Poem in printable PDF format
Cóir Dé eadram is
Uilliam!
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 23]
1 Cóir Dé eadram
is Uilliam!
olc fuair an saor
séaghuinnfhial -
síoth gémadh
ionshnadhma ann -
díoth ar
n-ionnamhla d’fhulang.
2 Níorbh fhiú dhó
duine ar domhan
dá bhfuair sé ar
seilbh n-ealadhan,
’sa dhíol
faghladh ’ga ghnúis ghloin,
gan chúis gan
adhbhar d’argoin.
3 Dá mbeith go
mbiadh a bhas sheang
ag síorlot éigeas
Éireann -
bláth na
dtamhansa ó Bhóinn Bhreagh -
mh’fhaghalsa is
dóigh nách dlighfeadh.
4 Ní dubhradh
páirt romham riamh
nách raibh eadram
is Uilliam;
gé gur cinneadh
dá ghruaidh ghil
mo mhilleadh
uaidh ar-íribh.
5 Do bhí mé im’
ollamh aige,
buain rem chuid
níor chóraide -
fear leanamhna dá
rádh ruinn,
’s bágh na
healadhna eadruinn.
6 Do bhádhus fós
fad ó riamh
im’ dhalta im’
oide ag Uilliam,
do-nínn dá
ghruaidh dílis duinn,
’sdo-nímis uaidh
an fhoghluim.
7 An rolla
foghlama ar fad,
an adhbhann
chiúil, an comhad -
do bhínn dá
n-aiteacht don fhior
gach aiceacht
díbh dá ndéiniodh.
8 An leabhar nách
léighinn féin,
do-níodh damhsa a
dhreach shoilléir,
gurbh é ar
ndaghoide a ghlac gheal,
brat is tanoide a
thilleadh.
9 Tárraidh díom
d’fhoghluim is d’fhios
gurbh é mo dhalta
dílios;
breath bhroide é
dom fhoghail -
dob é m’oide ar
adhbhoraibh.
10 Mé a
mhaighistir, mé a dhalta,
mé a chompán ’sa
chomhalta;
olc fuair i
gcéadóir mo chradh,
éagóir do-chuaidh
dom chreachadh.
11 Olc nár smuain
re hucht m’fhaghla
mé aige im’ fhior
leanamhna,
’s bheith ar
éinleabhar riom riamh
don mhéirleabhar
fhionn, d’Uilliam.
12 Im’ dhalta dá
mbeth nách beinn,
aige fós mar go
bhfuilim -
níor ghníomh cóir
dá chéibh . . .
béin a hóir don
ealadhain.
13 Dá mbeth nách
b[e]inn um’ oide
a[g] gríbh
échtaigh Fhánaide
. . . . . . . . .
. . .
. . . . . . . . .
. . .
14 . . . . . . .
. . . . . .
. gruaid airig
focal tair (?)
[m]airg do
cosnaideas mo cr[odh]
. . .
gcosmhaileas bo bo biom . . .
15 Do bhí mise -
mairg do bhí,
san uile chruth
ad-chluintí,
gríobh Éirne
aniodh gidh námha -
d’fhior dhéinmhe
mo dhíoghbhála.
16 Dul fúinne
níorbh fheirrde a chiall -
go raibhe a fhios
ag Uilliam
nách díghéalainn
m’fhíoch nó m’olc
ar ríréalainn
chríoch Chonnacht.
17 Do bhí a fhios
aigesion féin
nách gríosfainn a
ghruaidh shoilléir -
mairg do-chí ar
bhfoghal don fhior -
fa ní ar domhan
dá ndingniodh.
18 Ní aorfuinn,
níorbh aortha dhamh,
déar aille
d’fhuil na n-iarladh,
planda do phór
chéibhfhionn Chuinn
ar ór nÉirionn ní
aorfuinn.
19 Ní aorfainn,
níor aortha dhamh,
gríobh do chloinn
Chonaill Ghulban,
ní aorfainn, níor
eagal lais,
dreagan do
shaorchlainn Shéarlais.
20 Ní aorfainnse
an neimh naithreach
d’fhuil Bhriain
na mbreath neamhmaithmheach
ná an ghnúis
ríleóghain ngéir ngloin
d’fhírfheólfhuil
Í Néill nároigh.
21 Ní cháinfinn
um cheann ealluigh
an bheithir
mbuirb mbéimeannaigh
d’iarsma shíl
chrannghailte Chuirc,
’sdo
chlannmhaicne Ír ordhuirc.
22 Tuigim nách
anfadh aguinn
aoradh an óig
abhraduinn -
a fhoghail giodh
fhairbríogh liom -
ó fholaibh
airdríogh Éirionn.
23 Da mbeth gan
duine ar domhan
oramsa dá anaghal
-
barr truimfhiar
na ngéigfheadh nglan -
níorbh éidear
Uilliam d’aoradh.