Poem in printable PDF format
Cionnas do
mholfuinn mac ríogh?
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 4]
Mac Con Ó
Cleirigh .cc. in uair do bhí sé a láimh a ccaislén in ríogh a
mBaile Átha Cliath
1 Cionnus do
mholfuinn mac ríogh
acht do réir
uaisle is airdghníomh? -
nar thúir a
ghruaidh do ghoradh,
dhúinn is uair dá
adhmoladh.
2 Cionnus is cóir
a mholadh?
ceisd is oircheas
d’fhuasgaladh;
móide a luagh dá
mhéid moltuir
gan bhréig uam,
gan iomarcaidh.
3 Díol molta
meath a dhála
mac ríogh gan rún
éugcára,
gan rún a chána
do choill
acht rún cára
agus comhthruim.
4 Is é is díorgha
bheireas breath,
is fhearr lámh ’s
as fhearr eineach;
mac ríogh mur é
ní fhaghar,
is diol é ar
adhmoladh.
5 Mac ríogh dá
fheabhus d’Ultaibh,
lucht in einigh
iomorcaigh,
geall Pilib riamh
ní rug;
cliar ní dhlighid
a dhearmud.
6 Ar ghaois, ar
uaisle, ar oineach,
ar chur chlú go
comhnuidheach,
mac ríogh ina
cheann do chur
dar leam is ríomh
[na] réultan.
7 Gan rún
fionghaile ná fill
gach mac ríogh do
fhréimh Fhéilim,
do-chím gur cáir
a mholadh,
lérbh áil tír do
tháthughadh.
8 Ní fhuil, dá
n-iar[r]thaoi gach taoibh,
énmhac riogh gan
rún míoghaoil
do mhacuibh ríogh
fhréimhe Cuinn
dhiobh, acht mo
chéile cumuinn.
9 Énchnú
mhullaigh na mac ríogh
gan chur ris do
réir dheighgníomh,
gan a chlú ar
urraidh oile,
cnú mhullaigh na
macroidhe.
10 Murchadh mac
Briain dob é sin
mac ríogh dob
fhearr ’na aimsir;
tarla a shamhuil
do Chrú Chuinn
a-nú ’na aghaidh
aguinn.
11 Mac Aodha is
Murchadh mac Briain,
cosmhail a tteisd
gan troimchiaigh
mur tá Sionann is
Bóinn Breagh,
dóibh acht nach
ionann aimsear.
12 Geall na mac
ríogh-sa Chláir Cuinn
ag Pilib ar chur
chomhluinn;
bas sheang gan
chuibhreach ar crodh,
geall na
Muimhneach ag Murchadh.
13 Mac Aodha nár
dhiúlt duine
’s an mac-soin
Briain Bhóruimhe,
gé tá a mbladh re
[a] chéile ag cur
ní gar dá chéile
a gcomhur.
14 Geall einigh
’na aimsir féin
rug Murchadh nár
thuill toibhéim;
clú na honchon do
Chrú Cuinn
a-nú re Morchadh
measuim.
15 A mheic an
ríogh gan rún docht,
ruguis tré rath
na mbeannacht
geall an fhir ó
fhiadh Mumhan
ar riar gach fhir
ealadhan.
16 A éusga lán
Leithe Cuinn,
saoghal
Fionnta[i]n dá bhfaghainn,
ní bhia mé acht
ag iomrádh ort,
a ré iomlán gan
énlocht.
17 Tú is míne a
measg do theaghlaigh
re héigsibh, re
hingheanruidh;
tú is déine ar
brú na bearna,
tú is féile ’s as
fáidheamhla.
18 Fear do ghill
do bhreith ar bhladh,
ger mhaith
foireann Chláir Cruachon,
do chrú Fhearghna
ní fhaghair;
tú is eallmha a
n-ealadhain.
19 Cia díbh budh
cóir ad chomhar,
suas dá mbeinn dá
mbreathnughadh
na mic ríogh dod
fhréimh romhuibh,
um dhíol do
chléir chomhadhaigh ?
21 Síol cCuinn an
aignidh fháthaigh,
is bíd uile ar
énláthuir
breath na cléire
is fhearr oruibh,
a ngeall féile
fuarobhuir.
21 Do ghaol riú
do réir einigh
ar mhéid
toirbheart tuigfidhir;
tar gach aon do
Chru Chobhthaigh
gaol ’god chlu re
Conollchaibh.
22 Minic
do-rinnis-si riamh
um chrích Uladh
is Oirghiall
oirbheart ná budh
nár do neach,
a lámh na
ttoirbheart ttaidhbhseach.
23 Ní béim
d’uaislibh Fhuinn Banbha
nach bhfuil fear
do bharamhla,
a Chú Chulainn
Clann bhFearghna,
a chrann fulaing
fíneamhna.
24 Acht go
sgaoiltear geimhle Gall
géubhaidh tusa
’na ttiomchall,
mur do-ní in
fhéithle fá fhiodh,
rí don Bhréithne
do braithiodh.
25 Iomdha sreabh
ina suan trom
ag cur leat
giongo labhrann;
iomdha fádh libh
ag labhra
agus rádh fhir
ealadhna.
26 Mac Aodha go
n-eineach ghrib,
ar chur cclú
do-chuaidh Pilib
[dáil duas ’sa
barr nach bearair]
bann suas tar na
sinnsearaibh.
27 Meic ríogh a
n-aimsir Fhilib
os a cheann ní
chéimnighid;
teid céim ós a
ccionn uile
mur Fhionn ós
Fhéin Almhuine.
28 Críoch
Bréithne ar nach bristear treas,
sí riamh re
hiomchar n-éigeas,
iomchraidh
éineang d’Fhiadh Eachaidh
cliar Éireann fá
ainbhreathaibh.
29 Rugsad
saoirfhir síl Fhearghna,
na croinn uaisle
fhíneamhna,
in tráth dob
fhearr an t-oineach,
geall ó chách go
comhnoidheach.
30 Tar éis dula a
ndíth [d’]fhine
do bhí a theacht
a ttairngire;
fásaidh do
shaorChrú chóir Cuinn
aonchnú do-chóidh
ós chrobhuing.
31 Beiridh do
bhreith gach ollaimh
céim suas tar
síol Raghallaigh;
mur is gnáth
minlinn fá mhuir,
cách ní hinghill
’na aghaidh.
32 A leath ag
Éirinn uile
do bhreith scol
Fhuinn Úghuine
[is í breath
fhala hEachaidh]
leath an bhladha
ag Bréithneachaibh.
33 Ní hiongnadh
méud a mholta,
gnáth rath a
ndiaidh dhaonnachta,
damh don
ríghealbha ó Ráth Cuinn,
bláth na
fíneamhna a Frémhainn.
34 Ríoghradh
mhear Muighe hEalta,
a cclú suas ní
soileanta;
gasradh
deighfhear ón mBóinn mbinn,
ní deireadh
dhóibh do dhlighfinn.
35 Máthuir
Chríost, cara an éigin,
rug a fine a
foiréigin,
maith in scáth í
dá haicme;
sí do chách is
cumairce.
36 Tar mnáibh
Banbha do bhreith scol
[acu is fada ó do
fágbhadh]
geall na féile ón
dáimh dhoiligh
do mhnáibh
fhréimhe ríoghUidhir.
37 Geall fírinne
agus féile,
geall deilbhe
agus deighcéille
beiridh sí ó
Mhóir Mumhan,
’s í ré Móir dá
meadhughadh.
38 Díoghruis
cruidh nír cheil ar chléir,
bronntur le Róis
go roiréidh;
cuid do bhuaidh
ban a haicme
nách bhfuair a
ccradh cumairce.