Poem in printable PDF format
Clú nach
caithtear clú Muire
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 87]
1 Clú nach
caithtear clú Muire,
clú ris nach
cneasda righe,
clú as mhó iná
clú na cruinne,
clú Muire as só
’s as sine.
2 Inghean Anna an
ógh fhaoilidh
do ceapadh i gcló
crábhaidh;
a clú do chora is
dá riaghail
cú fiadhaigh
fhola hÁdhaimh.
3 Fuaras teisd
’n-a teisd fholaigh
an teisd gach tír
nar shiobhail,
géis gheal nach
dóigh deighfhir,
bean leinibh ’n-a
hóigh iodhain.
4 Bean darbh
fhear dála an Dúileamh,
bean ar mbáirce
do sheoladh,
nír chuir sí ar
síodh a shíneadh,
ríbhean í re díol
ndeoradh.
5 Bean na gciabh
bhfada bhfionnchas
triath na dtriath
aice i bhfoilcheas;
coir ar sean is í
cheilfeas
seingchneas geal
na dtrí dtoirrcheas.
6 Muire an deor
fhíorghlan aille
rer sgaoileadh
ceo don chruinne
fóirfidh soin cás
a cloinne;
moille grás ní
fhoil uirre.
7 Luibh dhíona na
sé seanshluagh
d’aoinfhréimh
[ónna] ní horlámh;
do gheabh re díon
a deibhléan
bean sheingmhéar
is cíogh gcorrbhán.
8 Bean na rosg
mallghlas málla,
maighdean nach
mol ar n-éara,
ar gcnú croidhe,
ar gcor síodha,
tor díona fhoile
hÉabha.
9 Bean le rugadh
rí nimhe,
bhíos go hullamh
far n-eire,
bean do fhóir ar
an uile,
Muire ní meadh
d’óig eile.
10 Bean leasa
dhúin do dhéanaimh,
cara cúirte gach
aoinfhir,
cuirthear lé a
fhíoch fa fhiadhail
iadhaigh síoth Dé
le daoinibh.
11 Bean chiuin re
déanamh deaghrúin,
súd nar éasgaidh
’n-a hiomráidh,
corp saor gun
óigh ar ainmhéin,
craobh
ghlainréidh ’n-a hóigh iomláin.
12 Ógh mhín
d’uaislibh na healbha
is í as uaisle is
as ullmha;
síon na ngrás dá
taobh tarla,
craobh abhla ór
fhás an umhla.
13 Muire réalta
eoil Ádhaimh
a tréad ’n-a
deoigh do dhírigh;
rug dá thrí
as-teagh do shluaghaibh
bean ualaigh í
dár-íribh.
14 Gnúis ghlan ar
léir na lile
nar ghlac béas na
mban oile;
bean mar tá riamh
ní raibhe
gan aire ar mhian
mná oile.
15 Buime chíogh
ríogh an ríchigh
díon a gaoil
uirre d’fhiachaibh;
’n-a bruinne do
bhí ar mbráthair,
máthair do [na]
trí triathaibh.
16 Muire ógh éan
an turaidh
do-chóidh i
[gcléith] a cinidh;
an ré um nóin a
séad samhail,
géag tharaidh
d’óigh dob infhir.
17 Feadh síodha
na sé líne
is céim ríoghna
do-róine;
dá cloinn [ní] ní
nach naoidhe
naoidhe nar
bhoing í a hóighe.
18 Bean súd go
dtréidhibh triathmhná
is cnú don
fhréimhse an ríochnú;
mar mhnaoi an
uair do bhí bláithbheo
gan smáilcheo
fuair sí síorchlú. Clú.