firstLine"; ?>

464. Ciallach duine fior uasal $
Length: short 14qq
Certainty: 4
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. miscellaneous
Manuscripts:
  1. NLS Adv.72/1/37 BkDean Lismore1512-
Prints:
  1. transl. Watson, SV, 236-9
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. faighdhe, begging
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Ciallach duine fíoruasal


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 32, p. 236]


1 Ciallach duine fíoruasal

gé do-chuaidh sé ré faoighe;

magadh mór do dhíothshloinneach

bheith ’g iarraidh dol le ríogha.


2 Éistibh dhíom d’ur magaireacht,

a shíl bodach is searrach,

’s a liuthad ceannphort baganta

leis a mbudh lánmhath m’fheadhan.


3 Folamhail mé Chloinn Dubhghaill,

buidhean as dáimheil comhrádh;

gé táid go gargha gasta,

ní asta dhéanainn foghnamh.


4 Comhdhalta mé Mic Cailéin

bheir ór go rath ré’r cliaraibh;

créad fáth má mbeinn go múchnach?

tá mo dhúthaigh i nIarlaidh.


5 Tá mo dhúthchas i nIarlaidh,

iarua mé do Chloinn Domhnaill;

ionnua mé Chloinn Ghill-Eathain,

bheireadh na catha comhraig.


6 Mac Duibh-shíthe Cholbhasa,

cha b’é fá-ríor mo shloinnte,

agus Mac Néill a Barraidh,

glan uasal a chuid sloinnte.


7 Mac Niadh táinig fám chuimhne,

agus Mac Suibhne féidhmeach;

Clann Leoid agus Clann Raghnaill,

na cinn fheadhna ón dtáinig.


8 Catánaigh agus Tóisigh

gé táid dhomhsa ’na gcairdibh,

Camshrónaigh is Clann Ghriogóir,

na fir a Brághaid Alban.


9 Stiúbhartaigh giodh fairsing iad,

sgaoilte fán chruinne chathach,

is seinsgéal cinnteach casluath,

’s dóibh tá seanmháthair m’athar.


10 I mBoth-fuidir ’s Bráid Alban

tá mo chairdean go líonmhor;

fir Chomhghaill ’g teacht im choinnibh,

bídh iadsan ’namo shloinneadh.


11 Clann Lachlainn is Clann Laghmainn,

Clann Néill ré foghlaim ghaisgidh,

cairdean domhsa Clann Támhais

ar bhun ’s ar bhrághaid Ghlasaigh.


12 Na fir bheaga bhaganta

bhitheas ar Srath na Tíora,

taidhlim Mac Dhubhghaill Chreignis,

is caraid domh Mac Íomhair.


13 Gill-Eoin tháinig a Muile,

bean ó Chuan Luing [...];

cha do chuartaich an cruinne

duine nach tug a [...] ghaol.


14 An cara daingean díleas,

más fear ré [......................]

[...............] an fear soin,

fear mór [. ..]. Ciallach.