firstLine"; ?>

473. Cionnaim a-nois cia ar gcara (or “Fionnam anois� $
Length: middling 20qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597
  2. RIA 72 (3/B/14) trscr. < O’Hara MS1826
Prints:
  1. transl. Bk O’Hara no. xv
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Envoi to saint John the Baptist
  3. Material rewards for poetry
  4. Function of poetry
Poet Christian Names:
  1. Irial mac Aonghusa (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Cein
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fionnam a-nois cia ar gcara


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 15]


An tIrial céadna mac Aonghusa Í Uiginn .cc.


1 Fionnaim a-nois cia ar gcara

a n-aimsir na heasbhadha

dá mbeath mh’anocoil and

each ’n-a hanshocair oram.


2 Cia a-nos Ăł bhfuighinn an t-each

idir chlár Luighne is Luimneach,

ar meas tslĂłigh Ghaoidhiol is Ghall

acht dĂłigh a haoinfhear agam.


3 Go dol go sĂ­ol NĂ©ill a-nonn

- go dtí Dia dh’fhéachoin oram -

bead feasda choidhche dom chois;

toirnfe deasga mo dhĂ­omois.


4 Ar n-aonchara a-bháin a-bhus

- nĂ­ thig duini gan dĂşthchus -

gé leam ríoghradh Teamhra thall

Ó hEadhra d’fhíorbhun accam.


5 A ĂŤ Eadhra, aigneadh fial,

a chroinn do mhĂłrchoill Mhaicniadh,

ná diult damh fan méidsi a-mháin,

éisdsi agus gabh mo ghearáin.


6 Ní héidir dhúinn dol a bhfad

ag so mhé dom chois cugad,

a ghnĂşis tsliommall ghairthi ghlan,

fiondam haithne fat ollamh


7 Do-bhér duit díol ar a hson

fa molfoid cách do chonnradh;

feirdi ar mbreath, a bhoisghil bhuig,

nach each a n-aisgidh iarrmoid.


8 Ní hadhnáir dhoidsi, a dhreach sheang,

meas féin h’each agus h’inneall;

biaidh gan easbhoigh a luach libh

an t-eachsoin má luath láidir.


9 Do-bhér uaim ar an eachsoin,

ó tá orm d’uireasbhoigh

do bhreith ghealghruadh gan ghoradh,

teannluagh a eich dh’adhmholadh.


10 Do-ghéan dán díoghraiseach dhoit;

mairfidh so choidhche, a Chormoic,

dom chur suas, a chleath Chaisil,

each as duas don dĂ­oghraissin.


11 Girre ná sin saoghul h’eich

buaini an laoidh ’s ní mar leithbbreith;

cóir iarruidh séad ar a son

dá chéad bliaghoin do-bhéradh.


12 NĂ­ mĂłide go mairfeadh heach

a gcionn bhliadhna, a bhláth Muimhneach;

ós dó a-tám, a ghruadh ghairthi,

dán na suadh ní sochaimhthe.


13 Dá dteagmhadh dhí dealg ’n-a cois

ar a rioth do dhruim dhĂ­omois

creid dĂşnn, a dhreach mar lile,

heach ar ccĂşl do cuirfidhe.


14 Abuir riom, a rosg nuaidhe,

beir an rogha is robhuaine,

each dhuid agus deaghdhán damh;

neamhnár do chuid don chondradh.


15 Iomdha uaid go hÉimhear bhFionn

do toghadh ar chlú a gcéimionn,

dual dh’fhilidh athtogha ort,

dlighidh deaghcara dĂşthracht.


16 Gan dul a gcath dá chionnsa

maith cheanchuim each ĂŤ Eadhra;

fearr dá ghruadh gealmhálla grinn

a luagh deaghdhána díchill.


17 Maith an malartach mac CĂ©in;

clú ar mhaoinibh - gá mó deighcéim? —

do gealladh dá ghnúis corcra,

cĂşis nach mealladh malorta.


18 Inghean Toirrdhealphoigh, taobh slim,

bíodh liom ag déanumh díthchill;

a taoibh as dolta dhisi

mo laoidh mholta mhilisse.


19 Mar sin mhéadoighthear an mhaith

impidhe rĂ­oghna ar rĂ­oghfhlaith;

ordhruic an dá chéim cheiníl,

méin Chormuic ag Caiteilín.


20 Bíoth liom ar leithsgél mo ghníomh

Eoin Baisde, bráthair mh’airdríogh;

do shíorthogha in eoil ’n-a am

Eoin ar bhfĂ­orchara fionnam.