Poem in printable PDF format
Ciamhair cráite
an croidhe-se
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 31]
1 Ciamhair cráite
an croidhe-se,
an croidhe-se is
ciamhair cráite;
ní bhfuil sláinte
im ghoire-se,
im ghoire-se ní
bhfuil sláinte.
2 Do marbhadh an
t-anam-sa,
an t-anam-sa do
marbhadh;
atá adhbhar
agamsa,
agamsa atá
adhbhar.
3 Ciamhair atá
m’intinn-se,
m’intinn-se atá
ciamhair,
ciamhair gion go
n-innsim-se,
gion go
n-innsim-se is ciamhair.