firstLine"; ?>

470. Cinn duinn comhairle a Chormaic $
Length: middling 22qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076(24/P/33) L. Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xii
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. poet-patron relationship
  3. decay of old poetic learning
  4. Foreign conquest of Ireland
  5. craftsmen
  6. Lapse of Gaelic ways
Poet Christian Names:
  1. Cian (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O hEachaidhein
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Airt mhic Sheaain
Patron Surnames:
  1. O Neill Buidhe. 7707
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cinn dúinn comhairle, a Chormuic


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 12]


Cian Ó hEachaidhéin .cc.


1 Cinn dúinn comhairle, a Chormuic,

san chássa, a fhéil ardordhruic;

lán d’egna is d’fhoghluim ó ataoi,

freagra ar bhforluinn dá bhfédthaoi.


2 Agso fuighleach áir t’ollamh

díor éisdeacht re ar n-agallamh

a eó Modhuirne, a mhúr cruidh

ag súr comhairle a chonsuil.


3 Do fhuathaidh cách ceird ar sean

ar ndol do ghlóir Ghaoidheal;

táinic críoch ar dtéarma isteach,

mo dhíoth sa beurla ar biseach.


4 Lán gach aon d’fhuath na bhfileadh;

beith mur táid do tairrngireadh

a dhearc sháimh, a shúil shochair,

’s dúil i ngláimh ’s i ngeocachaibh.


5 Iar sgur d’fhéile agus d’oineach

tugsad cách go crúadhchroidheach,

sgél neamhfholaigh dhúinn nach dleacht

cúl re ar n-ealadhoin d’éisdeacht.


6 Imtheacht Gaoidheal fhuinn Fhódla

tug an éigse d’fhurfhógra;

faríor a neimhneart aniodh,

gníomh san seinreacht nár saoileadh.


7 Ar mbeith beo ní breath Ghaoidhil,

mó as aidhbhsioch le handaoinibh,

mo sgél truagh an méidsi amháin,

’s gan luagh ar éigse d’admháil.


8 Do rinneadh bhós bailbh bhodhra

dá mair dar n-aos ealadhna;

cia an uairsi éisdeas re ar gcor?

léirsgrios na huaisle an t-adhbhor.


9 Díbirt sleachta Néill náraidh,

lén bhus aosda d’annálaibh,

tug mé tar chách gan chuimse,

isé as fháth don argoinsi.


10 Gaoidhil nuaidhe niamhghuirt Néill,

córa goill do ghairm dhíbhséin,

ní thig síad le saoidhibh scol,

má’s Gaoidhil íad ní eador.


11 Don druing nuadhsa ó nach díobh dhuit

cinn dúinn comhairle a Chormuic,

a mhaighre lúidh learg Line,

ga ceard dúin do dlighfidhe?


12 Ó’s sibh féin, a chnú chroidhe,

as aipche ’s as eagnuidhe,

malairt ceirde deunaidh dhamh

d’fheughain an feirde ar bhfabhar.


13 Sir na margaidh, a mheic Airt;

bíoth ad bhél: búta ar mhalairt:

ná hér iomlaoid ar a holc;

dod shén fionnmaoid ar bhfurtocht.


14 Tuirrseach sinn re a sén bhfadóil;

meall a cheird on chíoradóir,

i ngar mur fhionnmaoid uile

fagh iomlaoid ón úcoire.


15 Malairt ’na thráth dénaidh dhúin;

deibhidh ort! féch d’ar bhfortún,

as m’ucht, a ríghreulta rod,

re lucht sírdhénta snáthod!


16 Fearr dhúinn muna dherna sibh

malairt ceirde, a chruth suaithnidh,

drud ó radharc céille cáigh,

Éire ’s a hamharc d’fhágbháil.


17 Nó is caithte an ceathramhadh húair

dhúine dol, ionnsa an anbhúain,

a shénchrann go sliocht snoighe,

ar iocht réudhchlann Rudhroighe.


18 Muna dhéucha Dia is tusa

d’iarsma t’ollamh dúthchusa,

meisde a dtánuig dar nós náir,

atámaid fós ar faghbháil.


19 A ua Seaáin, saormhac Briain,

mheic Feidhlim, troigh ré dteinnghliaidh,

fóir, a fhlaith, loimcheas na scol,

oircheas gach maith do mhóradh.


20 Damadh beo d’fhuil Bhriain Bhallaigh

’sna crothaibh do chualamair,

mó ’ná m’anairc cládh o gCuinn

malairt fám dhán ní dhiongnuinn.


21 A ua ríogh rátha Teamhra,

a liaigh díochuir doimheanma,

sgaoilsi cuisle a damhnuidh dhi,

cuirsi anmuin san éigsi.


22 Síol Ríghnéill na n-euchd n-amhra

ní luaidhfinn lén m’ealadhna

rug tar céill ar dtuisle tinn

’na gcuimsi féin dá bhfaicinn.