firstLine"; ?>

480. Cionnas frith fearann Luighne $
Length: very long 50qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597
  2. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  3. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir1723
  4. RIA375(23/C/12) Edm Dwyer et al.1762
  5. RIA493(23/C/18)Mmc PUi Longain1766
Prints:
  1. transl. Bk O’Hara no. vi
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery to describe patron
  3. patron’s irresistible attractions for women
  4. spartan life of warriors
  5. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  6. imagery for kingship
  7. territory as king’s spouse
  8. Kingly Functions:binding men together etc
  9. use of legal terms
  10. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Giolla Brighde (O’Hara MS, Stone
  2. Tadhg mac Daire RIA 1387, 375, 493)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
  2. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Cein
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Apologue Subclasses:
  1. The Phoenix
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cionas fríoth fearann Luighne?


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 6]


Tadhg mhac Giolla Brighde Meic Bruaideagha .cc.


1 Ciondus fríth fearand Luighne

ó rígh Fódla férghuirme?

fir bhoga cathurrdha ó gCéin,

foda ón athurrdha iaidséin.


2 Ní fearand fríth gan fhachoin

ó mhaicne Cuinn Chédchathoigh,

fuinn lánshocra do líon mil

le síol árracha Éimhir.


3 Mór do fhuilngiodur impe

d’imshníomh uile is aidhmhillte,

d’anbhuain chatha, dho chogthoibh,

sgatha in daghshluaigh dhíoghaltoigh.


4 Tadhg mhac Céin céidfhear do ghlac

Luighne a gcath Crionna ó Chormac

ar son a eadrána air

ar ccor theagmhála um Theamraigh.


5 Dála Laoi nar loc iomoidh,

mac Cormaic ghil Ghaileangoigh,

d’uaim a ghlainshlightheadh do ghabh;

ainmnighthear uaidh an t-achadh.


6 Ar chosg Í Ruairc fuair an fear

Luighne ó Ruaidhrí rí Gaoidheal,

flatha gan taithleach dtachair,

Taithleach chatha Conachair.


7 Cairt ar Luighne na learg nglan

ó Ching Risdeard rí Sagsan

do réidhigh Aodh Ó hEadhra,

an féinnidh saor soidhelbha.


8 A Art Ó hEadhra a n-Áth na Ríogh

rug Féilim -fada an t-imshníomh -

cóigiodh cairt an oirir fhinn

ar n-oicchidh Airt fa Fhéilim.


9 An seisiodh cairtse ag Cormac

ar clár bhfionn na bhfochanbhrat,

cairt as dísle san domhan,

an tírse a hairc dh’fhuasgoludh.


10 Laoi mhac Cormaic, ciabh na sreath,

Art is Aodh, Tadhg is Tailteach,

ní leig a ngar Luighni a lot,

ní mhar dá gcuimhni acht Cormac.


11 Sé féin as mhó fhuair dá hulc,

é bhus fearr seal dá sochrucht,

sé ar maith as cheand dá chineadh;

flaith ’n-a cheand ní cuirfidhear.


12 Ó aois naoighean gus a-niogh

ag cosnamh críche a shinnsior

a-tá taibhgheoir brúigh Bhearbha

d’aimhdheoin tnúidh gach thighearna.


13 Ní rug aonlá ar n-éirghe a-mach

ó aois leinibh laoich Theamhruch

ní ar talumh bhudh leathtrom lais

ar thamhan ndearccorr nDurlois.


14 Síol gCuind agus clanna Céin,

mór lá do-rinni riuséin

osadh síth comhdháil cogaidh

mun gcrích ttonnbháin dtiobradaigh.


15 Mór lá nar choigil Cormac,

gur shaor í ar a hothorlot,

sgaoi sheancholg dtirmlígeal tte

d’imdhídean leathbhord Luighne.


17 Meinic do bhí a bhas leaphar

fa cholg dtrom dá tuirseaghadh,

dá mbeath gur fhada in adhaigh,

’s a each aige ar aradhuin.


17 Meinic bhós do bhean chasnoidh

don bhais séghoinn solusghloin

crann sean as neamhfhoirfe neimh

ar feadh geamhoidhche geimhridh.


18 Meinic do cheangoil cuisne

an cneas nar chlaoi athtuirsi

re beirt bhfuair ngoirméidigh ngil

fa sduaigh choirrghéigil Chaisil.


19 Do ghabh Cormuc gu nua a-niodh

dó féin coidhche is dá chineadh

críoch Luighne ass í gan urraidh -

ní as duilghe dá ndubhramair.


20 Fuair Luighne na lubhghort bhfionn,

d’éis a dtorchoir ’n-a timchioll,

lot cáich is coimhdhe a chinidh

’n-a sáith d’oighre ar éinshlighidh.


21 An uair as dóthcha a ndol as

ar shíol gCéin as ann fhásas

pailm do mhórchrann trom thoroidh

’n-a lóchrand lonn lasamhoin.


22 Ní mór nach mac a samhla

Feniox an t-én allmhurdha

don ríghealbha do chloind Chéin,

na croind fhíneamhna a héinfhréimh.


23 Ní mó ná aoinén uile

iomthús na n-én neamhdhuidhe,

bhíos aca go bráth san bhioth

slata gan bhláth gan bhisioch.


24 Saoghal gach eoin don ealtoin

go gcuirthir é a n-illreachtoibh

- iomdha líne dh’fhiaghuin air -

míle bliaghain do bhliadhnoibh.


25 Én soin le bhfaghthor gach fios;

tionóilidh, an tan tuigeas

a bheatha a ndeiriodh ag dol,

sreatha teiniodh ’n-a thiomchol.


26 Do-níthior ainnséin re headh

luaithreadh beag dhe fa dheireadh,

go dtéid sé a n-illreachtoibh as;

mindleantair é as a eolass.


27 An luaithreadh cédna a gcionn trill,

téid sé re haimsir aithghirr

fa dheoigh ’s na reachtoibh reimhe

d’fheartoith an eoin ainglidhe.


28 Ní bhí éinmhí gan an t-én,

’s ní bhí dhíbh ann acht éinén;

iongnadh gach cás don dá chor,

fás is iondramh na healtan.


29 Mar soin do chlannmhaicne Chéin;

mar thiaghoid as go héinfhréimh

tig an fhrémh bhós ’n-a bile

do nós na n-én n-ainglidhe.


30 Uair is fiche fuair a lot

ó Thadhg mhac Céin go Cormac

gan aodhaireacht éinfhir air

saoroireachd céillidh Clároigh.


31 Ní fríth éanuair aca sin

nar fhás díbh dh’éis a n-imnigh

dá ndeirbhfhine féin dá bhfuil

ceinnbhile ó gCéin do chabhuir.


32 Fada do bhádur fa bhrut

go teacht chuca do Chormuc,

gur shaor geilfhiodhuch clann gCéin

an crann deireanuch díbhséin.


33 Amloigh do bhí a bhél corcra

’n-a naoidhin óig éadrochta

gan aithne ar achadh a shean

a haithle a athar dh’oighiodh.


34 Goirid d’aimsir dá éis soin

go dol dó a ndígheann cogaidh,

gruaidh fhinnmhíolla shuilbhir hseang,

fuilngidh imshníomha Éireann.


35 Mór dh’ulc fuair bhur bhfear suirghe

fad cheannsa, a chríoch sheanLuighne;

maith do chuir leis agus libh

gan fhoil a chneis do choigil.


36 Ó chéibh mbuig go bonn ttaisgheal

ní fhoil ball dá bhallaibhsion

- ní ró teasmholta ar thuir mBreadh -

nach phfuil treasghonta ad thimcheal.


37 Ní fhuair neach comhmaith an cheirt

a-tá ar Luighni ag laoch Deirgdheirc,

críoch na gclaontamhan bhfiar bhfionn

a n-aontalamh d’iadh Éirionn.


38 Míle acht dá bhliadhoin a-bháin

ceithri céad - ní cúis tseachráin -

don chrích ainghlidhe ag cloinn Chéin

gan ainbhfine ag roinn riuséin.


39 Andamh aoinneach riamh roimhe,

dá bhféachthaoi in réim ríoghroidhe,

gan cheart nua ar atharrdha in fhuinn

go hua gcatharrdha gCriomhthoinn.


40 Do shliocht Taidhg mheic Céin chalma

lór a fhad as atharrdha,

clár óir na gcraobhleas gcorcra;

dóibh ní haoibhnios iasochta.


41 Fuair Cormac féin mar gach bhfior

- maith do lean lorg a shinnsear;

’gá ní as domhaolta um barr mBreadh; -

comhaonta Gall is Gaoidhil.


42 Cormac mae Céin nar chlaon breath

far iadhsad ógbhoidh Luighneach,

a gcosg foghla, a ndíon docra,

gríobh comhdha na cródhachta.


43 A ré lán, a lán mara,

a ngrian tar éis fhearthana,

flaith as rodhaingne rún gnáth,

as úr comhairrle, a gconách.


44 A sgur feirge, a bhfraoch deabhtha,

a dtinne dh’ór aithleaghtha,

dar chaith an ríghe reimhi

a bhflaith fíre foirghlidhe


45 A mír chruadha, a gceann uidhe,

inghilt súla sochoidhe,

tileadh clár na bhfiodhbhudh bhfionn,

grádh na bhfionnbhan nach bhfaicionn.


46 Ciondus fríth mar fuair Máire

amladh óir ón amháille

dá deirc gcuirr mongfhabhroidh mir

ó ollamhnoibh fhuinn Éimhir.


47 Gé fhuair inghean Mhaoil Mhuire

d’aonláimh uatha a n-ionmhoine;

gidh bé dá dtabhroid a dtol

ní thabhroid é gan adhbhor.


48 A n-orrláimh dhuine ar domhan

acht dúinne an t-aois ealoghan

ar chóir taisgeadha ní thig

aisgeadha óir ná airgid.


49 A seoid bhuadha, a bruit chorcra,

tug sí sealbh a n-iasochta

don luchd taisgeadha do thogh

a huchd aisgeadha a n-ughdur.


50 Searc na n-éigeas dá dreich ndil

saoilim nach slad a n-aisgidh;

fáth a n-ionmhoine ag dol di

gan chrodh d’ionghaire aici.