firstLine"; ?>

466. Cian do chuairt a Chu Chonnacht $
Length: short 10qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 625 O Curry transcr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. text Irisl. Muighe Nuadhat 1929, 41
Motifs:
  1. the English conquest of Ireland
  2. possibility of cooperation with English
  3. land exposed by patron’s absence
  4. house/furnishings
  5. oireacht, territorial assembly
Poet Christian Names:
  1. Brian (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Corcrain
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1608 [poem c. 1603]
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cian do chuairt, a Chú Connacht


[Breatnach, Pól: ‘Poems of Brian Ó Corcráin from the Book of O’Conor Don’, Irisleabhar Muighe Nuadhad 1929, 35ff., poem 3]


1 Cian do chuairt a Chú Connacht

dá bfheasta a bharr bhachollnocht

iath Eirne ann fa eire

badh ham déinmhe deifeire.


2 Mar atá an tír leath ar leath

dá bfeasta sa a chúl fáinneach

búdh cúis truaighe an dáil duitsi

tar chuaine an chláir Chormuic-si


3 Gan gean gáire gan ghlór grinn

truagh fian Eirne tar Eirinn

fáth a mbróin as cneadh chroide

a bfleadh óil a n-eólchoire.


4 On ló do thrialluis tar lear

atáid cách cuid dá n-imneadh

adhbhar bróin dót ghruaidh ghealtais

gan buaidh óil ná oireachtais.


5 Urlann do lis gan lúth greagh

gan chongháir gan chur gcraoitheadh

dob annamh riamh roimhe a-niodh

a chroidhe gliadh na nGaoidhiol.


6 Ar Loch Eirne an inbhir ghloin

gan fhaicsin uain bhar n-arthraigh

deór le gruaidh Manchoigh ní mall

le fuaim arthraigh na n-eachtronn.


7 An tír ar gach taobh do loch

mar do chíd cách gan chodhnach

beag le gach aon cuid dá chrodh

ná tuig nach taom dot thurnamh.


8 Ag rí Saxan slios mar chailci

bíth mar chách na chumairce

mar as gar dá fheólfhuil t’fhuil

fagh tar dheóraidh do dhúthuigh.


9 Gá d’támuid ris a rún glan

d’fhurtocht éigin do thalmhan

slán tar tuinn go dtí tusa

a chlí fhuinn na hEamhna-sa.


10 Mar a-deirim déuntar libh

más éidir a Mhéug Uidhir

a chinn sluaigh na dtachar dte

ar n-athchar uaibh as aince.