firstLine"; ?>

449. Cia meise no an mac-sa Seaain? $
Length: middling 24qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xxvii
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse: Martha Stafford
  2. imagery to describe patron
  3. poet-patron relationship
  4. Lapse of Gaelic ways
Poet Christian Names:
  1. Lughaidh (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O hEachaidhein
Patron Christian Names:
  1. Enri mac Seaain mhic Bhriain
Patron Surnames:
  1. O Neill Buidhe d. 1638
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia meisi nó an mac-sa Seaáin?


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 27]


Lughaidh Ó hEachuidhéin .cc.


1 Cia meisi nó an macsa Seaáin,

seabhoc Line na learg dtláith

nó cia sionn araon ó fholaibh

an chraobh fhionn le bhfoghair fáith?


2 Cia hagoinn thrá tharla ar seachrán

far seilbh dhúthchois, dáil nach soirbh,

bláth na n-eo fa calma i gcaoimhiocht,

nó an dtarla ceo i n-aoinecht oirn?


3 Gibé lé cuirthior ceist dhorcha

dhó féin tig a cur ó chruas;

lán súl, re budh deacra deaghoil,

leanta dhún tar seanoibh suas.


4 Níor chubhaidh do chloinn na n-aithreach,

d’ainm ollamhan d’adhbhur ríogh,

go dol dáibh do chlár na cruinne,

nár lán gráidh gach duine dhíobh.


5 Ní chreidim nach gcualaidh Énrí

d’éigsibh Éirionn thoir nó thiar,

cnú as aibhche ós gach cnaoi da chrobhaing,

draoi ’ga aicme romhainn riamh.


6 Ní chuala meisi ós mé as sine

sealbh ollamhan róinn ga fhréimh;

líonmhur ar dtogha ga thánoigh

ríoghradh fhola nároigh Néill.


17 Gidh eadh thrá, dá dtairgeadh Énrí

inbhe ar mbeathadh do bhúain dínn,

bídh i bhfírneimh cneidhe an chridhe

bleidhe d’fhínfhleidh fhine Ír.


16 Ní eadur ca háit i rachuinn

eidir ríoghraidh rátha Cuinn,

tearc fáth um nach bhfuighinn dímhes,

’s cuirim rem ghnáth díles druim.


17 Énmhac ríogh gan ollamh d’urláimh

ní fhuighinn d’uaislibh bhfer bhFáil;

tar gach éinní a chnú mo chnissi,

acht tú a Énrí is misi amháin.


18 Easbhuidh dhamhsa díoghbháil duitsi,

a dhreach líoghlan da len dé;

a thaibhgheoir comhadh chraoi Logha,

saoi ag rodhol amogha mé.


19 Ní fhiul oramsa acht easbaidh cumhduigh,

caith iomainn a ua na ríogh;

a chneas naoi gan tlás ’na thréidhibh,

ní cás saoi do dhéinimh dhíom.


20 Each nach faghann fer a gleusta,

groigh uasal más dúthchus dí

tuillidh béim don ghroigh da ngabhthair;

réidh ó thoil ní aghthair í.


21 An cú bhíos ar bheagán muirne

méin gealtachta as gnáth sa gcoin,

ní thóguibh súil re guth gadhoir;

uch, as dúin fa samhoil soin.


22 Ceo ar m’ealadhain fa hé a samhail

sríobh fíoruisge ar bhfás a feóir,

gé bheith righte re bruach bealoigh,

ní slighte cuach d’fheraibh eóil.


23 Leigmid dínn a ndeachaidh thoruinn;

tairgther síoth ar son bhar locht,

suil tí thrá teasghoil id thonnfhuil,

má tá easbhaidh ollaimh ort.


24 Gach a ndligheann ollamh airdríogh

iomchair liomsa. a mheic mic Briain;

sgath mo thagra ó nár thréig t’fhine,

léig gach agra dhlighe im dhiaidh.


25 Amhairc ar uaislibh mac Míleadh

’s a mhéd iomchraid da n-aos gráidh,

mar measa file fir Oiligh

righe ribh is doiligh dháibh.


26 Féch ar ollamh aicme Rosa,

an fhrémh fhíre ó bhfuile féin,

’s cách ga chora, acht gé céim dermuid,

ós cléir fhola nemhlaig Néill.


27 Feuchthar libhse don leith oile

ar Fher Flatha, file an tslúaigh,

a mhuirn soin ag sliocht na gColladh

sa riocht ’na bhfoil th’ollamh úaibh.


28 Osna th’ollaimh d’easbaidh dúthchois,

doilghe liom dod leacain thais;

ó taoi anosa i mbun do bháidhe

usa cur do láimhe lais.


29 An bhreath bertar ormsa, a Énrí,

eidir éigsibh fhóid Dha Thí,

a bhláth na gcleath a criaidh Chormuic,

id dhiaidh budh breath ordhruic í. Cia


30 Dá mbeire sí eolus orom

inghen Sir Framsaoi, flaith gall,

luaitter eala as a hucht d’fheughuin,

ón lucht ceana bheuraidh barr.


31 Eidir ógmhnáibh gall is Gaoidheal,

gruaidh leathchorcra ar lí na subh,

breath ga breith ón tráth as treisi,

cách i leith a deisi ag dul.


32 Do thréidhibh mná ag Martha Stathbhard;

stiúradh córa ag cosnamh críoch,

derc dán frémh an bugha barrghlas,

bél as lugha adhnus d’fhíoch.