Poem in printable PDF format
Cionnas a-tá an
treabh-so as-toigh?
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 29]
Ruaidhrí mhac
Aodha Mic Raith .cc.
1 Cionnus atá an
treabh-so as-toigh
’na bhfaicmís mná
agus macroidh
ré bélaibh a múir
a-muigh
ag dénaimh lúidh
is lámhaigh?
2 Ó mhaidin go
nél nóna
mar do bheith
cúirt chomhóla,
gáir bhan is
macruidhe a-muigh
fán gcladh
ttlachtmhuighe tteasbhaigh.
3 Annsain dob
fhiadhnuisi sinn
ar dhuine as gach
aird d’Éirinn,
ar beith dreas a
ndoghruing sleagh
ag foghluim cleas
is cluicheadh.
4 Is ann budh
mionca meic ríogh
gan dubhachas,
gan dimbríogh,
ag dáil a séd ar
a son,
ar gháir théd i
n-a ttiomchal.
5 Is ann do
bhíodh Fiachaidh féin
ar lár an bhrogha
bhláithréidh,
is lucht
daghmholta duan nglan
is sluagh
armghonta a n-othar.
6 Annsain dob
iongantach liom
ré [a] bhfaicinn
d’éigsibh Éirionn,
é dá thol féin ré
gach fear
fá réir na scol
do scaoileadh.
7 Gach anshódh dá
ndeachaidh di,
treabh ’na bhfagh
file fáilti,
dar liom féin ní
doiligh dhi
ós léir a hoighir
innte.
8 Ré a thaoibh
san treibh-sin as-digh
má tá Róis an
ruisc shuaimhnigh,
ní doiligh leam
mar tá an treabh
má tá ar mo
cheann an chneisgheal.