firstLine"; ?>

448. Cia meise a mheic an Chalbhaigh? $
Length: middling 16qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. Bruss Bibroy 6131-33Bk O’Donnells dau
  2. TCD1280 (H.1.6.) Hugh O’Daly 1758
Prints:
  1. transl. Celtica xxi, 34
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poets’ privileges
  3. liberality to poets
  4. English conquest of Ireland
  5. legal terminology
  6. casting lots
  7. asking questions
Patron Christian Names:
  1. Aodh Buidhe mac an Chalbhaigh
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill of Tinnakill, Laois d. 1619
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia meise, a mheic an Chalbhaigh?


[Pádraig A. Breatnach, ‘An appeal for a guarantor’, Celtica 21, 28-37]


1 Cia meise, a mheic an Chalbhaigh?

tug m’fhad ód dhreich dhonnabhraigh,

a fholt fiar cladhsholas corr,

ciall san amharas agam.


2 Do chuireadar gasraidh Ghall

ar sluagh Teamhra le tamall

dlighthe rodhocra um Chlár gCuinn,

gan dál gcobhartha chugainn.


3 Sgríobhthar leó i leabhraibh cunntais

don chursa, a chúl bachalltais,

ainm gach duine dá ndaoinibh

ar ngairm fuile bhfionnGhaoidhil.


4 Ní háil leó duine ar domhan

le tuaith nó i n-ainm ealadhan

nach bia ceann urradha air,

a dhubhmala sheang shochraidh.


5 Ní fheadar, a Aodh Bhuidhe,

dá n-iarrthar ar n-urraine

gá fear le n-aideómhthar inn

nó ceadh aigeórthar inninn.


6 Do toirmisceadh - truagh an bhroid,

ós dá chasaoid re caraid -

a bharánda an ghléire Ghall,

tréidhe m’anára iomam.


7 Do chleachtsad gasraidh Ghaoidheal

[gá dú ar chách dá chomhmaoidheamh?]

ró moirne go drásda dún;

ar ngrásda oirne ag iompúdh.


8 A seóid ríogh, a rún fionnfhuar

do-gheibhmis ón Ghaoidhealshluagh,

tús comhóla agus cuilte,

tús onóra is fhothruigthe.


9 Tarla dóibhséin fa dheireadh

sluagh Breagh na mbárc nduilleigheal

fa chrích bhféaramhail bhfinn bhFáil

gur shéanadair inn d’éanláimh.


10 Tiaghmaoid ainnséin re ar-oile

[sgéla Innse hÚghaine]

dream fan ro-dhaingne rún gáidh

do shúr chomhairle i gcéadáir.


11 Do cinneadh leó [lór do sgís]

don chursa an gcéin do bheidís

na Goill i bhfódmhaigh na bhFionn,

a roinn ar ógbhaidh Éireann.


12 Rug meise, a mheic an Chalbhaigh,

ainnséin ó na hollamhnaibh

tú do bhríogh ceartroinne croinn,

a dhíon deaghcloinne Domhnaill.


13 A cháor fháinne ar n-a hóradh,

a ghrian re hucht n-iarnónadh,

a thús líne clann gColla,

a bharr sídhe séaghanna.


14 A shéigh aille, a eó tobair,

a gheam cumhdaigh carrmhogail,

a ghruaidh sholas do shúir tol,

a dhoras rúin na ríoghan.


15 A shreabh ghlan do ghrian bhuinne,

a dheór bhríoghmhar bhalsaime,

a luibh chobhra clár Line,

a lámh chomhdha ar gceirdeine.


16 An tráth do cuirthí ’nar gceann,

sinne riamh, éigse Éireann,

an té dob fhearr dot aicme

dob é ceann ar gcomairce. CIA MEIS A MHEIC AN CHALBHAIGH