firstLine"; ?>

508. Coir suil le seasamh Gaoidheal $
Length: long 44qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th early
  2. 17th mid
  3. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  2. TCD 1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  3. King’s Inns K.1.4 Sean O Briain 1740-1
  4. BL Egerton 112 M O Conchobhair 1780-
  5. RIA 257 (23/G/24)M.Og OLongain 1795-
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poet incites to war
  3. patron’s prowess in war
  4. English conquest of Ireland
  5. destruction of foreigners prophesied (Patk)
  6. Patron prophesied by Colmcille
  7. plight of true faith
  8. historical comparisons
  9. allusion to Ruaraiocht
  10. Classical allusion
Poet Christian Names:
  1. Maoilin Og (K14)
  2. Maolmhuire(RIA253)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird etc.
  2. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Aodha, ua an Chalbhaigh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn’s distortion
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cóir súil re seasamh Gaoidheal

[TCD 1411 (H.6.7), 514 (2nd copy)]

{Maoilín Óg Mac Bruaideadha/Maolmhuire Mac an Bhaird}

Ní feas duinn cia as úghdar don roinn-si. [For John ODonnell written in pencil above this.]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cóir súil le seasamh Gaoidheal

fíor chatha le a ccómhmaoidheamh

an[a]mhain lé cóir a ccu[i]r

ag d(e)aghfholaibh chláir Cobhthaigh.

2 Giodh mór d’inghreim is d’foghail

fuairsiod fá fhonn bhFearadhaigh

acht gan claonbhádhr Dhé dhils

do fhaomhadar é idir.

3 Do thairrngir Pádraig na bpeann

mar do bhí ag beannach Éireann

d’feinn leiggil Teamhra na ttor

sealbha an chreidimh do chosnamh.

4 Iarraidh claochlóidh na ccreideamh

le neart anfadh eithreig(h)eadh

d’ógbhoibh [leg. -dh?] taighle[idh] traicht na bhFionn

páirt dár thairngir an Tailgionn.

5 Seasamh daingean dá dhruim sin

gan báthadh coinnle an chreidimh

gan sraonadh do bhean [leg. bhéin?] dá mbon

do fhréimh Gaoidheal do geall-san.

6 Gá naomh eile d’Inis Fáil

ar lorg Phádraig an phríomhfháidh

fá magh Teamhra na ttracht bhfionn

nách deárna ar tracht an Tailghionn.

7 Do gheallsad nao[i]mh a-nalláin

sgrios Gaoidheal le gruamGhalláibh

feadh tréimhsi le tuinn ttachair

don eing-si Chuinn Chéadchathaigh.

8 Gealltar leó a-rís Banbha Breagh

ar ais do gasradh Gaoidheal

foinn fhrosglana na ráth tte

ar sgáth cosnamha a ccreidmhe.

9 Dá ccreidthear cómhrádh na naomh

foirm bona a mbuileadh neamhchlaon

flathbhranáin fán faoilidh ceall [515]

Gaoidhil d’athghabháil Éireann.

10 Do ghuais a ccreidimh do chaill

dá maithtear fós na fearainn

tagra do-chóidh ó chogar

cóir na heagra fuaradar.

11 Táinigh ón [leg. an] tairngire as-deagh

do fíoradh fios na bhfáidheadh

feidhm chruaidh imp(ídh)e ní foráil

cinnte an uair dá hiongabháil.

12 Liaig léar mhiann [sic] leigheas a luit

inis Banbha bean Chormuic

cóir teachta do chur chuige

do sgur deacra a dochruide.

13 Seán Ó Dómhnaill d’feidhm fhoirfe

dá ndéantar ceann cabhraighthe

tuir chobhsaig a ngliaigh re goimh

liaig dár chosmhuil a cobhair.

14 Díd(h)ion Éireann (n)a fheidhm soin

brat chabhra chloinne Dálaigh

gus doighfheithmheach ag dáil reann

foireithneach cháich go coitcheann.

15 Se[a]án mac Aodha ag cur chath

lén miann cobhair chláir Teamhrach

a thogha is dú re ndocra

cú buna na beódhachta.

16 Linnteoir linnteagh an ghaisgigh

gan grian ré ngliaidh ndothroisdigh

bás [leg. bas] dealbhghnáth dá ndeachair toil

eochair na mbearnán mbaoghail.

17 Eite lúith chloinne Conaill

lámh dhíobhruigtheach dhofhulaing

gníomh fáltach ar chuardaibh cean

marcach uachtair na n-aimsear.

18 Oighre Aodha b(h)iathadh badhb

taisdealach na ttreas n-aghgharbh

re bhfeidhm ndoil[i]g ní gheibh geis

[i]s ní bheir(ionn) troighidh tairis.

19 Cú Cu(a)lann an chleasradh mhir

mar sin do a n-am gach éigin

le a chéim mar nách cleachta cur

léim na d(h)eacra(dh) ní dhiúltadh.

20 Cú Eamhna ó nár fhéidir dul

baramhuil as dílse dho-san

ar bhreith réidhe ar chiorrbhadh corp

d’féile d’eagnamh is d’udhbhacht.

21 Nó sé Cu Raoi ’na riocht féin

ua an Chalbhaigh choisgeas oilbhéim

ag breith buadh gach treasa a ttoir

’s ag buain cheasa do chlóchaibh.

22 Fear Diagh is Fraoch mac Fíodhaig

beithre an ghaisgidh Ghaoidhealaig

lucht seasta confaidh ’s dá chur

onchoin lén measda a mhúna[dh].

23 Nó as é Murchadh miann sgoile [516]

fá mac do Bhrian Bhóroimhe

a ghnaoi ar gach cathghort do chur

ró sír a n-athchorp a n-eagnamh.

24 An aithghin sin le seasamh

Se[a]án a n-am imreasan

céadfadhach a mheinn le a mheas

réim éachtghonach le a áithchios.

25 Néiric [sic] an tréimhsi a ttá sin

gan féachuin a ng[n]íomh(raidh) gaisgidh

cúis bhus fáth éighmhe is uamha[i]n

a ttráth eirge a n-athshluadhaibh.

26 As é chaithfeas fá a ccomhair

dá n-éireócha an fhíorchabhair

an briochtga uim bhraonchlár na bhFionn

dá ttiocfa claochládh céimionn.

27 Urchar eile a thuigsin [leg. samhla?] sin

tug triath do thriathaibh C(s)aesair

tig rath deirgchneadh don donngha

teilgthear san Chath Chathardha.

28 Caesar is Poimp mór Máighe

líonaid gér lucht cómhbháidhe

tar cheill chogair do-chuas de

cruas a ccogaidh re chéile.

29 Fir an domhain leat[h] ar leath

do bhádar fá bheirt meisgneach

gá neach ón fhairbhrí(o)dh do fhan

fá dhá áirdrígh ar n-iadhaibh [leg. -adh?].

30 An dá rígh-sin rún goimhe

lingid go lár aonmhoighe

’sa lucht nár laochmhaithmheach méin

ar lucht aonchathrach iad-séin.

31 Ód-chí gach cura ar-oile

d’éis teachta a n-áit urlaidhe

a ccóibhneasa do chlú [leg. chlá?] a ngal

lá a ndroibhneasa do dhearbhadh.

32 Ar ttogbháil a ttreala[i]mh gliadh

fuirighid le headh imchian

gan maitheamh cean is gan cion

gan caitheamh sleadh ná soighead.r

33 Laoch do dhearsgnaidh don dá dhroing

nár fhéach do cháirdeas cumoinn

tug taoibh créachttollthar san chath

tréar sgaoil eatortha d’éagn[ach?].

34 Urchar sleidhe ar séan ngníomha

caithi(o)s d’aghnadh éisíoda

mór lucht torchair san treas-sin

d’ulc an urchair áitheasda [leg. áitheasaigh?].

35 Traisdínéis an tuir chatha

d’ársadhaibh an árdfhlatha

rós cha[i]th caoilshleadh chorr tar cor (?)

dár sraoinedh sonn le seisior.

36 Air Thraisdínéis gá ttáim de

as cóir a chlú do chuímhne

ar i (?) bairn bhflath[a] go fearrdha [517]

maidhm an Chatha Chathardha.

37 Tusa an Traisdínéis eile

chaith(mh)eas an tsleidh shithnimhe

a fhionnardtuir gan grádh Goill

dá hágh ionarbthuir eachtroinn.

38 Ach seain (?) ag rochtuin na reann

tú Traisdéinis fhear nÉireann

a lasair as doilge dóigh

a lasadh coinnle an chosgair.

39 Fada bhus oirdheirc tar th’éis

mar tá an tan-fa [leg. -sa] ar Thrais-déinéis

gá clú a-niogh féach [leg. ar éinfhior?] is fearr

léigheadh do chlú ’s do chéimeann.

40 Ní tú baramhlaidh (?) beagbhreath

a airgtheoir na n-ainchreidmeach

a ghlanchroidhe gan grádh cruidh

acht lán d’aithríghe is d’éachtaibh.

41 Do labhair Colu(i)m Chille

ort a bhfúighlibh fírinne

’s air th’éachtghonuibh a n-am creach

a lán [leg. lann?] créachtdomhain crithreach.

42 Tréad ghaisgidh a bhfaobhraidh bhfoirtil

tuigthear thusa ad tharrngthuirech [leg. --gortaidh?]

a sníomh gach gasraidhe ar ghal

’s tréad bhasghloine ag díol deóradh.

43 Do thíodhlaic Dia díbh budh dheacht

gaisgidh iocht is uaisleacht

níor fríth tréigh(th)e as córa a ccorp

feile chródha is ceannsacht.

44 A mhílidh éachtaigh Uladh

bheanfas d’Fódla a húrdhúbhadh

a sgiath choimhge an chlú ó thoil

tú gan doilge ré ndeacair. Cóir...