firstLine"; ?>

476. Cionnas do fhuigfinn-si Aodh $
Length: long 31qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult (c. 1597-8)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Semus Mag Uidhir 1727
  2. RIA 215 (A/v/1) ?18th c.
Prints:
  1. transl. O Corrain etc ed. Sages, Saints.. pp. 32-42
Motifs:
  1. functions of poetry
  2. patron’s liberality to poet
  3. Persecution of poets by English
  4. poets inciting to war
  5. patron’s caithreim, list of triumphs
  6. harrying
  7. poet’s companach
Poet Christian Names:
  1. Cuchonnacht mac Maoilsheachlainn Oig
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (NLI G 167, RIA 215)
Patron Christian Names:
  1. Aodh (Ruadh)
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1602
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cionnas do fhúigfinnse Aodh?


[Pádraig A. Breatnach, ‘Cú Chonnacht Ó Dálaigh's Poem before leaving Aodh Ruadh’, Sages, Saints and Storytellers (Celtic studies in honour of Prof. James Carney, Maynooth, 1989), 32-42]


Cú Chonnacht mac Maoileachlainn Óig Í Dhálaigh ón Mhumhain do bhí seal fada i bhfochair Í Dhomhnaill, Aodh Ruadh, do-rinne so do, ria dtriall dá dhúthaigh.


1 Cionnas do fhúigfinnse Aodh

dá gcuirinn m’intinn d’éantaobh,

gé atá m’aigneadh ruinn dá rádh

druim re caidreabh mo chompán?


2 Ionnsa dhúinn mar tharla ar dtoil

eidir imtheacht is anmhain;

tairmeasg ní fhoil ar m’eachtra

’s mo thoil aimhleasg n-imtheachta.


3 Atá connailbhe an chridhe

re Cloinn Dáire is Deirgthine -

maith inleanta dhún don druing -

ag súr imdheachta orainn.


4 Meince ar nós gus anossa:

toil cháigh dá gcrích ndúthchasa;

meise isam doidhearaidh dhe,

treise an oileamhain oirne.


5 Triall nár chóir do chur romhainn

fágbháil sleachta saorChonaill;

tig fúm, ni deaghcroidhe dhamh,

rún ar n-eachtraine is iongnadh.


6 Atá cúis fa cóir feithimh;

córaide í d’oirchil,

dá doilghe sin, nach samhail

do bhir oirne anamhain.


7 Saoilim go gcuirfidhe im cheann

dom thír dhútchais dá ndigheam

[má atá a rochtain i ndán dhamh]

a lán d’fholtaibh gan ionnramh.


8 Aimhleasg liom aghaidh orra,

buaidhridh m’inntinn eatorra,

ar bhfaltaine eidir chath cniocht,

is brath m’antoile ar imtheacht.


9 An chéadchoir chuirfid ruinne

fian Ghall, gasraidh Londainne,

mé re hathaidh i nUltaibh;

dár rachoir é d’fhionnachtain.


10 Is sé adéarthaoi arís rinne

Aodh Ruadh, díobhadh Duibhlinne -

ní baothrogha, an té dan toil -

gurbh é m’aonchara d’Ultaibh.


11 Gá dám acht adéardaois Goill

go mbeinnse i mbaile Í Dhomhnaill -

sgéal oirn a fhionnachtain d’fhior -

fa mhoirn iomarcraidh aimsear.


12 Dá n-éistinn orfhuighle Gall

do bhiadh dá n-eagla oram

go séanfainn méid mo mhoirne

ó ghéig mhéarchuirr Mhodhairne.


13 Saoilim go mbiadh - gén go mbeath -

dá roichinnse i measg Muimhneach

luach ar moirnine ón taobh thall

d’oirbhire tré Aodh oram.


14 Dá mbeith go mbeinn gan chionta

saoilim d’olc a n-aigeanta

nach lamhmaoisne a char i gcéill;

bladh dár n-andaoirse eiséin.


15 Dá mbeimis bhail i mbeidis

maith chreidim go gcuirfidis

níos mó im cheann do choiribh;

mó is fhearr gan a n-ionnsaighidh.


16 Adéardaois más díobh meise,

aos cuma mo cheirdise

do-bheir i nGaoidhealaibh gomh

’s neimh ré saoirfhearaibh Saxan:


17 “Maoidhid orra uaisle a sean;

reacaid re macaibh Míleadh

Banbha gurab dóibh dleaghair,

labhra ar nach cóir creideamhain.”


18 “Ó’d-chluinid sliocht Gaoidhil Ghlais

ó lucht aindearbhtha an eólais

luadh ar a ríoghaibh reampa,

líonaidh d’uall a n-aigeanta.”


19 “Do-níd bhós - beag dá meabhail -

d’ionnlach Gall re Gaoidhealaibh

éigse puirt ainglidhe Ír

tairngire an uilc ’s an eissídh.”


20 “Sibhse féin mar gach fear dhíobh,

báidh leat móradh a míghníomh;

cóir a thocht dá dtíosadh ribh,

gríosadh olc is dot airrdhibh.”


21 “Do-bheirthea feacht, más fíor ruinn,

d’aslach airdríogh Chlann gConaill

cuairt go himlinn Midhe amach

d’inghreim Thighe na Teamhrach.”


22 “Maith do chuartaighthea re a chois

Bun Bóinne, iarrthar Iorrais -

dol díbh dob oire orra -

’s gach tír oile eatorra.”


23 “Dúin is aithnidh cuid dod chuing;

do-bheirtheá i ndáil Í Dhomhnaill

léim lúidh go saorthuaithaibh Sreing

tar naomhChruachain úir aoibhinn.”


24 “Do chuartaightheá uair oile

uachtar Eithne i nAnghaile

’s tír nár neasa don tír thall

le rígh Easa Dá Éagann.”


25 “Do thacmhaing tú, tiocfa ruibh,

críoch Maine agus Clann Chonnmhaigh -

lór orrdhairce na heachtra -

’s Conmhaicne ’na chuideachta.”


26 “Léir dhaoibh - ní do dhéanamh truim -

Áth na Ríogh ó fhréimh Chonaill

do ládh, tar comairche ar gcath,

tre smál lonnairthe lasrach.”


27 “Cía an tuath dúithche - adeirtheá sin -

ó Dhrobhaois go lios Luimnigh -

tig barr díoghalta dá dhruim -

gan fhíorfholta Chlann gConaill?”


28 “Adeirtheá ris” - rádh go ngomh -

“Mór th’fholta re cath Cruachan

Dámadh leathbhrosdadh é ort,

adlé creachlosgadh Connacht.”


29 Goill uathmhara inse Breagh,

riom adéardaois fa dheireadh -

cia dár dholta fa a ndlighthibh? -

“Lia th’fholta ioná a n-éilighthir.”


30 Gén go mbeith adhbhar oile

ag toirmeasg ar dtriallaine,

brath na naomh do Chathraigh Cuinn

sgarthain re hAodh ní fhéadfainn.


31 Measaim nach maith do-gheibhim -

olc uaras má imthighim

go Leith Mogha is daor ndlighthe -

dola ó Aodh ar imirche.