Poem in printable PDF format
Clú Laighean as
oighreacht d’Aodh
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 15]
Mac Casarlaigh
.cc.
1 Clú Laighion as
oighriocht d’Aodh,
tarsa do
throimleath a luadh;
mór ttír fár
sgaoileadh an scél,
séan Gaoidheal dá
bhrígh budh buan.
2 Fuil Bhranach
na mbronntadh réidh,
slonntar a
mbladh-san dá mbrígh;
ag so an
oighriocht budh dual dáibh,
luadh ráidh a
ttoirbhiort ’s gach tír.
3 Deacair ós aird
iomaidh riú;
dá n-ainm cá
siobhal is sia?
dámadh é a ttoil
cleith a gclú,
ar bhreith do
chrú Broin ní bhia.
4 Sdéd meardha
léigidh ar lúdh
tré theannta gur
réidhigh raon;
laoich ag
sgaoileadh a reann ruadh,
laoidheadh druadh
níorbh fhearr ar Aodh
5 Fríoth céile
lér chneasda súil
samhuil gach
éinfhir dá n-uair;
cuid dá falaidh
do bhí ar Bhóinn
rí don fhóir
Bhranaigh do bhuain.
6 Do buadhadh ar
bhronnadh ríogh,
a dhuasa troma ar
gach taobh;
scél iongna go
n-oighe an-iar,
triall scoile as
iomdha go hAodh.
7 Rug bantracht ó
[a] bhfearuibh féin,
gallphort fá
dheathaigh ’na dhiaidh,
bean calla go
n-énuibh óir
ar scéluibh
slóigh Banna biaidh.
8 Tréinfhir nár
chasmhail do chlódh,
a ttréidhe a
ttachar do thaom;
barr ar a n-abair
fá fhíon
ag sníomh crann
do adaimh Aodh.
9 D’éis a
ttairbhiort ríoghdha ón fhréimh
líonmhar a
ndaightheisd ag dáimh,
díogha a gcruidh
is a gcuach n-óir
budh dóigh ag
fuil Duach gan dáil.
10 Sloinntear ar
sgaoileadh don scél
tíre fá
throimbreith a maor;
do fhégh ar an
eachraidh uadh,
scél fuar le
heachlaigh go hAodh.
11 A ndualgus
Bérla do bháidh
uatha sul térna
dá thír; -
tearc aga dá
fhaghluim féin,
fada ar fhréimh
Raghnuill do rígh.
12 Sgor siobhlach
lér fhalmhaigh fhiadh,
dearbhuidh a
ngiomhradh a ngleódh
budh gearr ré na
heachra ag aon,
raon na deabhtha
dob é a n-eól.
13 Sluagh
seasmhach lér téigheadh tír,
’na n-aghaidh ní
hésgaidh tóir;
méin raghail san
oidhche fhuair
coibhche an
tsluaigh Bhranaigh do Bhóinn
14 Do chuairt
laoi-si ar láthair gleó
gan aoinfhear do
fhágaibh mná;
do lá foghmhair
cora clú,
foghlaidh ar chrú
Logha an lá.
15 Brath a raoin
is rélda a n-eóil,
an scél-sain do
sgaoil gach fáidh,
mall do shuirghe
Thoighe an Trír
dá bhfuilnge ar
mhín Moighe Máil.
16 Sí a ttreas
’gut fhéchain, a fhir,
a searc dá
céidfhior gur chuir;
bristear coinne
mná tar moir
más lá as-toigh
do-roinne ruibh.
17 Créd fár
cheilte diomdha dhóibh
re biodhbhaidh
gur bheite réidh?
cosmhuil ré
fiadhuil Fuinn Ír
buing shídh gan
iaruidh dot fhéin.
18 Ní gan foghail
fríoth an cháin
do chíos tobhaigh
in gach tír;
caitior bróg
dornchla ’na dhiaidh,
comhtha ón
ghliaidh ar Fhód Ír.
19 Cradh
ríoghphuirt tógbhuid go trágh
mar líonaid
h'ógbhuidh fá fhiadh;
a ttéid thort do
thréidhibh ríogh,
síodh ’gá
dhéinimh a ngort gliadh.
20 A ttairbheirt
dlúithe dá ndáil,
cúigeadh re
Laighnibh ná luaidh;
tig a ttathaoir
dá ttaobh féin,
Aodh tar fhréimh
Cathaoir do-chuaidh.
21 Tír daoinioch
goirthior ré [a] ngleó
gan mhaoine ón
troimghleic a-tá;
feadh troda as
cuimhnioch ar chlú,
ní foda ag crú
Luighdhioch lá.
22 Leathaid a
ttromchána ar thír
suil deachaid a
horlár áigh;
toradh a bhfoghla
ar chró Céin,
ní mó do fhréimh
Connla an cháin.
23 Sgol Fhódla ó
oirdhiorca a scél
fá throimtheisd
tógbhuid a seól;
fada a shlighe
riamh ’na raon,
file go hAodh ní
iar eól.
24 Tonn nár
fhoillsigh confadh cuain,
roinnfidh a
torchur ré tír;
lór do Laighnibh
tonn is tráigh
lér thairngir
fáidh fá Fhonn Ír.
25 Síoth Aodha ón
aimsir fár gheall,
budh caomhna
d’fhaghlaidh ’na fhonn
go bhfuair ar
síol mBroin-ne an barr
síodh a n-am
choinne níor chom.