Poem in printable PDF format
Cia rér fháiltigh
Inis Fáil?
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 19]
Fearghal Óg mac
Fearghail .cc.
1 Cia rér
fháiltigh Inis Fáil
do bhraith cách
uile d’énláimh
go bhfuil cabhair
a ndan dí;
rádh ’na aghaidh
ní fhuighthi.
2 Sgél a-tá ar
luadh a leabhruibh:
ní braitior feadh
fuairgheamhruidh
easaonta re trágh
ag tuinn
fa Chlár
gcneasaolta Criomhthuinn.
3 Do ghéisiodar
leath ar leath
Beoir, Life,
Siúir as Sligioch
as caoilBhearbha
na sreabh séimh
do-gheabh
aoinmheanma iaid-séin.
4 Siad a
n-énghuth re hEas Ruaidh,
Búill as Sionann
as seanMhuaidh,
[snámh
míonshrotha fán Maigh moill]
as príomhlocha
Cláir Chriomhthuinn.
5 A n-énghuth re
hEas Craoibhe
a-tá sruth na
seanDaoile
’s cuan
ríoGhaillmhe fa searg sriobh
as míonaibhne
learg Laighion.
6 Siad a
n-énghuth ré ’r-oile,
cuan Éirne, cuan
Corcaighe,
’s na srotha fá
chuan Cearmna,
a ngotha ag tuar
tighearna.
7 Tonn Rudhruighe
na ttráchd tte
a n-énghuth re
Tuinn Tuaighe,
do labhair
Cliodhna as Bóinn Bhreagh,
ní diongna dhóibh
a dhéineamh.
8 Meanma re
samhailtir sin,
an tráth tarla
’na naoidhin,
do bhí ar Fhódla
an fhuinn sgathaigh
ag fógra Chuinn
Chédchathaigh.
9 Siúir agus
Beoir as Bearbha
iar mbreith
Chuinn, cruth soidhealbha,
bos bharrghlan fá
cruaidh ccogaidh,
a truaill talmhan
tángadoir.
10 Bile Tortan,
ní sgél sgeoil,
Eo Rosa, ní rádh
aineoil,
teacht dáibh a
húir ’na aimsir
gá fáidh dúinn
nár dheaghfhaillsigh ?
11 Loch Riach,
Loch nEathach, Loch Léin
iar mbreith
Chuinn an chnis mhínréidh
[ag so am dhiaidh
an t-iúl agaibh]
a criaidh ’na
ttriúr tángodair.
12 Mar rugadh
Conn an chnis ghil
ní fríoth dúil
dona dúilibh
a ccrích
bhraointigh na sreabh seang
nar fhaoiltigh ar
fheadh Éirionn.
13 An dara huair
ní leasg libh
coilén do chuaine
an Chuinn-sin;
a bhean loighe
Éibhir Fhinn,
roimhe do éirigh
h’inntinn.
14 Tusa, a Philib
Phuirt Teamhra,
bheanfus di-si a
doimheanma;
an chríoch
thoghtha do fhuaigh Art,
ní fhuair orchra
acht ar iasacht.
15 A mheic Aodha
nár ér dháimh,
acht súil ret
fhurtacht d’fhagháil,
ní bhiath Éire
gan urraidh,
a sgiath fhréimhe
Raghollaigh.
16 A rádh as mo
iná mithigh,
tig dhíot Éire
d’fhóirithin,
fuinn tiorma na
sreabh síthe,
a bhiodhbha chean
ccoigcríche.
17 Urasa d’fhior
do mhéine
furtacht Bhanbha
braoinréidhe,
a ursa chogaidh
Cnuic Bhreagh,
gidh obair dhuit
a dhéineamh.
18 Maith an sás
Éirionn d’fhurtacht
tú as mó
fhuilngios d’anshocrachd;
gan bharr
uaibh-si ag Crú Chriomhthuin,
as tú as uaisle
d’Éirionnchaibh.
19 Codluidh tú ad
ghormlúirigh glais,
ibhidh tú ag díon
do dhúthchais
srotha millse a
ngabhlaibh gleann,
a fhaghlaidh
innse hÉirionn.
20 Ag iarraidh
chruidh ré cciontach
do-ní tú ar each
n-aigiontach
suan dot
aimhdheoin uair oile,
a thaibhgheoir
bruaigh Bóruimhe.
21 Lá eile ag
iarraidh fhoghla,
mar dhíon ar cró
caolomhna
lor lat
férluachair a bhfiodh,
a énbhuachail
Mhac Míliodh.
22 Ríomh h’uaisle
ní fhédfadh sinn;
a-ta agad ó
Éirinn
[cuid dot
fhaghuil, a chleath chró]
creach a
n-aghaidh na hénbhó.
23 Do-ní tú mar
as dual deid
dá échd ’san
échd, a Fhilib;
do choir ag
éineing ní fhuil,
gan dóigh ag
Éirinn ionnaibh.
24 Ní fhuil
t’égóir ag Ultaibh,
ní fhuil énbhonn
d’iomorcaidh
dod cháir ag
mínMhidhe a-muigh,
a ríghbhile Cláir
Chobhthaigh.
25 Ní mó a-tá
iomarcaidh ort
ag Cúigiodh mhor
Ól nÉgmhochd,
a shlat
mhaothabhla ó Bhóinn Bhreagh,
ná ag fóir
laocharmdha Laighion.
26 Gé lionmhar
Mumha Meic Con,
do chóir aca ní
anfodh
dá tteagmhadh
t’fhine a cClár Chuirc,
a bhile do lár
lubhghuirt.
27 A luibh
leighis Leithe Cuinn,
a leag lóghmhar ó
Liathdruim,
a shlat a criaidh
Banbha Breagh,
a liaigh chabhra
Mac Míleadh.
28 A Philib, a
dhuas deoraidh,
a mhéin aobhdha
inleomhain,
ní soghabhtha a
n-ágh ret uchd,
a lámh chobhartha
Connachd.
29 A lóchrann
fola Fearghna,
a chraobh áluinn
fhíneamhna,
a rún ríghinghean
bhFear bhFail,
a shreabh
d’fhírinbhior uaráin.
30 A chuach a
ndeoidh a dhonnaidh,
a lán súl síl
Raghallaigh,
a sgiath cosnuimh
Crú Cobhthaigh,
tú at orsuin re
hallmhorchaibh.
31 Tusa, a Fhilib
meic Aodha,
sás airgthe gach
éntaobha,
tú an ríleomhan
fan meirbh muir
do mhíneobhadh
bheirn mbaoghail.
32 Tú bheanfas
labhra as an Lia,
tú an chloch
uasal ón Innia,
tú an chaor a
ndiaidh an deargtha,
tú an chraobh a
criaidh choiseargtha.
33 Tú thug don
éigse a hanáir,
tú an séd a Sruth
Orthanáin,
tú an rédhamh ó
mhín Midhe
le ngébhar Tír
Tairrngire.
34 Tú leannán
Muighe Meadhbha,
tú céile na
claoinTeamhra,
tú as cnú cridhe
do Bhóinn bhrais,
nó as tú bile
phóir Pharthais.
35 Nó as tú an
tIollánach oirdheirc
nach umhal
d’fhior uabhoirneirt,
no as tú an
soidheach óir fá fhíon
as róimh
d’oineach na n-airdríogh.
36 Nó as tú cnuas
an chuill chorcra
le sástar aos
adhmolta,
nó as tú an
fhíonchaor do Chrú Chuinn,
nó as tú an
ríochraobh ó Fhrémhainn.
37 No as tú an
déidgheal ó Dhuibhlinn,
no as tú an
béilcheart briathoirbhinn,
nó as tú an
gruadhchorcra ó Ghurt Breagh
luchd luachmholta
d . . . .
38 Nó no as tusa
Filib féin,
a throigh sheada,
a bhos bhláithréidh,
a chneas
seangmhálla, a ghlún geal
nach neamhdhána
ar cúl caoilshleagh:
39 A ghrádh buan
gach fhir annaimh,
do ghaol féin
fuil Raghallaigh,
geall ar
ghníomhaibh as dú dí,
clú ós gach
fhíonfhuil aice.
40 Saor mé ar am
páis[e], a Pheadair,
a n-aimsir an
airteagail;
lochd ní
fhuighinn ar h’aithne,
ort chuirim mo
chumairche.
41 Fear a hiúil
ní fhaghann lochd
ar Róis, inghin
Chon Connachd;
rug barr ó
ógmhnáibh Eamhna
an mhall ógnáir
oireaghdha.
42 Filidh uaisle
Innse Breagh,
siad ar gach
taobh ’na timcheal,
inghion ríogh
fhréimhe Colla
do líon d’fhéile
eatorra.
43 Cor a clú rug
do roghuin
tar ríoghmhnáibh
Fhóid Fhearadhaigh,
a daghshamhail as
sí sin,
as baramhail i
d’Éimhir.
44 Díol cléire ní
choiglionn sin
inghion mhíolla
Méig Uidhir;
tug gan chradh ar
cCrú Airt-ni,
do ghabh an chlú
a cumairce.