras dail [leg. tail?]

fuair-sion ar feadh a shaoghail

saor ón Dúileamh gach dia a-lé

cia léar múineadh Maol Muire.x

32 Bainchéile ar ar bhuan gach snas

fuair seision mar gach sonas

as liaigh sean da n(d)-orchra í

bean ar nách dorcha deighní.

33 Fuair sí ó Cheárd na cruinne

tíodhlaigthe is tuar ionmhuine

ciall chaoin taisi et tromdhacht

aoibh is maise is measardhacht.

34 Do cheannaig gan cuid rádha

as airgheana anára

bárr ceana san tír-se a(t) tá

as méadha dílsi et deaghmhná.

35 Croidhe fairsing féile ghrod

bláth Suibhneach a slios Fánad

aigneadh onna nár fhaomh cion

craobh as córa dá cineadh.

36 Inghean Bháitéir bhláth chúbhra

as tearc bean a bharamhla

roibheach as réidhe croidhe

d’oineach d’féile is d’ionmhuine.

37 Tug Grainne iad dá haire

ar chongmháil a ccómhnaigh(th)e

cómhrádh séimh rian gan rólocht

meinn is ciall is carthannacht. Cia...