Poem in printable PDF format
Cionnas
do-ghéabhainn grádh Filib?
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 20]
Aodh Mac an
Bhaird mac Diarmada
1 Cionnas do
ghébhuinn grádh Filib
fiafraigh damh-sa
dá dhreich dhuinn,
gruaidh mar
chrithir gan chlo bhféile,
no an mithigh dó
réidhe ruinn.
2 Fiafruigh
dhamh-sa dá dhreich mhallghlais,
mac Aodha fá
hullamh ngliadh,
créd fá mbí gan
fháth am aghaidh
an tí as gnáth do
chabhair chliar.
3 Fáth diomdha do
dhénamh oruinn
ní fhaicim bhós
dá bhais sheing,
acht mé féin go
fóill dá sheachna;
don chéill chóir
as geabhtha greim.
4 Ós é as adhbhar
d’ua na n-airdríogh
a fhad bhím gan
teacht dá thigh
bíodh oirn gan
anadh ’na égmhais,
doirbh sgaradh re
a ghégbhais ghil
5 Ua Maol Mórdha
nach mion toirbheart,
teacht ’na
égmhais ní fhéd sinn;
ní fhoil ’gun
chroidhe acht an cleachtadh,
don toil roimhe
leantar linn.
6 Mo thoil ar tús
d’oidhre Aodha
nír aithrigh mé,
móide a chlú;
ná creid go
bhfédtoir í uainne,
sí ’na hédtoil
nuaidhe a-nú.
7 Mo ghrádh ar
tús dá dhreich dhonnbháin
[dol dá athchur
dob fháth sgís]
’na dhiaidh ní
ghébham grádh eile,
dénam an dál
reimhe a-rís.
8 A mheic Aodha
as oirdheire n-iomráidh,
ó nach éidir
toidheacht tort
bíodh fád mhéin
mo ghrádh do ghabháil;
a-tám féin dá
fhaláir ort.
9 Iomdha
d’uaislibh Gall as Gaoidhiol
fad ghruaidh
mínréidh nár char chradh
fuil dán cóir
ceangal ar síodha,
earradh as dóigh
díola damh.
10 Biaidh ar tús
ag tagra liom-sa
[budh lé ar síoth
do chur a ccairt]
fuil Raghallaigh
na riar ndoiligh,
daghurraidh
chliar Oirir Airt.
11 Maith an
cungnamh fá chosc bhfeirge
fíonfhuil
oirdhric Aodha Finn;
ní bhia sí gan
fháth am aghaidh,
sí tar cách do
labhair linn.
12 Fuil Fearghna
ní fhédfa mh’obadh,
annamh scol ’gá
bhfuil a fuath
[ni fríoth a cló
ná a séd samhail]
ní mó do fhéd
daghfhuil Duach.
13 Tiocfa
bogfhuil Bhriain mheic Eachach
tré fhuil
nDálaigh fád dhreich mín
ar síodh go
snadhma ré ’r-oile,
a dhamhna ríogh
Toighe án Trír.
14 An uair
ghabhuid ad ghruaidh chorcra
Crú Eochaidh tré
fhíonfhuil Néill
[ní dual a
ccleith um laoidh linni]
ná saoil gan
bheith rinne réidh.
15 Fuil Eochaidh
Mhuighmheadhóin mhordha
as Muireadhaigh
tríbh ag tocht,
as fuil gach
ríogh tré fhuil Fhiachaidh
go bhfuil ar
ndíon d’fhiachaibh ort.
16 Ní chreidfiodh
Cairbre na Cormac
[cúis ar ndíona
dod dhreich bhuig]
nár chóir dul fa
dhíol na bhfileadh;
cur rer ndíon do
dligheadh duid.
17 Art mac Cuinn
nó Conn mac Feilim
ó bhfuil tusa, fá
thuar clú,
ag sin dá roghuin
Cláir Chobhthaigh;
a modhuibh cháigh
toghthair tú.
18 Fíonfhuil
Tuathail na ttreas n-oirdhric
tre fhuil
Fhiachaidh fád ghruaidh ghil,
a chraobh do
fhréimh Tuathail Teachtmhair
do mhéin Tuathail
leantair libh.
19 Lughaidh Riabh
nDearg fád dhreich bhfaoilidh
is na Finn Eamhna
ór fhás so,
as Eochaidh
Feidhlioch fuair áiriomh,
buaidh
ndeighbhreath do dáileadh do.
20 A-tá dá
ttoghuinn a n-áiriomh
a n-iúl agam dot
fhult chas,
gach rí do thuair
muir dá mhaoidhiomh
dá bhfuil uaibh
go Gaoidheal nGlas.
21 Ní fhaicim
dhíobh [ní dáil bhréige!]
barr gach eolais
gé uair sinn
rí nár dhóigh fá
dhuilghe d’ollamh,
fuighle as cóir
do lomadh linn.
22 A chaor
bhuadha maicne Míleadh,
a mhaighre lúith
lingios troid,
na bí acht do
réir na ríogh reamhuibh;
síodh re gach
cléir dleaghair doid.
23 A bhrath
tochmhairc Tolcha Mongáin,
a mheic na
ríoghna ó Ráith Thé,
do chabhair
Teamhra as tú as neasa,
crú Fearghna dá
measa mé.
24 A ghég
fhíneamhna an fhuinn Bhréifnigh
ná biom choidhche
’nar dá ccuid,
a aoibheal bheo
go mbuaidh láimhe,
do-chuaidh ceo
dar ndáin-ne duid.
25 Ní duas eile
bhus diol damh-sa
ar mo dhán ód
ghruaidh mar ghrís
[ni dual ó chiort
cleith na toili]
acht bheith ’san
riochd roimhe a-rís.
26 Filib mhac
Aodha ar ccraobh chnuasaigh,
cruth faoilidh re
fodhail séd,
rún fodhla re
faigsin aoigheadh,
Connla ghaisgidh
Gaoidheal nGrég.
27 Mac Seinéd ar
ndamhna deighríogh
[díon a chlú, gá
céim as mó?]
an crann do
éirigh ós fheadhaibh
barr gach éinfhír
dleaghair dó.
28 Lámh leonta
laochraidhe Sacsan,
an sén fuair budh
feirrde a ghaol,
fuair a rádh
d’oineach as d’eagna,
soidhioch lán gan
eagla aor.
29 Mar tám
d’adhbhar airdríogh Bréifne
ní bhiam dá
nochtadh ní as mó;
a-tá a ghrádh go
mór dár meadhradh,
lór ar ndán dá
dhearbhadh dhó.
30 A-tá cuid dár
cceangal síodha
[seolfaidh am
cheann coinne réidh]
ag inghin
mhaordha Méig Uidhir,
géig aobhdha ren
duiligh dréim.
31 Bíodh Muire,
máthair an airdríogh,
dom fhurtacht mar
iarfus sionn.
cosmhail nár chás
réidh a raluit,
a grás féin do
anuic ionn.