firstLine"; ?>

50. A dhuine chollas go saimh $
Length: short (9qq)
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. Love
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631 (index)
  2. (RIA MS no. 6)
Prints:
  1. text (O’Rahilly, DG no. 34)
Motifs:
  1. Pains of love
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

A dhuine chollas go sáimh


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 34]


1 A dhuine chollas go sáimh,

ní hionann dáil damhsa is duit;

is lór dhíbh bhar méad do rígh,

ní tharla an grádh ar tí h’uilc.


2 Mór na tiodhlaicthe fuair tú,

do damnaigheadh don tnúth inn;

ní comhairleach ort an grádh,

ní hionann is mar tá rinn.


3 Do rinne Dia grása ort, -

ní tusa an bocht lán do phén,

ní chluinim h’osnadh ná h’uch,

níor thrég tusa do chruth fén.


4 Fá-ríor! ní hionann ’s ar nós

[breth bhuidhe ní mór dhuit!]

ní heagail ribh gan dul d’éag,

ní hionann is méad ar n-uilc.


5 Peannaid shíordhaidhe mo ghlóir,

mallacht sinsir do chóidh fúinn;

fada go gcredfinn ón bhás

go bhfuil oidhidh i ndán dúinn.


6 Beag dom dhonas nár mhúin mé

gach a gcuala i bpén ón ghrádh;

do shaoil mise nách beinn leamh,

’s do-rinneadh leam fear-mar-chách.


7 Gidh mór an truaighe mar tám,

ná caoineadh cách méad mo phian;

cead leam ar chlaochló dom chruth,

maith is neasa don ulc riamh.


8 Do dhealaigh rium éag go bráth;

dár mbeth slán do cuireadh súil;

mé gach éanlá i dtós mo phian,

míle bliadhan gach dia dhúin.


Ní críonna na daoine-se lán do chéll

re saoiltear nách ríoghacht mar tám i bpén;

an chnaoi-bheatha a mbím-se is do ghrásaibh Dé;

ní haoibhneas ní ar bith ach bás gan éag!