firstLine"; ?>

48. A dhuin thios ata it éanar $
Length: long (34qq)
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. BrussBib.roy6131-33 Bk O’Donnells dau
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  4. RIA1387 (23/O/78) Uill.R MacCoitir 1723
  5. NLI G167 S. MagUidhir 1727
Prints:
  1. text (O’Rahilly MD ii no. 56)
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. war with Foreigners
  3. cios
  4. contrast btn former joy & present grief
  5. medical lore
  6. Historical comparisons
  7. house & furnishings
Poet Christian Names:
  1. Eoghan (Ruadh) Bib.roy.6131-33
  2. Maolmhuire (mac ConUladh)BOCD, RIA4,
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird RIA1387, NLI G167
  2. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh (Ruadh)
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1602)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A dhúin thíos a-tá it éanar


[Thomas F. O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 56]


[See also Ó Raghallaigh, Tomás: Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird poem 19]


Maolmuire (mac Con Uladh) Mac an Bhaird


1 A dhúin thíos atá it éanar,

mairg tárraidh do thaisbéanadh!

an cruth do cuireadh dod dheilbh,

a bhruidhean na sruth seinmheirbh.


2 Do múradh taibhle do thor,

do éirigh úir na talmhan

tar fhaolaibh do bhánchloch mbog,

an láthrach aonair umad.


3 Tairnig tú, tugadh do leacht,

do beanadh dhíot do dhraoidheacht,

do teilgeadh caoin do chlach gcuir

don taoibh a-mach dod mhúraibh.


4 Ní bhí, i n-áit bhar bhfleadh bhfinnte,

acht sruth fuar na firminte

ag dul treamhaibh ar gach taoibh,

a bhrúgh mar Eamhain orchaoin.


5 Is é dúnadh do dhoras,

i n-áit chomhladh gclársholas,

clocha aoil do bhairr fád bhun

don taoibh ar-aill dot fhionnbhrúgh.


6 Ós taisibh bhar bhfuinneóg bhfionn

is é i-niugh is ceól cuisleann

béarla na n-éan ’s an ghaoth ghlan,

is fraoch na néall dá nochtadh.


7 A chúirt doirseach Dhúin na nGall,

aisling dhuit, doirbh a fhulang,

a bhrugh na mbraonchlár mbleidheach,

dul san chlaochládh choimhidheach.


8 Fá tú, a mheadhrach an mhúir chuirr,

port oireachais chlann gConaill;

Teamhair comhdhála crú Cuinn

fá tú, a orghánna álainn.


9 Fá tú meadh Eamhna i nUltaibh

nó no Cruachna i gConnachtaibh,

nó an bhraoinleasa ós Bóinn bhinn

ba róimh aoibhneasa d’Éirinn.


10 Ionnad, a ghéagshlatach ghlan,

do caití cíoscháin Uladh,

do dhála gidh neimhthní a-nocht,

’s do-beirthí cána Connacht.


11 Uait do-chímís (cúis mheanma!)

sreath long i láibh céideamhna

do bharraibh do bheann gcorcra

go gcrannaibh eang n-éadrochta.


12 Do bheannaibh do ghairéad ngeal

do-chímis lúth each n-óigmhear,

lucht na sealg, coimhling na gcon,

a thoinnbhinn na learg líonmhar.


13 Istigh ionnad fá ól fleadh

do chímís catha Gaoidheal,

is ar t’fhaithche mhóir mhoighigh

d’aithle an óil i n-aonaighibh.


14 Truagh an dáil-se, a Dhúin na nGall,

tú it aonar d’éis na saorchlann

a-nocht gan mhoirn gan mheadhair;

doirbh an tocht ’nar thuiteabhair.


15 Cé a-taoi id chodchaibh fán gcriaidh nduinn,

tángadar do chrú Chonaill,

a mhúir ghil na saoirshreabh slim,

fir do chaoinfeadh do chréidhim.


16 Do bhiadh, dá gcluineadh do chaill,

meanma Mhaghnusa Í Dhomhnaill,

a leas fá tirmríogha tuir,

i gceas imshníomha umaibh.


17 Dá bhfaiceadh Aodh mhac Aodha

mar táid do mhúir mhíonaolla,

ní badh lugha, a rómh na ríogh,

a bhrón fád dhula i ndimbríogh.


18 Tú fós dá bhfaiceadh mar soin

Aodh Ruadh, an triath ród-thógaibh,

níor bh’iongnadh nár bh’aoibhinn lais,

a lionnghlan aoilshlim fhéarthais.


19 Fada go saoilfidís so,

a theacht, gé tháinig uatha,

a phort sruithgheal na sreath gcuir,

neach rod-chuirfeadh san gcruth-soin.


20 Ó Domhnaill Ruadh, do rí féin,

de tháinig, gidh teidhm aigmhéil,

lot do mhúir, toghail do thuir,

a dhúin fholaimh ós Iasgaigh.


21 Gidh eadh, ní ar ulca ruibhse

rod-cuireadh san crothaibh-se,

a ghealaitreabh fán mín muir,

le rígh dheaghaicmeadh Dhálaigh.


22 Do b’é adhbhar do thoghla

d’eagla dubhghall ndanartha,

a shlaiteabhar na mbrugh mbog,

do dhul d’aitreabhadh ionnad.


23 D’eagla go n-aibeórthaoi sin,

“Dún na nGall,” ribh dá-ríribh,

tug dhaoibh, a dhúin na nGaoidheal!

caoin do mhúir do mhionsgaoileadh.


24 D’éis na ríogh do riacht sonna,

fá ilphiastaibh eachtranna

mairg dhún do-chighseadh do chor,

a shlisgheal na múr míondubh.


25 Do dhíoghbhadh leis Ó nDomhnaill

fearr dhuitse ná Danarghoill

do tháth tiormthor is crios gcloch

tiomchal do lios ’s do leargshruth.


26 An té tug thú in bhar dtaisibh

cneiseóchaidh na créachtaisin,

guais t’easláinte dhíbh go ndeach,

a mhín leasbháinte loinnreach.


27 Dála an leagha, madh liaigh glan,

an uair fhéachas an t-othar,

do ríghthriath do roinne ruibh,

a dhínchliath chloinne Cobhthaigh.


28 Aithnidh liaigh leigheas na mball

ar fhéachain fhir na dteadhmann,

cáit i mbí bláth a shláinte,

’s gach ní is fháth dá easláinte.


29 Ní léig dúnadh a ndoras,

go mbeana a mbí d’amharas

is-toigh do thaobhaibh na gcneadh,

gan ghoin mbaoghail go mbíthear.


30 An liaigh ó chuireas ar gcúl

(is an t-othar trá ag téarnúdh)

a thoirse, a ghábhadh, a ghoimh,

doirse na n-áladh iadhaidh.


31 An easláinte is iad na Goill,

’s is é an deighliaigh Ó Domhnaill;

a threabh chrothghlas chrú Dálaigh,

tú othras an éagálaidh.


32 Biaidh ón triath lé dtáir do rath,

do dheóin Dé, Dia ’na thosach;

id chúirt shuaithnidh, taoibh re taoibh,

do chaoin uaighfidh re t’eascaoin.


33 Ó’s é lot do lios mballach

Aodh Ruadh, rí na gConallach,

sgaoilfidh sé ciaigh do cheasa,

badh é liaigh do leigheasa.