firstLine"; ?>

455. Cia re bhfuil Eire ag anmhain? $
Length: very long c. 54 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 O Curry transcr. of BOCD
  2. Copenhagen Ny kgl. Saml. 268b16-17c
  3. Book of O’Conor Don 1631
  4. RIA 540 (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
  5. TCD1361(H.4.20) T O Neachtain 1725-9
Prints:
  1. transl. Duanaire Mheig Uidhir no. ii
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery to describe patron
  3. qualities of patron’s character
  4. patron’s intellectual attainments
  5. Foreign conquest of Ireland
  6. territory as king’s spouse
  7. teagasga riogh (advice to a king)
  8. High-kingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Copenhagen MS, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht mac ConConnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Apologue Subclasses:
  1. Cormac mc Airt:instructions to Cairbre
  2. Donnchadh m. Briain : pilgrimage to Rome
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia ré bhfuil Éire ag anmhain?


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 2]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cc.


1 Cia re bhfuil Éiri ac anmhuin ?

mó is righin dá ríoghdhamhnaibh,

críoch na n-iath linnte leabhar,

gan triath innti d’áitiughadh.

2 Créd an corsa ar Inis Ír

ní fhuil oilén gan airdrígh

fedh seinEorpa ó mhuir co muir

acht ben cheineolta Chobhthaigh.

3 Ón chédló do-chuaidh tar muir

beth gan fher a ndiaigh Dhonnchaidh,

lór don bhaintreabhthaigh far bhen

brón ar glaintealchaibh Gaoidhel.

4 Fágbhuis Banbha ben Logha

Dondchadh mac Briain Bhóramha;

sgéul dob fhairbríogh le Fiadh Fáil

triall an airdríogh don Edáill.

5 Coróin ríoghachta fer bhFáil

rug leis a hÉirind fhódbháin;

dá oilithre an uair nár fhill

coimhighthe uaidh a nÉirinn.

6 A nÉirinn na n-es ttana

ní raibhe a ndiaigh Dhonchadha

- ní tuar onóra d’Iath Bhregh -

triath coróna dár creidedh.

7 Inis Fáil na bhfond nderbhtha

congnamh dá beith buaidhertha;

toisg Dondchadha tar sál soir

ó Chlár chormthana Chriomhthain.

8 Ní eile as esbhuigh d’Éirinn

tug folamh Ráith ríghFhéilim:

mallacht érlamha Fhóid Bhregh

énrogha na ccóig ccóigeadh.

9 Cuid eile d’anbhuain Fhódla

Gaoidhil uatha d’fhurfhógra

- cnuic thoghtha bhraoinindsi Bhregh,

tolcha taoibhmhillsi Taillten.

10 Cuid eile d’fháth a horchra:

Gaoidhil is Goill danortha,

gach neach díbh ag cor ’na cend

- an tír do thogh an Táilgeand.

11 Dá madh áil le hInis Bregh

aithnigh damh laoch nách léigfeadh

- críoch Laoghaire na ttrágh tte -

slán gach aonduine impe.

12 Má atá a holc ar a haire

cuireadh Bóind ben Laoghaire

fios uaidhe co Cloind cColla

croinn bhuaidhe ó Lioss Liathdroma.

13 Bíodh co bhfanfadh a fine

cuiriodh Éire d’áiridhe

fioss go ceinnbhile Cláir Bhregh;

cáir dá deirbhfine a dídean.

14 Siriodh sí cú dá cuaine

má atá, d’éis a hanbhuaine,

go fóill ag fértholaigh Fháil

dóigh a hénchobhuir d’fhaghbháil.

15 Ná faghadh ced ó Chrích Bhregh

dá locdaois laochruidh Gaoidheal,

ursa sluaigh férMhuighe Floind,

as sénmhuire a ccruaidh chomhloinn.

16 Ar tí a fhóirithne ar gach n-olc

súil do chur a cCoin Chonnacht,

gan triath ó tharla treimhse,

d’iath Bhanbha do bhraithfinnse.

17 Uime atámaid bhós dá bhrath

d’fhóirithin Teallaigh Temhrach;

triath na ríoghfhréimhe ó Lios Fhloinn

fios a fhírmhéine agoind.

18 Braithim do chlaoinTealaigh Chuind

nach rug breith ’na breith letruim,

’s nar chlaon le comhaigh tar cert

an chraobh thoraidh ón tuaiscert.

19 Braithim a-rís do Ráith Bhreagh

gurab hí an mhaith gan mhaoidhemh

ar chaith re cáintibh dá chrodh

- flaith nach cáintir a ccogar.

20 Braithim fós do Thigh an Trír

nách tug iomarcaigh d’airdrígh

’s nár iar taom d’iomarcuigh fhir

craobh ó fhionnochtaibh Uisnigh.

21 Braithim do Chnodhbha is do Cholt

nách dubhuirt mac Con Connacht

ní budh náir le fer bhfaladh

ar fedh cáigh do chendsughadh.

22 Bíodh a fhios ag Ráith na Ríogh

nár dhiúlt síoth, nár ob eissíodh

’s nár fhás taom égára ann

- craobh as édána ar anbhfand.

23 Bíodh a fhios bhós ag Bóinn Bhregh

nach ttug eiteach ar aoinfher

’s nár iarr ní ar dhuine ar domhan

- rí gach uile ealadhan.

24 Bíodh a fhios ag Cathraigh Cuind

nár gheall ní acht ní do chomhoill;

dob fhiú céile Cláir Da Thí

Éiri ar a láimh dá léigtí.

25 Cormac mór mac Airt Éinfhir

dó do chreid Clár ríghÉimhir,

ós Banbha do bhí treimhsi

- rí tarla ’s na tréighibhse.

26 Téid a mhac, nír mheisdi a ghníomh,

lá d’agallaimh an airdríogh

fuair sgríbhend ar Clár cCriomhthain

lámh dob fírfherr d’Éirinnchaibh.

27 “Caidhe, a Chormaic Chláir Eachaidh,”

ar Cairbre lond Lifeachair,

cnes seng budh tréine ar gach tír,

“na tréidhi as fherr ag airdrígh?”

28 Re Cairbri do chan Cormac:

“a chúl fiar na bhfochanshlat

dol dot fhregra ní lesg lem,

freagra do chesd ní cheileam.”

29 “Do thréighibh ríogh, a rosg dil,

foisdine re bhfeirg n-uaibhrigh,

gnúis náir budh caithmhighe ar chrodh”

do ráidh caithbhili Cruachan.

30 “Dála an ríogh, a rún airioch,

dlighidh bhós beith trócairioch,”

briathra an ríogh tre chert ccomhráidh,

“’s an recht ríogh do rochonnmháil.”

31 “Dlighidh fós flaith na Banbha

beith urusa n-agallmha,

a chúl fann órnocht iodhan,

’s gan mórdhacht ann d’airiughadh.”

32 “Gan rún bréige tre bioth síor

gan imresain gan eissíodh,

do dhlighfiodh triath Banbha Bregh,

a sgiath cabhra na ccóigeadh.”

33 “A mbraighdi do bheith a ngioll,

toirbherta d’fheraibh Éiriond,

d’fhiachaibh riogh fionnTolcha Fáil

a ghríobh iontoghtha Iomdháin!”

34 “Dlighidh gach airdrí iodhan

neimhiodh Éiriond d’áitiughadh,

a rosg raghlan go ngné nglais,

is adhradh Dé tre dhíoghrais.”

35 Comhairle Chormaic na ccath

do ghabh airdrí Fher Manach;

atá sí ó leabhraiph leis

do mheabhraigh hí ar aithriss.

36 Méin míleadh is fós flatha

atá ag rígh Fhóid fhionnMhacha;

damh ré ó Thulaigh an Trír

nír chubhaidh é acht ’na airdrígh.

37 Díol flaithemhnais fer a ghníomh

iontuctha d’ua na n-airdríogh;

a rádh as róimhithidh lem

lámh fá fhóirithin Éirend.

38 Furtacht uadh dá bhfaghadh sin

a beith ’na mnaoi ag Mág Uidhir;

feis nár nár do Bhanbha Bhregh,

ó tharla a ndán a díden.

39 Locadh suirghe ó bharr Bhóinne,

do dhíoth ceirt na coróine

nírbh fiú Banbha ben na nArt;

mo chen tarla dá tochmharc.

40 Nírbh infhéchta d’Inis Fáil

do bhréithir roimhir Ruadháin,

gan dol a n-adhbhaidh fhir Bhregh,

ós amhlaidh sin do saoiledh.

41 Luidhe leis nír lesg d’Éirinn

gein shocair shíl shaoirFhéilim,

tonn robharta choimhdhe cháigh,

oighri somholta Siobháin.

42 Iollánach iarthuir Eorpa,

sás beirthe breth ccineolta,

uaithne cothaighthi crú cCuinn

nách sochaithmhe a ccrú chomhlainn.

43 Lámh ar nách braiter buga,

branán óir Cláir Chermada,

geug d’iobhraibh Tighe Temhra,

bile d’fhiodhbhuidh fhínemhna.

44 Tairrngertach Críche Connla,

oidi an aoisi healadhna,

ré lán dan nemhghoire neach,

lámh is erlaimhe eineach.

45 Grés oide d’éis a sgagtha,

leomhan uasal Afracdha,

gríobh tseng ó bhánoirer Bhregh

lér sáraigheadh geall Gaoidheal.

46 Guaisseabhac go sén seilge,

beithir co mbuaidh ndíbheirgi,

frémh cothaighthi gach cerdo

dér dochaithmhe dílenda.

47 Breithiomh inntleachtach oirdhric,

file egnaighe umhoilghlic,

rí céillidhe nár chlaon breth,

nár fhaomh éinfhile d’eiteach.

48 Bradán Sinna na sreabh tte,

éigne saor srotha Bóinne,

eo Modhoirne na dtres dtrom,

romhaighre ó Es da Égonn.

49 Brég a ndeghmholadh díobh sin

nír chuir misi ar Mhág Uidhir;

an té as cend ar in cCollfhuil

as ferr é iná a n(d)ubhromoir.

50, Mac Con Connacht lé ag luidhe

- Éire inis Laoghuire -

cend na laochfhrémhe as díon di

a díol d’aonchéile aice.

51 Téid tar ógmhnáibh Indsi Fáil

geall einigh d’inghin tSeaáin;

bas bharrthana le mbí ar mbreth

banchara í don einech.

52 Geall clú tar énmhnaoi eile

ar fud Indsi hIughoine

fuair Mairghréc tar mnáibh ó oCuinn

failmghéc do-cháidh ó chonclainn.

53 Sduadh bhannda na mbriathar mall

inghen rígh Rátha Frémhand;

folt druimnech co trilis dtigh

ren suirgheach Inis Eimhir.

54 Roighne ógbhan Gaoidhel nGréc

ní cuid maoidhimh do Mhairghréic;

faghbháil béime ní dual di

a mbuadh ar fhéile aice.