Poem in printable PDF format
Cionnas meise, a
mheic Eoghain?
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 46]
Fear Feasa ón
Cháinte .cct.
1 Cionnus meise,
a mheic Eoghain?
nár dhamh, a
dhreach inleoghain,
gan mh’aithne dod
ghruaidh ghairthe
iar n-uair
d’aithle m’ollmhaighthe.
2 Ní feas daoibh,
ní [diongna] ribh,
aitheonaidh tú
uair éigin,
a sgiaith
chagaidh Chláir Banbha,
má táim abaidh
n-ealadhna.
3 Más fhíor is
ughdar gach neach
go labhairt, a
fhlaith Muimhneach;
tar theas an té
nach labhair
ní feas é ’n-a
ealadhain.
4 Mar sin damhsa,
a dhreach mar thuinn,
ní feas an
bhfuarais m’fhoghluim;
a ceilt féin ní
léigse linn
m’éigse i gcéill
muna chuirinn.
5 Fiú an
aonrainn, a earrla lag,
ní dearnadh, ’s
ní do dhearmad,
dod dhreic
chruithshlim ghairthe ghlain
le a gcuirfinn
mh’aithne oraibh.
6 Ní haithnidh
dhamh acht mé a-mháin
neach rem cheird
i gcrích Ghabhráin
nach tug fríthe
dána dhuid,
a bhrágha críche
Cearmuid.
7 Do dhealbhador
a ndréachta,
tugsad duana
doidhéanta
duit ar
chreachbhuaibh beann mBanbha,
a cheann
eachshluaigh t’athardha.
8 Ní fhuil acht
athfhuigheall áir
ó fhearaibh
Éireann d’éanláimh,
a ghnúis fhortail
ghairthe gheal
’s ó mholtaibh
doirche draoitheadh.
9 I ndiaidh
éigios Innse Fáil
deacair
adhmholadh d’fhagháil
dod chúl
dhruimneach dá dtráigh tonn
fuighleach cháigh
muna chognam.
10 Bidh cú mhall,
a mheic Eoghain,
do réir iúil gach
fhíreolaigh
ga mbí a gníomh
dá chora i gcruth
sona más fíor le
fiadhuch.
11 Amhlaidh sin
a-túsa, a Thaidhg;
do-ghéabham dod
ghnúis neamhghairg
sreith mholta
nach fuair file
do chruaidh
chorcra ar gceirdeine.
12 A-tá agam ret
aghaidh
sreath ghlan do
ghréas éagsamhail
do-chuaidh ó
chách gan chuma;
iar n-uair tráth
a dteagluma.
13 An dánso, a
dhreagain Fhódla,
- tús as cóir
d’fhior fhurfhógra -
uaim, a cheann
breacmhuighe Breagh,
mar theachtuire
id cheann cuirthear.
14 Dá dtaitnid na
rainnse ruibh
do-bhéara mé, a
mheic Eoghuin,
dod dhreich bhuig
as deirge dath
cuid d’ar
gceirdne re a ceannach.
15 Nós na
gceannuidhe, a chruth seang,
do-ghéanam é go
haithghearr
red dheirc
roimhir red ghnúis ngil
gidh cúis doiligh
a dhéinimh.
16 An aithnidh
dhaoibh riamh roimhe
an ní do-ní an
ceannoidhe
a hucht a
n-adhanta air
re lucht malarta
an mhargaidh?
17 Gidh bé arra
iarroid soin
do-bearar leis do
láthoir
a fhéasgain i
n-aisgidh dháibh,
taisgidh as
éasgaidh admháil.
18 Dá dtaitne
riu, a rún fosoidh,
ceannchor uaidh
an t-arrosoin
ar na fiachaibh
bhus luinn leis,
dá dhruim ní
tiachair thaireis.
19 Tusa fear
iarrtha ar n-arra;
dá [ndaoire], a
dhreach shéaghanna,
mé ceann a
roireactha ruibh
doibheanta i
gceann mo chonnruidh.
20 Iarr tuilleadh
má thaitneann ribh,
cuirfeadsa uaim i
n-aisgidh,
a shlat téagair
bheann mBanbha,
id cheann
d’fhéagain m’ealadhna.
21 Tú as fhaide
aithne uirthe
cóir dhuit
déanamh breathnuighthe
maith th’aithne
ór cheannghais dar gceird,
a ghealbhrais
ghairthe ghruaidhdeirg.
22 A bheithir
neimhneach nimhe,
a chaor
thaidhbhseach thinntighe,
a ghéag oirdnidhe
chlann gCuirc,
a rann oirbhire
dh’adhuint.
23 A luib íce
t’fhine féin,
a thonn
ainbhtheanach aigéin,
a chrithear do
chruaidh nimhe,
a fhicheadh guail
gheintlidhe.
24 A mhic dhílis
Dé nimhe
gé tá an t-éag
’n-a áiridhe
- dol ód ghuin is
eagal as -
ní fheadar cuin
nó cionnus. Cionnus
25 Dol tar
mhnáibh a fine féin
gidh lór dhí mar
ainm eiséin,
troigh ramhálla
re mbí breath
do-ní Anára
dh’oineach.
26 Do lucht
cuarta chláir Bhanbha
re tuaith nó i
n-ainm ealadhna
fear cogaidh
uirre ní fhuil;
ní choguil duille
an domhuin.
27 Ní nach
déanaid leath ar leath
ríoghna oile
fhóid Mhuimhneach
glac thirmgheal ó
tholchaibh Breagh
inghean
Donnchaidh dá dhéineamh.