firstLine"; ?>

462. Cia thagras Eire re hAodh $
Length: very long 46qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
  2. inauguration?
Manuscripts:
  1. NLI G167 Semus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. imagery for patrons (udhnocht)
  2. land as king’s spouse or lover
  3. cáin, tribute, tighearnas
  4. submission, comairce
  5. prophecies of Aodh Eanghach
  6. highkingship compared with homeland
  7. legal terminology (oidhreacht, agra, breith)
  8. gaming?
Poet Christian Names:
  1. Flann mac Cormaic (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1600)
Apologue Subclasses:
  1. Return of Domhnall Og O’D. to free country
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia thagras Éire re hAodh?

[NLI G167, 149]

(see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 43)

Flann mac Corbmaic Mhic an Bháird do chum so d’Aodh mac Maghnosa

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cia thagras Eire re hAodh

téid an imbert ann d’entaobh

cách da tagra ni thiocfa

ger ghnáth agra oidhriochta.

2 Tagra ris da raibh ag neach

do Ghaoidhealaibh ghuirt Luighdheach

anadh a leith na leabadh

no gabadh breith mbreitheamhan.

3 Cur ’na cheann fa chrích Lu(i)ghaidh

cia an t-einneach darbh iomchubhaidh

ga ciall san agra dob áil

acht mian tagra do thógbhail.

4 Ar mhac Mághnais móide ar mbrath

fada gan rígh Ráth Temrach

tárla a haontogha riogh rinn

a díol d’aontomha ag Éirinn.

5 Ráth Temhra ag taisgidh fleidhe

don Aodh Eangach d’áiridhe

ni meadh Sionann is sreabh chaol

fer nach ionann is énAodh.

6 Tír Chonaill ma fríth ar faill

dob iongnamh d’éis I Dhomhnaill

d’féin Éirne nir ffáth cumhadh

cách ar n-éirghe on urdhubhadh.

7 Mó ina mithidh le múr Cuinn

clodh a-rís ar fhreimh Conuill

lor d’údhnocht fa thegh tTemhra

lubhghort na bfedh bfinemhna.

8 Beith os cách do chloinn Dálaigh

a-tá orra d’fágbhálaibh

ni fhuair cinedh ar nar chinn

dar dligheadh a n-uain d’Éirinn.

9 Aodh Ó Domhnaill do dhion cáigh

do fioradh fúighle Bearcháin

techt d’Aodh go hUisneach Mhidhe

naomh tuirseach don tairrngire.

10 Ni beg Aodh os é a-derar [150]

do bhreith gill ar Ghaoidhealaibh

téid tar chrú an Chonaill or chin

cnú os crobhaing do-chíther.

11 Re cobhair as cóir feicheamh

fríth ’na ham an fhóirithin

do gheall draoi do chlár Cobhthaigh

a lán craoi do Chonollchaibh.

12 D’fuil Chonaill as séd sochair

fear iomhchair gach éndochair

tárla gabhal fa chloinn Chuinn

nach tamhan do choill chumhuing.

13 Gach gnáth dar leanadh re a linn

gach nós dar ordaigh d’Éirinn

acht roinn Chuinn ar chlar Lughaidh

fan ccuing dob áil anamhuin.

14 Ar Aodh ni héidir a ghuth

muna cóir ri ar Ráith Temhrach

cáin Temhra go tír oile

le righ Emhna a n-amhsoine.

15 A ndiaidh ríoghtha ri[ogh] Bernais

cóir tabhach a thighernais

rachaidh riomh ar chánaidh Cuinn

tar shiol nDalaigh d’Ó Dhomhnuill.

16 Do-chonncus d’Aodh ar clár cCuinn

oirches feicheamh re foghluim

ar tteacht na tráth da tileadh

bert ar fáth nach ffillfidhear.

17 Ar Dhomhnall Óg aithnidh dhuinn

tárla sgél ’na sgél iontnúidh

as ionann táom dáibh dleaghar

d’Aodh dob ail a fhoillsiughadh.

18 I Tír Chonaill cian o shoin

do dhruim cogaidh clann nDálaigh

do bhí an tír feadh na faghla

seal gan righ gan rioghdhamhna.

19 A mbruinn a mháthar tar muir

Domhnall Óg ger dhail deacuir

teid sé ar n-oidhidh a athar

doiligh é mar ordachadh.

20 Do bhí i nAlboin re hathaidh

an t-ua-sin Chuinn Chédchathaigh

gur fhás a fhíoch da aithle

’sa chrioch a ccás comairce.

21 Smuaine[i]s Domhnall sa[n] tír thoir

gur chóir dhó dol da dhúithigh

rí Uladh [leg. Oiligh] ar tí tilidh

ger dhoilidh í d’fóirithin.

22 Nir sguir go ttainic tar tuinn [151]

rí an tuaisgeirt go Tír Chonuill

cách ag deilbh fhaghla orththaibh

feidhm na cabhra ar Chonallchaibh.

23 Ar síth Aodha Eassa Ruaidh

tainic ’na cceann an chedúair

don righealbha as séd sochair

geg fhinemhna os Ultachaibh.

24 Frith le Domhnall doirbh an bhert

a ttaoiseach ann san oireacht

síol Néill fa comhtaibh da ccur

an ceim orrthaibh ’na uamhan.

25 Re Domhnall ar ndol ’na cceann

a-dubhairt cách go coitcheann

“tabhair féin freagra ar ar son”

egla Í Néill os da nochtadh.

26 “A dhomhan féin ag gach fear”

do raidh Domhnall fa dheireadh

as í freagra fuair O Neill

uaidh gan eagla [gan] oilbhéim.

28 Teid an coinni i ccenn Í Néill

Ó Domhnaill na nderc maillréidh

O Neill re a thánaidh da thoigh

réidh gan chánaidh gan chomhaidh.

29 Sgéala Domhnaill ’na dhiaigh soin

a ccoimheád orainn d’fiachaibh

siol Néill gur chuir fa chomhaidh

nir sguir don fhéin Eóganaidh.

30 Acht nach deachaidh tú tar tuinn

cosmhail ribh-si réim Domhnaill

toghaim dot chlú mar chomhar

crú Conoill ro-d chosnomhar.

31 Mar Dhomhnall Óg an airm chuirr

ag cosnamh cineoil cConuill

na bí taobh re cuid ccrannchar

druid a Aodh re hEoghanchaibh.

32 On chloinn-sin Néill na Naoi nGlas

ceannus cáich dhuit i ndúthchas

fuair Conall rogha et roinn

fola orainn fa n-abruim.

33 Ni fhaghaim fa uaim Banbha

cur riot do réir baramhla

o tá siol cConaill fad chuing

an chrobhaing riogh o Fhremhuinn.

34 Fada a-ta sul táinig sibh

dáil cabhra do chrích Éimhir

da fógra dhaoibh mar dleagar

naoimh Fó[d]lla dot fhoillsiughadh.

35 Tuig a Aodh nach é dleaghar [152]

bheith taobh re cuid cúigedhaigh

náir sin is Temhair gan táth

sibh i nEamhain mar óglách.

36 O thulaigh Cuinn congbhaidh sibh

Eass Ruaidh is radharc Leithbhir

re bél do thocht don tealaigh

tren ort ag an oileamhain.

37 Iomdha taobh ’na tuigthaoi sin

an smacht nua-sa ag breith bisigh

ben ag teacht taobh re th’aithne

san raon nar cleacht cumairce.

38 Fa dhion Temhrach o thug lámh

biodh ar Choluim cosg Ruadháin

co ttárla ag Aodh ’na aghaidh

naomh a cabhra an ccualabhair.

39 Lór ar chan Cola(i)m Cille

do chur mh’iuil i n-aithghiorra

ar Aodh mar laibheorus leam

naomh gan aineolus Éireann.

40 Folchar mionshrotha sa[n] muir

Aodh Eangach aicme Dál­­­­­aigh

téid céim tar gach Aodh oile

mar as léir craobh Conaire

41 Ar Aodh ni hoirches a cheilt

Conall na cceimeann n-oirrdheirc

o chloinn Neill do fuair úmhla

on léim ni huair anumhla.

42 Do chuir cách ’s as cnesta a chur

Éire orra arna hathchur

marthain Banbha on ágh orthaibh

tarla an clar fa Chonollchaibh.

43 Síth Aodha i n-ucht Eassa Ruaidh

lucht do chealgaigh an cheduair

gan gabhail ar ghlór Temhra

mór an onóir (ealadhna) oilemhna.

44 O Aodh go heinfhear oile

ni medh do mhnaoi luaththoile

ben ag nach bfuil menma mná

toil na Temra ni thiompá.

45 Tír tárla ’na tuinn anfaidh

iomdha ar ceilt ag Conallchaibh

gur bhen Aodh a diamhair di

raon o fhiadhail gan aithni.

46 Os é as urra d’oidhreacht Cuinn [153]

cóir denamh ar Ó nDomhnuill

do dhruim faghla gach aicme

Banbha Chuinn ’na chomairci. Cia...