firstLine"; ?>

500. Coimhghe Criost fa Choin-Connacht $
Length: middling 16qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA625 OCurry transcr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. Bodl. Rawl. B 477 Fermanagh? 1678
Prints:
  1. text Irisl. Muighe Nuadhat 1929, 39
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of ancestry
  3. poet invoking blessing
  4. poet-patron relationship
  5. cooperation with English
  6. Trinity
  7. childhood, fosterage
  8. Sea-voyage
  9. poet’s companach
  10. oireacht, council
Poet Christian Names:
  1. Brian BOCD
Poet Surnames:
  1. O Corcrain
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1608 [poem c. 1603]
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Coimhghe Críost fa Choin gConnacht


[Breatnach, Pól: ‘Poems of Brian Ó Corcráin from the Book of O’Conor Don’, Irisleabhar Muighe Nuadhad 1929, 35ff., poem 2]


1 Coimhghe Críost fa Choin gConnocht

rí an bheatha dá bhuachollacht

barr fionnbhuidhe folt na mionn

go tocht d’ionghuire Éirionn.


2 On ló do thriall san tar tuinn

gan tocht a-le ó Lunnuind

sgeallán úr Achaidh na bFear

Athair na ndúl gá dhídean.


3 An tAthair is Mac Muire

sa Spiorat naomh neamhdhuidhe

na múraibh fa chorp i Chuinn

go tocht ar gcúlaibh cuguinn.


4 Go dtabhruid na theanguidh thoir

máthair Íosa sna hEasbail

glór sáimh gan oilbhéim gan oil

do choimhréir cháigh do chantoin.


5 Mo chorpán mo dhalta dil

mo chaoimhtheach leaptha leinibh

coimhéad a Dhé deaghshlán damh

mo dhearbhghrádh é & m’iomchar.


6 Mo chuiléan do chuan na Con

riamh nár traothadh a dtachar

mo bhruineagán ionmhuin m’fhuil

m’fhuileagán d’fhiodhbhaidh uasuil.


7 Mo dhíon é codhnach mo chraidh

m’fhear faire feadh an chogaidh

léig fam bhreith a Dhé damsa

an té dár fheith mh’anamsa.


8 Mo mhionn súl seadh mo chuim

mo leanamh é ar eadh n-altruim

díon na gceall ón mBóinn mbreacglais

mo cheann óil is oireachtais.


9 Mo leomhan leadarthach lonn

mathghamhuin críche Cualonn

fear feithimh críochmhagh gCnoghbha

beithir fhíochmhar allmharrdha.


10 Crann cumhra na n-ubhall óir

tús m’aoibhnis earr mo dhobróin

cruas cloidhimh lé cogar gcath

tobar oinigh na nUlltach.


11 Eó Éirne na n-eas n-uaine

samhuil Chon na Craobhruaidhe

traothadh foghalchath fóid Bhreagh

cobharthach na gcóig gcóigeadh.


12 Ua Seaáin mic Cuinn gnúis ghlan

sreabh fhíorghlan d’fhuil na nIarladh

lóchrann léir an chraoi-si Chuinn

rom chnaoi-si a léim go Lunnainn.


13 Dearlaic a Dhé dá dhreich nduinn

geimhreadh sáimh earrach áluinn

foghmhar soileanta is séimh goimh

is gréin soineanta samhraidh.


14 Go dtí slán tar sruth a-le

nár léige mórMhac Muire

ceann ó gColla laoch nach lag

gaoth ná tonna gá thoirmeasg.


15 Guidhim Dia nach dóigh bhréige

Cú na gCon mac Mairgréige

gan m’anamhuin ré a éag sin

géag do ghlanfholaibh Gaoidhil.


16 Tar gach ní dá ndearna sin

a gcrích fhuairimligh Eimhir

toil gan tíosg oirbhe gan olc

coimhghe Críosd fa Choin Connocht.