firstLine"; ?>

456. Cia re gcuirfinn sead suirghe? $
Length: middling 22qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent. frags
  3. NLI G167 Semus MagUidhir 1727
  4. RIA215 (A/v/1)?late 17th c.(acc. to Knott)
  5. RIA 727 (23/C/33) M. OgOLongain 1810-
Prints:
  1. transl. Celtica xvi, 67
Motifs:
  1. messenger brings poem to patron
  2. envoi to wife
  3. imagery for patron
  4. nobility of ancestry
  5. poet as patron’s lover
  6. education of poets
  7. patron’s liberality to poets
  8. place-names for ornamental effect
  9. sead suirghe, wooing gift
  10. jealousy
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Mor d. 1554 (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Patron Christian Names:
  1. Maghnus mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (chief, dep. 1555, d. 1563)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia ré gcuirfinn séd suirghe?


[Pádraig A. Breatnach, ‘In praise of Maghnas Ó Domhnaill’, Celtica 16, 63-72]


Tadhg Mór Ó Cobhthaigh .cc.


1 Cia ré gcuirfinn séd suirghe

go curaidh chuain Mhodhuirne?

bu thuaidh mo leannán do luigh,

mo sgeallán uaim fa Ultuibh.


2 I Leith gCuinn cuirfidh meise

laoidh molta, an séd suirghise;

fada im dhiaidh bhus séd sochair,

biaidh ’na éd ar Ultachaibh.


3 Ó Domhnaill nár dhiúlt ollamh

d’énrogha is é rugamar;

críoch mo sgeallán is sé soin,

mo leannán é tar Ultoibh.


4 Fa mhac Aodha is iomdha riom

éd ag ollamhnuibh Éirionn;

mór sgeallán dá thigh targla,

leannán gach fhir ealadhna.


5 Níor chás éd acht éd na bhfear,

éd riamh ag ríoghraidh Ghaoidheal;

do bhí éd na ndaoine i ndán

fám shéd laoidhe dom leannán.


6 Suirghe sheabhaic Shídhe Truim

do-chuaidh reimhe ós aird oruinn;

tig ar-ís ’na heatail ghráidh,

ní deacair le grís gabháil.


7 An tsúil ar dtús tugas air

eite seólta sluaigh Mhurbhaigh,

sí ón uairse gan fhilleadh,

do bhí uaimse ar éinshilleadh.


8 Gach aird d’Éirinn ag éd ruinn

ar son ríogh fhréimhe Conuill

beid Gaoidhil fár séd suirghe;

d’éd aoinfhir ní fhéchfoimne.


9 A theachtaire théid anonn,

deimhin sgél sgaoilidh romham;

bíodh mo dhál ort ’na hoire

nocht mar tám, a theachtoire.


10 Searc Mhaghnois [gá mó oire?]

foillsigh thall, a theachtoire;

nach é mo chroidhe an cló coimse;

mó m’oire iná m’acmhuingse.


11 Mé mar bhrághaid bhíos i nglas,

leanaidh súil an séd charas;

deacair dol as go hollamh,

i nglas ’gun tol tarlomar.


12 Loch Feabhail na bhfiodh n-uaine

dá bhfaicinn feadh énuaire,

dar liom ní im brághaid do bheinn;

Fionn nó Fánaid dá bhfaicinn.


13 Nach faicim Drobhaois nó Dearg

nó Leithbhior na bhfleadh bhfíndearg,

[buadh tar gach n-inbhear uirre]

nó cuan linngheal Leanuinne.


14 Cuan Éirne na n-inbhear gciúin

nó Sligeach na sruth dtaidhiúir -

tiocfa riom gan é d’fhaicsin,

gan mé ós cionn an chalaidhsin.


15 Cuan Doire nó Dún na nGall

ní fhaicim, truagh an tadhall;

’gum chroidhe an aisgidh ní fhuil

gan fhaisgin Moighe Murbhuigh.


16 Tír Aodha asarbh ionchuir geall

clár óir is uaisle foireann;

in aghaidh Mhíne Midhe

samhail Tíre Tairngire.


17 Mo thoil d’airdrígh chinidh Chuinn

mar thoil mná ’na meidh chomhthruim;

gibé cédtoil do-bhir bean

toil sin nach édtair d’fhilleadh.


18 Dá mhéd d’fhalaidh dá n-uil riom

fán laoidhse ag uaislibh Éirionn,

ní fhéchfam d’fholaidh fám sheirc,

énchrann toraidh an tuaisgeirt.


19 Ní fhuil san réltuinn ruisg mhoill

nó san déd ar dath némhoinn

acht fuil díoghraise Chlann gCais

go barr míonbhaise Maghnais.


20 Im chroidhe do-chuaidh asteagh

doigh gráidh nach gabhann filleadh;

baoghal damh an doigh sheirce,

ó shoin do an d’imirce.


21 Bean ré dtarla tnúdh na mban,

slat réidh do ríoghraidh Alban;

ní hiongnadh tnúidh dá dtárraidh

d’fhiodhradh an chúil chamánaigh.


22 Inghean Aonghais nár ér sgoil,

a mbí ag ré tar an réltoin

- ní bhia mé ag minleanmhain de -

sé ón ingheanraidh aice.