Poem in printable PDF format
Cliath mhínighthe
ar maicne ríogh
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 6]
1 Cliath
mhínighthe ar maicne ríogh
do shlatuibh an
tíre thiar;
móide mímheanma
mac ríogh
gníomh slat ó
ríghFhearghna [riamh].
2 An chliath
d’fhiodhbhaidh Aodha Finn
dá cclaonfaidh
fiodhbhadh gach fuinn
clú re
ríoghmhacuibh ní roinn
do choill
mhíonshlatuigh Chrú Cuinn.
3 Cliath Cruachan
Mheadhbha na múr
nach buailtear a
mbearnaidh gliadh?
cliath
mhíndéinimh on fhréimh riogh
do reir gníomh
ríghfhéinidh riamh.
4 Mac Aodha na
n-iorghal ndoirbh
[baoghlach a
n-iorghuil an t-ainm]
cliath is teo
buailte re beirn,
feidhm ar uaithne
gleo dá ghairm.
5 Cliath
mhínighthe na ccóig ccríoch
is mó le [a]
mínighthear cách,
bearn cosguir
gach bearna a mbiath;
d’Fhearghna is
cliath fhosgaidh ar áth.
6 Cliath is
dlúith ar dhoirsibh gleoidh
as cliath
chogaidh re crú Néill;
cliath do mhínigh
meanma cháigh,
mílidh Chláir
Leamhna do léim.
7 D’fhóir
Cruachna na gcéimeann ndoirbh
fárbh édrom
cuaich agus cuirn
fuair saoirFhilib
is beo i mbeirn
feidhm gleo ’s
nach ccaoilibhid cuirm.
8 Gnáth an
chliath fhosgaidh is fhearr
[do mhothaigh
cách gur chliath trom]
cliath do choill
Gaoidheal is Gall,
ar broinn lann is
chaoilshleagh ccorr.
9 Fóir Bréifne
lingios gach líon
re Filib d’éntur
a n-ágh,
fear fromhtha na
rédhmhac ríogh
sníomh énshlat
ortha ní hál.
10 Cliath
fhosgaidh dhaighfhréimhe Duach
re doirsibh
gaillbhérla ’s gnáth;
fiu comhla re
fearuibh fiach
cliath go
mbearuibh omhna ar áth.
11 Bun an tslóigh
Gaoidheal ó ghníomh,
a n-aoibhioll
bheo d’fhuil na nAodh,
gearr go mínighid
gort gliadh
fian ríghFhilib
thort gach taobh.
12 Cliath doirse
Leamhna do ling
ón dorus bearna
do bhuing,
bearn clú ar
gleomheithil Ghoill
gur bhoing
beobheithir Crú cCuinn.
13 Tig lán gach
toraidh a dtráigh,
a n-oineach ós
cách do-chuaidh;
créud acht sén
cinneamhna ar chléir
sgél ar fhréimh
finnFhearghna fuair ?
14 Críoch Bréifne
d’fhágáil ní hál,
gnátháit na
héigse más fhíor;
fiú ar moirn ón
Raghallfhuil riamh,
daghurraidh cliar
ndoirbh do dhíol.
15 Do chrú Aodha
is oirrdhreic luadh
cú coinghleaca an
taobha thiar,
cliath na
n-armdhoirseadh n-ágh,
cliath léarbh ál
garbhfhoirseadh gliadh.
16 Mac Sinéd na
ccéimionn gcruaidh
le n-éirghionn
coimhéd an chláir,
ar cúl sgiath
réuldsholus réidh
cliath nach éir
éandorus áigh.
17 Sgéal
orrdhraic do mheabhraigh mé
a leabhraibh ar
Dorbha draoi
[dá lucht
adhbhuir níor fhéagh sé]
sgel é fár
ngabhlaigh an ghnaoi.
18 Gnúis
dhaithmhín rér dheacra dreim,
Aithíl fá dalta
don draoidh,
sgél liom asa
mbearar buaidh
le a bhfuair
sionn leabhur is laoidh.
9 Do chuir
Dorbha, dearbhtha an sgéal
[a dhearbhadh is
oircheas uam]
tóir ar
oighreacht dalta ríogh,
oirbheart gníomh
ndalta an druadh.
20 Níor léig an
draoi dó ’na dhiaidh
a n-aois óig, is
é go háil,
drud risan
oighreacht dá huaim
go rug buaidh ar
croibhneart cháigh.
21 “Bearar leat,
a Aithíl, uam,
a gcathaoir an
reachta ríogh
do cheart
uaisleachta madh ál,
neart lámh is
guaisbhearta gníomh.”
22 A n-aois
macaoimh ’san tír thoir
don Aithíl nárbh
íseal sdair
’na ré iomlán
gnaoi gan ghuin
far chuir an
draoi d’iomrádh air.
23 Do ghabh
Aithíl aithne an druadh,
an tAithíl dob
airsidh gníomh,
go rug buaidh ag
brath na sgél
dá bhfuair séan
agus rath ríogh.
24 Fá gach
teagasg dá dtug sé
dá dhalta gan dul
fá dhlaoi
[ní luibh chobhra
ar fhalaidh é]
samhuil mé do
Dhortha dhraoi.
25 Fá chrích
Meadhbha mithigh dó
gnaoi Fhilib ó
Fhearghna is fiú,
[fríoth h’ainm ar
ghníomhoirbheart ghleo]
sbairn bheo fán
ríoghoighreacht riú.
26 Ce dhá
ligfeadh an tír thiar
[an Filib is
ríoghdha rún?]
ní tar cheart ar
cách do chlaon;
gnáth an gaol a’
teacht ’na thnúdh.
27 Ní tearc fine
ag feacadh faoi
do Philib re
feartuibh Dé;
géag taraidh gan
tathaoir gnaoi,
samhuil do ghnaoi
is Aithíl é.
28 Síol Fearghna
re [a] romhac ríogh
[nochtadh a
ndeaghrath is dual]
ag sin fínid
sgagtha ar sgéal,
sínid re séan
dalta an druadh.
29 Deoch dáltair
a-nuas fá dheoidh
mur bhrághuid dhá
fuasgladh féin
fuair Filib ’san
fhuil táil,
sirid is dáil
cruidh do chléir.
30 Ré thuraidh is
oighir fhíor
sgur don oineach
don fhréimh ríogh;
uair fá
n-airighid an chliar
mian fuair
daighFhilib a ndíol.
31 A bharr
Leamhna bheireas buadh,
ní hanmhuin
dh’eineach dob ál;
téid ó sgoluibh
gan ghoin gruadh,
ní dual foghuil
oir tar fhál.
32 Ní lig sibh a
cceardcha gliadh,
a Fhilib [ní
tarbha an tnúdh],
cnú ramhullaigh
don fhréimh ríogh,
síol Raghallaigh
céim ar ccúl.
33 Coill Bréifne
re n-iongnadh uadh
a fiodhbhadh gur
léig fá lár,
do-gheabha an
earla cleath gclaon
breath dot aobh
d’Fhearghna madh ál.
34 Fríoth maoin ó
nuaghal um nóin
da fuasgladh ó
thír go tír;
sreabh
chaoil-Leamhna ag leanb dá léim,
géill ceard ó
saoirFhearghna ag sín.
30 A gCrích
Oilill na n-eas gcaol
do-feas ’na
soininn gach síon;
ní clos muir ag
teachta a ttrágh,
ní bhfuil acht
fádh reachta ríogh.
36 Fiú an
ríghthriath do fhréimh na nAodh
sírchliath nach
leigthear fá lár:
cliath míonshlat
is gloine gníomh,
síol ríoghmhac
oile ní hál.
37 Do-ní réulta
fhréimhe Duach,
an réulta ar
n-éirghe ós gach iath,
cliath d’amhsaibh
uallcha re háth;
casmhuil do Ráth
Chruachna an chliath.