firstLine"; ?>

461. Cia so chaoineas crioch Bhanbha $
Length: long 37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
  3. BL Egerton 111 F OScannail 1818
Prints:
  1. transl. ? Galway Arch Soc. Jn. x,
Motifs:
  1. internal dating
  2. Envoi to BVM
  3. prowess in war
  4. imagery for kingship (liaigh etc.)
  5. fertility in reign of just king
  6. functions of kingship (foraire)
  7. nature mourns patron
  8. death of patron signals end to peace
  9. death at outset of career
  10. general grief
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Diarmada (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid mac Eoghain mhic Eoghain
Patron Surnames:
  1. O Suilleabhain (1593-1618)
Apologue Subclasses:
  1. Cu Raoi: prosperity of his reign till died
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia so chaoineas críoch Bhanbha?


[Text below from RIA 2 (23/F/16) ‘O’Gara’, p. 207-8; poem edited by Annie O’Flatherty ‘A poem by Tadhg Ó Dálaigh’, Galway Archaeological and Historical Society Journal, vol 10 (1918) 46-57]


Tadhg mac Diarmada Í Dhálaigh cecinit [Date in qt. 32, 1618]


[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cía so cháoineas críoch Bhanbha

cía d’úaislibh na hathardha

fár leath br(á)oncháoi a sáoirlios slim

do mhórchlaoi áoibhnios Éireann.

2 A-táid fuighle a clog a ceall

a-táid gotha éan nÉireann

a-táid dáoine a sáorchlár sin

ag cáoine um áonchrádh éigin.

3 Sgéul ordhuirc dó [fh]idir me

chaoinid na ceithre duile

gan fhotha ní bhíadh a mbrón

ad-chiam a ccrotha ar ccláochlódh.

4 Dúil na teine tarthuigh léan

do chláon so an t-uisge an t-aithgear

do ghlac dhe teadhma an talamh

go ndéarna é dh’athrughadh.

5 Triath Bearra na mbeann muire

cuinge chríche Beanntruidhe

tar a ré an cás nach ceilid

a bás as é f[h]oillsighid.

6 An t-éag moch-soin mhic Eóghuin

cúis máoithe an fhóid ilcheóluigh

rinn ilphían an t-áladh thinn

as bádhadh imchían d’Éirinn.

7 Maith fear do theasda an tan soin

maith triath a-tá san ccomhroigh

dar lán ar neart gus a-niogh

maith lámh fán bhfeart do foilgiodh.

8 Bá leonadh loingsi coguidh

bá rún diochra dearloghuidh

bá glór teann ré tír nionáidh

bá ceann sidh Ó Súilliomáin.

9 Bá géag thromdha go tteas ccrábhoigh

bá géag gan [leg. go] ngáois n-ioldanaigh

a ttiomna an cháoimhríogh do chreid

biodhbh[a] na ndaóigniomh Diarmeid.

10 Deas abuigh iothrach deighshíl

caomthach ocht[a] Eibhéilín

cuing ghnathghuirt caoinigh ’má cheann

ar dháoinibh rathphuirt R[ao]íleann.

11 A ccrích Fhódla an eatuil bhuig

ní fhuil duine nár dhearmuid

ní fhuil dúil as céim cosmhuil

a réim lúith ’mun leanobh-suin.

12 Meanma dhubhach ’gá dháoinibh

moch don Bhanbha bhratfháoillidh

gáir threathanghuil chlog ’ma cheann

grod d’eatharmhuigh na hEireann.

13 Cóir cáoine ’mun ccráoibh cceiníl

dá mairedh mac Eibheilín

do-dheanadh sduagh bhogthrágh mBredh

a lúagh do ghortchlár Gaoidheal.

14 Droim gach [leg. gan?] leisge um lios tTeamhra

búdh lán d’fhoithnibh oireagh(a)dh[a]

gach cíogh ba lachtmhar ’mun lios

do ghlacfadh síon a súaimhnios.

15 Budh lán d’íasg gach innbhior glan

budh trom ngráin folt a fiodhbhadh

táom amhluaigh ní cleachtfadh ceall

do leagfadh anbhuain Eireann.

16 Ar fhiannuibh an aighein ghloin

do gineadh mac meic Eóghuin

maruidhe ná muire thíar

foruire mhuidhe Maicniadh.

17 Os é do dhligh a dhéanamh

armuid Clíach do choiseanadh

ar chliathuibh ruadhshoillsi reann

cúandoirsi iathuir Eireann.

18 Athuigh eile a ionnshamhuil soin

do Choin Ráoi na rúag ndionghnoidh

ré sgur uamhuin gníomhghuirt glíadh

do shluaghuibh míonghuirt Maicniadh.

19 An crioch-so chloinne Deaghuidh

ní bhfúair impe a eileaghuidh

a ndiaigh mhóide reachtChon Ráoi

róide a leachtchladh ní lámhtháoi.

20 Do chosnamh ar chéird ngoile [208]

slighthe míne an mhachoire

béilghe a sreabh no [a] cloidhshliabh ccorr

goirmrian a fedh ’sa fearonn.

21 Ní raibh[e] a reimheas na Con

dá mbreith a mbruighin bhiodhbhodh

lé loingsibh lúthbhárc seang

tar dhoirsibh úrthracht nÉireann.

22 Air leathadh loisi Teamhra

tre fheill oireacht sheinEamhna

teasdo(igh) a céile a ccathghoil reann

dar athroigh Éire a hinneall.


23 Ar ttuitim daighmheic Dáire

do chreachtuibh na congháire

tír easbhladhach na n-eang tte

gearr gurb easbhadhach Éire.

24 A ndíaigh an churuidh Chon Ráoi

do bhí Banbha an brúaigh gheagnáoi

’na muir theacht ’na conuir chean

’na tuluigh éacht is airgnedh.

25 Faighthe máoth an mhúir chladhuigh

dá foirnibh ag foghladhuibh

ucht gac séadchúain láimh do láimh

a hucht ghreagshluaigh dá gabhail.

26 Mur sin budh tionnsgnamh troda

a-táid ar ndul Diarmoda

breatha deacra ttrom ttionáil

ar fhonn sleachta Suilliomháin.

27 Do claonadh a cíosa soin

do brisedh a reacht a ríaghoil

do thrúaill gnáoi ghleannúr a gort

tré sheandhún mBáoi gan bhardocht.

28 Crodh faoide na bfhearann nglan

a-tá a-niogh fá neart mbiodhbhadh

do sgáoil trá úaim a hoireacht

san úaigh a-tá a tóroigheacht.

29 An troightheach ag togra a chroidh

d’éag choghnuigh Chairge an Easoigh

slógh na mbratchúan ’mun mbaile

mar[c]shluagh mór an mhachaire.

30 Do sgáoil síon na soighnean tte

a cumunn ré crích mBéirre

do ghlac sí d’éig(h)in anáidh

nach éidir í d’iongabháil.

31 An liaigh do foirfeadh uile

creachta Bearra as Beanntruidhe

a-tá a n-úir Achuidh na nÉan

múir fár chathuigh a chineal.

32 Míle is ocht ndaighbliaghna déag

áois Dé sin is sé mhóirchéad

an lá theasda baothchrann Bredh

lá cheasda mháothchlann Mhileadh. [date 1618]

33 Cúig bhliaghna fithchead go fíor

áois an láoich gan locht soighniomh

an géag bhláth a bráondroim mblaidh

caomhnoim an tráth fá tteasdaigh.

34 Meisneach cead a croidhe soin

ró budh feidhm nair náonmhóir (?)

ag taisdeal tealcha troda

gaisgedh dearbhtha Diarmoda.

35 Fá beithir go mbuaidh ndealbha

fá méin go modh ttighearna

fiaghuidhe athuidh dob fhearr

riaghuidhe achuigh Éireann.

36 Fá gniomhuidhe ghreagh n-uaibhreach

fa loingseach loch n-anshuaimhneach

an tshlat tsháor go ccuing ccaithmhe

cráobh nar chóill a comairche.x

37 An Ógh rioghdha rug as-teagh

forghla sluagh ná sé n-aimsear

Ógh do thuair an teagh tilte

ní bean f[h]úair an imirce. Cía