firstLine"; ?>

506. Coir feitheamh ar uaislibh Alban $
Length: middling 19qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv.72/1/37 BkDean Lismore1512-
Prints:
  1. transl. Watson Scott. Verse no. xxiv
Motifs:
  1. imagery for poets (cliar chogaidh)
  2. patron’s liberality to poets
  3. dangers of satire
  4. legal terminology
Patron Christian Names:
  1. Eoin mac Sir Robert
Patron Surnames:
  1. Stewart d. 1475?
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Cóir feitheamh ar uaislibh Alban


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 24, p. 184]


1 Cóir feitheamh ar uaislibh Alban;

’s í an fhoidid do-gheibh gach méad;

más í lann líomhtha do-chímíd,

go ngabh an díomholadh éad.


2 Ní cóir fearg i dtús gach agra,

gé cluineann neach ní nach dóigh;

’n uair thá gach rath riamh i ndeacra,

ní math ciall gan fhreagra cóir.


3 An t-adhbhar fá bhfuil mo thagra,

ní math glór gan chiall ré chois,

má tá brígh i ndán na n-innsge,

do-chím tráth dhá h-innse nois.


4 Ag so Gaoideal do chloinn Ghaltair

ag réir fileadh, feirrde a ghné:

gé tá mise ar dál ó bhronnadh,

’s ciste dámh is ollamh é.


5 A Eoin Stiúbhairt a crích Raithneach,

a lámh Gaoidheal as fearr buaidh,

gabh, a laoich as solta i gcagadh,

laoidh mholta agus bagar uaim.


6 Tángas chugad, mheic Shir Roibeirt,

a Eoin Stiúbhairt na rosg ngorm;

beir, a chleath nach mion fá mheabhair,

breath, is sin do-gheabhair orm.


7 [...], a thaca maithean Alban,

riomsa, a Ghaoidheil nach mion moirn,

a thuir, a bharr ghaisge ghéagdha,

lean an aiste chéadna oirn.


8 Gabh do rogha, a mheic Shir Roibeirt,

t’fhaladh riom giodh beag mo thort:

[..............................................]

’s mé do-bheir cliar chogaidh ort.


9 Más í do chomhairle bhunaidh

bheith ’gam eiteach, a fholt réidh,

a lámh thréan na nGaoidheal soinnimh,

fa séan aoir id choinnibh é.


10 A Chú Chulainn cloinne Ghaltair,

Eoin lér oirbhire neart soirbh,

a shlat as tréan gnúis ré caille,

nocha déan cúis faille oirbh.


11 Ní bhia tú ar shuain ná ar shiorram

gan aoir liomsa, a thlacht tláith;

ní h-aithnid leis an éan ealtna

an t-saighead ghéar ghreanta gháidh.


12 Ní bhia mé i gcomaoin t’fhaladh,

giodh deacair linn dul fán nós;

acht fá-ríor ar bhéad an bhagair

don mhéad díona tá agad fós.


13 Déar-sa riotsa, a mheic Shir Roibeirt,

a Ghaoidheil nach críon fán chrodh,

fa mó an díoth dhuit mo theagmháil

ná síoth agus beagán domh.


14 Nárab tusa thollas oram:

nimh na n-aoir ní an cogadh soirbh;

’s fearr dhuit gach radháil ón teinidh

ná a gabháil mar eiridh oirbh.


15 Gé dhéana mé, mar as cosmhail,

do cháineadh mar dubhradh linn,

beag an fiach mo mhart ré mhaoidheamh,

a thriath shlat na nGaoidheal ngrinn.


16 Beag an geall duaise rér n-aoir-ne

m’anam-sa fá h-éiric chronn;

beag a bhrígh gach mac ag m’athair,

a shíl shlat ó chathach Chonn.


17 Ní h-amhail sin atá tusa,

a mheic Ghaltair as fearr ciall,

a lámh thréan ó fhine an domhain,

nach d’éar file romhainn riamh.


18 Math mo dheadhail ré mo dhíomdha

orad do thaobh séad is [................]

do dhá bhos mar aol gan [.............]

’s an chos nár aom [......................].


19 Léir nimh mo theangadh gan ghríosad:

mairg do ghríosadh í rém linn;

a dhéad as geal, rún as gartha,

is fearr gan súgh nathrach sinn.