firstLine"; ?>

472. Cion suirghe ag Eirinn ar Aodh $
Length: very long 49qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. envoi to Inghean Dubh dau. Semas & Anna
  2. nobility of ancestry
  3. comparison with all others
  4. comparison with own kin
  5. liberality to poets
  6. cooperation with English
  7. kingdom as ruler’s spouse or lover
  8. prophecies of ruler
  9. historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Maoilsheachlainn Og (NLI G167)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Moytura: Lugh kills mother’s father
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cion suirghe ag Éirinn ar Aodh

[NLI G167, 144]

(see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 42)

Ua Heódhusa .i. Maoileachluin Óg do chum so don Aodh remhraidte

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cion suirghe ag Eirinn ar Aodh

beatha druadh ag dol d’entaobh

tuar síth fúighle na bfileadh

an tsuirghe a ccrích cuirfidher.

2 D’fuil Chonaill go bfuighe[adh] fear

ar tús do thairrngeir Fitheal

do-chíthear dhoibh ’na dheaghaidh

d’Fitheal gur chóir creideamhain.

3 Fionn flaithfheinnidh fada o shoin [145]

suirghe rí[ogh] f[h]réimhe Dálaigh

ga fáidh ’na aimsir dob fhérr

do fhoillsigh do Raith Raoireann.

4 Sreabha balbha bláth tamhan

foghar cuain ar cciúnaghadh

creidte da ttaobh fúighle Finn

ar suirghe d’Áodh re hÉirinn.

5 O lucht eólais nuaidhe a-nois

fan tsuirghe-si mh[e]ic Maghnois

go Fionn Almhoine ni fhuil

tairrngire leam nar labhair.

6 Cion suirghe ar Aodh le hathaidh

’gun mnaoi-si Chuinn Chedchathaidh

nir léig sí tar cuimhne an cion

ni suirghe í ós íseal.

7 Ni bfuil do rioghradh clann cCuinn

tar éis righ fhreimhe Conaill

gur mhele Éire na éisi

ceile eile ar th’aithreis-[s]i.

8 Ar mhnaoi Briain do braitheadh lais

an toil fuair do mhac Mághnais

gnáth suirghe da car a ccion

fuighle na mban o braitear.

9 Críoch a suirghe re siol cCuinn

go denam ar O nDomhnuill

suirghe Banbha is [s]í ar siubal

ni tharla dhi a daingniughadh.

10 Gan cead do fhréimh Gaoidhil Ghlais

go ccuirfe an mac-sin Mághnais

ráth Féilim faoi go froigeach

teighim faoi go bfíorfaidhear.

11 Nir ghabh enrí d’aicme Cuinn

gnáth na rioghraidh[e] romhuinn

fríth ciall ina leanmhuin libh

Temhraigh (a) riamh acht a-réigin.

12 Ar Mac Con cuimhnighthear leat

clár Gaoidheal gur ghabh Corbmac

do bhí ag oighir Airt Aoinfhir

cairt chloidhimh re comhmaoidhimh.

13 Conn Cedchathach do-clos linn

na bí gan bheith ar t’faichill

do chlár Bregh da síne sibh

nir ghabh ríghe acht a-réigin.

14 Art Aoinfhir or fhás tusa

dom aithne nirbh urusa

dol da buain dínne ’na dheoidh

ríghe ni bfuair acht d’aimhdheóin.

15 Lugh mac Céin do chuala sinn [146]

gur thabhaigh cert chláir Féilim

do shéd samhail as [s]é sin

nir thabhaidh é acht ar éigin.

16 Ar an Lugh-sin do léigh me

tallann sgeóil ’na sgél fhíre

sgel nuaidhe fuair gach fisidh

dhúinne as uair da innisin.

17 Do bhí ag Balar na mbreath ttrom

i n-aimsir Thuath De Danann

rith a mháo(i)r ar fhiadh nEachaidh

gir [leg. gur?] sháobh ar iarr d’ainbhreathaibh.

18 “Cain Eirenn” innisidh dhamh

“ar feadh mo ré an mbia” ar Balar

“mar so ’ga tabhairt dom thigh”

ag labhairt dhó re a dhraoithibh.

19 “Le hoidhre th’inghine féin”

ar draoi(dh) da dhraoithaibh annséin

“do nocht néall dhúinn a dheimhin

do shén ar ccúl cuirfidhear.”

20 “Ar Mhagh Tuire[adh] na ttres tte

tiocfa an tairrngertach fíre

mo labhra” ar an draoi “as deimhin

an Bhanbha faoi fúigfidhear.”

21 Críoch Eirenn do bheith fa bhroid

Lugh an tan-sin go ttáinic

’na síth do bhí re Balar

do bhí an chríoch gan chathughadh.

22 Od-chuala an chrioch fa chánaidh

crithir feirge an Ioldánaigh

ni crithir í rerbh anta

do-ní fiuchadh foghartha.

23 D’fine Fomhra fógraidh Lugh

nac leigfeadh ger dháil dochar

Tuatha Dé fa dhaoirchion dáibh

is go sgaoilfeadh sé a siothcháin.

24 As í comhairle ar ar chinn

dol do chosnamh chláir Féilim

re fraoch gleoidh mar chuan chonfaidh

fa tuar leóin do Lochlannchaibh.

25 Fa shluagh Balair bedgaigh Lugh

mar sheabhac ar fhud ealtan

cain tighe Té gur thabhaidh

dob é an sidhe seabhcamhail.

26 Tar ais ni thérno da ttoigh [147]

do shluagh Lochlann an lá-sin

go Muigh Tuire[adh] dhóibh ar ndol

acht fuigheall áir in ógbhaidh.

27 Oidhre inghine Balair

an tsealbh aige ar n-anamhain

do shaor an tan-sin clár Cuinn

cosmhuil is dál I Dhomhnaill.

28 Oidhre inghine Í Néill

beg líon [leg. -m?] sgaoileadh sgeoil soiléir

an dara Lugh chláir Cobhtaigh

ar ccur áir ar Eóganchaibh.

29 An mac-sin Eithne et Aodh

da chleith chogaidh da ccomhgháol

’s nar ghaolmhar iad rer-oile

siad ar aonmhodh iorghaile.

30 Mac Siubháin ni cóir a cheilt

do chuir d’einleith an imbeirt

meadh comhtrom cura a troda

conclann Logha Lámhfhada.

31 Fa chrích Oiligh an fhuinn ghlain

ger theann siol Néill a-nuraidh

a-niu ni faghthar a faill

on athLugh do chrú cConaill.

32 Ar shiol Néill na ttacar tte

geabhaidh ar mbreith an bháire

cenn slóigh deighreachta Dálaigh

uain oighreachta an Ioldánaigh.

33 Go mbia festa ag fine Néill

ge fada on oighrecht aimhréidh

dóigh leam ga dál as deacra

lámh i n-err na hoidhreachta.

34 Úmhla do Ghallaibh ghuirt Floinn

ma fríth uaibh re headh tamoill

dob í críoch an úmhla ort

nach ffríth úmhla acht ar iasocht.

35 Na cluinter acht a cclos de

tú festa ag freagra cúirte

mar nar chubhaidh do chrú Cuinn

do Lughaidh as tú as tuaruim.

36 Bheith ar chúigeadh do chlár Cuinn

nir cheird dhuit it Ua Domhnaill

rioth do mháo(i)r ar fhein Uladh

at Aodh fein ’s go bfuarabhar.

37 Ar lorg th’aithread go nua a-nois [148]

do thuill tusa a mheic Mhághnois

don mnáoi Logha-sa lúadh ráidh

urusa re gual gabháil.

38 Mac Siubháin slat os fedhaibh

a cert ar mhnáoi Mhuiredhaigh

tar chuimhne do-chuaidh a chert

’na shuirghe go bfuair éisdecht.

39 Fa chrích Midhe na múr ttais

feirrde an cert a mheic Maghnais

seilbh chairte an fhuinn re hathaidh

ag maicne Cuinn Chedchathaigh.

40 Don radhuas do daileadh dhi

dáin doiligh tar bhuing mbéime

do chuir ga dail as decra

muir gan traigh a thoirbherta.

41 ’Na thuinn tesda acht nach tteid tráigh

nós na mara ag mac Siubháin

tárla lán rabharta linn

nach sódholta traigh thirim.

42 Geall da cclú go nuaidhe a-nois

do beanadh le mac Mághnois

siol deaghróigh rer dhoiligh geall

senróimh oinigh na hÉireann.

43 Fuil eile do bhreith a ba[i]rr

ni fuighthear le fuil Conaill

maith an t-am da fheaghair di

barr o gach enfhuil aici. CION

44 Bean inghill ’s an inghen dubh

i ccrích Cuinn no i n-iath Alban

rella ban chrú na cColladh

ar char clú ni chualamar.

45 A-tá a ndiaidh na clú do chu[i]r

inghen tSémais tráigh Thoraigh

lán mara clú os a ceann

clú ’sa tuile nach ttráigheann.

46 Biaidh teist inghine Anna

os eólaidh inn eatorra

’ga tógbhail céim os[a] ceann

ni béim ar ógmhnáibh Éireann.

47 Éigeann di ar ndáil [a] cruidh

folmhaighthear gach tráigh thoraidh

bronnadh dúas ionnuar oile

diombuan cnúas na conoire.

48 Inghean tSémais craobh os coill [149]

guais do chradh chriche Conoill

riar dámh nach mar da maoinibh

ar gan fhál ni hionmhaoidhimh.

49 Crú daghCholla nár dhiúlt cléir

an inghean dubh dreach shoiléir

beith dhi do mhéin a maicne

do-ní do chleir cumairce. Cion...