firstLine"; ?>

453. Cia re bhfailtigh fian Eirne? $
Length: short 13qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Bruss Bib.roy 6131-33Bk O’Donnellsdau
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent. frags
  4. NLI G167 Semus MagUidhir 1727
  5. TCD1280 (H.1.6.) Hugh O’Daly 1758
Prints:
  1. transl. O Raghallaigh, ERMB, 58
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. clothes (sgingbearta)
  3. nobility of ancestry
  4. patron ‘aithghein’ of illustrious ancestor
  5. mercenary soldiers
  6. fertility under true prince
  7. prophecies of ruler
Poet Christian Names:
  1. Eoghan Ruadh (Brussels, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Rughraidhe & mac Brighid
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (born c. 1606)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia ré bhfáiltigh fían Éirne?


[Ó Raghallaigh, Tomás: Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, Galway, 1930, poem 2]


1 Cia re bhfáiltigh fían Éirne,

caidhe cúis a gcoimhéirghe,

na roimheannma ad-bath don bhrón

rath a dtoimheadhra ar dtionntódh?


2 Cia feasda re bhfáiltigh-sa,

cia mheadhras macruidh Thuathail,

d’éis choimhfhillti ar a séan soin

a mbél toirinnti a dtasgoidh?


3 Ó ló éaga Aodha Ruaidh

atá an laochruidh lán d’anbhuain,

i gceas naoidhion gus anocht

bheas ag caoineadh a gcumhacht.


4 Aodh Dubh oile ’na áit soin

rug an uairsi ar fhuil nDálaigh;

dia a n-aithbheodhuigh as sé sin,

aithreoghuidh gné dá ngnúisibh.


5 Ua Enrí, iarla Máighe,

oighre an ua soin Siubháine,

naoidhe thoirrcheas ar dtalamh,

aoidhe as oircheas d’fhiadhughadh.


6 Saoileachtain slóigh Sléibhe Truim,

dóchas beathadh chlann gConuill,

rún a gcridhe, fáth a bhfáilte,

bláth a fhine, a n-íocshláinte.


7 A ngrian nóna ag teacht do thoigh,

a nguth cuach ar cionn samhraidh,

a gceol síthe as a mbláth úr,

fríthe a ngnáth ón fhortún.


8 A ré nuaidhe, a ní foirfe,

a ngrís bheo, a mbrath méadaighthe,

cosg iarghná na taoibhe tall,

grian-lá saoire na saorchlann.


9 Gein buadha Conuill clodh-bháin,

ciall aislinge Adhamhnáin,

luach síor-asluigh Choluim cháidh,

d’fhíor-amhsuibh Chonuill Chruacháin.


10 Ó tá gach aoineach d’Ultuibh,

meanma gach Meic Gearultuigh,

comh-fhaoilidh ar a chionn soin,

na ro-mhaoidhidh inn amhlaidh.


11 Ní hiongnadh fáilte dá bhfuil

roimhe ag crích chloinne Dáluigh;

tarla athchruthadh dhí dhe

nach bí ar athruchadh oile.


12 Taisbéantar i dtlacht núidhe

aighthe a haosa iomthnúídhe:

críoch ghéig-fhillte na dtráigh dte

gan dál n-éigcinnte uaidhe.


13 Tréighfidh sí snuadh na tuirsi,

cuirfidh an chríoch Chonuill-si

a sgingbhearta doghra dhi,

tingheallta a cobhra chuici. CIA