firstLine"; ?>

451. Cia or cheannchas mo chosnamh? $
Length: long 38qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
Prints:
  1. transl. Studies xxxvii (1948), 84-90
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. comparison with own kindred
  3. poet attacked
  4. poet to be compensated ?
  5. cooperation btn English and Irish
  6. functions of kingship
  7. comairce
  8. legal terminology (cairt ar ccumairghe)
  9. other poet named
Poet Christian Names:
  1. sname only (NLI G 992, RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Patron Christian Names:
  1. Art mac Cuinn & mac Moire
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair Failghe fl. 1482-3
Apologue Subclasses:
  1. Calbhach O Conchobhair avenges poet
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia ór cheannchas mo chosnamh?


[Lambert MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 37 (1948), 84-8]


1 Cia ór cheannchas mo chosnamh?

ní héistear ar n-athosnadh;

mithidh linn a eol d’fhagháil

dámadh eol inn d’iongabháil.


2 Eagail nach aidémhthar dhamh

cia ór cheannchas mo chosnamh;

cur linn as lámh fa dhochar

dámh sinn ar n-a sárachadh.


3 Ní cheileabh ní [as] sia ná soin

an té ar a ttarla ar liamhain;

cosg cáigh as éidear le hArt,

náir is gan mh’éigean d’fhurtacht.


4 Dá mbeadh gan éncheannach uam

d’oighre Cuinn na ccolg ndiombuan

[ní fhuilngfeadh] só mh’osnadh air;

mo chosnamh as dó dhleaghair.


5 Do-chíd cách gur marbhadh mé

tar chumairce meic Mhóire;

sgéula dámadh áil le hArt

náir gan mh’éura nó m’fhurtacht.


6 Ní bhia meisi ag maoidheamh Airt,

dó féin as dúthcha ar ndíoghailt

- cá feirrde mé a dhúthchacht damh? -

dúthracht Dé muna dearthar.


7 Fada go bhfhuileongad soin

mo mharbhadh d’aicme Fhiachaidh

racht salann an oinigh d’éag

doiligh nach marann Mairghréag.


8 Ní bhiadh Féilim fa dhíon damh

ná Tadhg ná ar ccara Cathal;

ní bhiadh an Calbhach ná Conn

ná Brian a n-anbhrath umom.


9 Mithidh dúinn, cidh deacair sin,

celeabhradh don fhéin Fhailghigh

ó nach mar an mogal flath

nar ghabh cogar ar chumthach.


10 Cuiream cúl re hÍbh Failghe,

ceanncham cairt ar ccumairghe,

mar do-ní an Gall gabham soir;

ní mharann clann an Chalbhaigh.


11 Druim riu do ba deacair dhamh

muna mhaithdis mo mharbhadh

rú madh sgarthain dá sgolaibh

marthain do chrú Chonchobhair.


12 Braithim d’Art - córaide ar gclódh -

gomadh urasa mh’iompódh

a measg Ghall ní gabhthar sinn

a ccarthain an tann tairgim.


13 D’éis charad do dhéanamh dhe

d’éis charthana meic Mhóire

dul uadh damadh éigin damh

truagh ’s gomadh éidir mh’fhosdadh.


14 Leanmhain mo mharbhtha ó mhac Cuinn

mar shaoilim féin dá bhfaghuinn

don turusa linn as lór,

dob urasa inn d’iompódh.


15 Fuaras - ní d’adhnadh fholadh -

sgéal ar oighidh n-ollomhan,

an té ’sa fréamh ó bhfuilim;

lem sgéal as hé ionnsoighim.


16 Le druing d’uaislibh fhear Midhe

mac Aonghais ar n-oidine,

ceann ó cCobhthaigh, ceann na sgol,

torchair - nír fheall nar híocadh.


17 Oide éigeas innsi Fáil

do thuitim re cloinn gColmáin,

ní bhia mé ag maoidheamh an fhill;

do sgaoileadh hé fa Éirinn.


18 Tig an Calbhach fa loinn lais

d’agra mharbhtha meic Aonghais

díorma sluaigh go seol ccuradh

mar fhuair eol a ollamhan.


19 Mac Murchaidh is maithe cáigh

do dhíbirt chloinne Colmáin

do-niad énbháidh na n-aighidh,

siad d’énláimh dá n-ionnsaighidh.


20 Cruinnighid Gaoidhil Ghuirt Fhloinn

go Cnoc n-Aisde d’éis Dhomhnaill;

ann do breathnoigheadh an bháidh

ler leathnoigheadh clann Cholmáin.


21 “M’ollamh an leanfaidhi leam”

fiafroighis d’uaislibh Éireann;

freagra cháigh mun ollamh air

gurbh ollamh dháibh dá dhíoghail.


22 Gach neach dar fhiafraigh sé soin

dob í a fhreagra ar mhac Murchaidh;

“mé a ndeoigh a éarca as umhal

réalta eoil na healudhan.”


23 Bheith uile d’énaontaidh lais

a ndiaigh mharbhtha meic Aonghais

orfhuighle cháigh ima cheann;

dháibh fa comhuirle choitcheann.


24 Leannán folaigh chréche Cuinn

nír sguir do dhíoghuilt Dhomhnuill

go ttug fógra - cá dú dháibh -

a Fódla do chrú Colmáin.


25 Dénadh Art a aithris soin

tre fheall oirne d’fhuil Fhiachoidh;

ní dhligh gan díoghail an fhill

as ar ibh d’fhíonfhuil Oilill.


26 Dá mbeadh go n-éisdfeadh riamh ruinn

mac Móire nar dhiult doghruing

an fhuil ríogh as ithir d’Art

mithidh mo dhíon le a dúsacht.


27 Ní chreidim go ccualaidh mé

fuil uaibhreach Oilill Áine;

munar ghabh a ngruadhaibh Airt

uamhain damh gan mo dhíoghailt.


28 Fuil Chéin má do-chualaidh sinn

mó as fhada a-tá na toirrchim,

aire am dhíoghailsi do dhligh;

caidhe an fhíonfhuilsi Éibhir.


29 An lá nach bia ag brosdadh Airt

mar chongnamh dhúinn far ndíoghailt

fuil Chonuill ceann na ccuradh

oruinn cá fearr folmhughadh.


30 Fíonfhuil Chathaoir ór fhás Art

iongnadh gan í dom fhurtacht;

ní chualaidh teagmháil riamh ruinn

nach biadh na headráin aguinn.


31 Fuil Rosa ’sa fréamh ó bhfuil

fuil uaibhreach Bhreasail Bhealuigh,

an dá fhíonfhuilsi as díon damh;

mo dhíoghuilsi as díobh dleaghar.


32 Ós lé leantar do bhunadh

easonóir na healudhan,

an ccualaidh fuil Nuadhan Neacht,

go bhfuil mh’uabhar ag imtheacht.


33 Cara na héigne as sí sin,

do bheanas céill dom chairdibh,

- caidhe fuil Laoghaire Lorc? -

ní fhuil aonduine ar mh’fhurtocht.


34 Cá fuil dá n-áirmhim uime

dá ndeachaidh Art oruinne

nach orra rem dhíoghail díobh

tonna d’fhíonfhuil na n-airdríogh.


35 Do ghabhas geall ele air,

súil uaine an abhra chraobhaigh;

caithfidh mo riar gun rosg mhall,

ní bhiadh na thosd acht tamall.


36 Biaidh agam dá ndeachadh dhíom

fola uaisle na n-airdríogh

an taobh seang nó an ghruaidh ghealsoin

mur gheall uaidh rem uireasbhaidh.


37 Dá mbeath nach aontóchadh Art

ar gheall dar ghabhas mh’fhurtacht

an mhala sheang nó an bhas bhog

ní clos a gceann a charad.


38 An cumann do cheanglas ris

mac Cuinn a cceann ar ccairdis

beag nar dhearbhus nach bia ar bun

cia ór cheannchas mo chosnamh. Cia