firstLine"; ?>

509. Coisgidh don aos ealadhna $
Length: middling 20qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster ?
Classes:
  1. satire
  2. warning to mp
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th c.
Motifs:
  1. poets one of several learned classes
  2. poets attacked
  3. legal terminology (testugad q. 13)
  4. historical allusion
  5. games (cluiche luibe)
  6. proverbs qq 8, 9, 11
Patron Christian Names:
  1. sname only
Patron Surnames:
  1. O Briain ?
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Coisgidh don aos ealadhna

[RIA 743 (A/iv/3), 800]

[Aoi Fhreislighe]


1 Coisgidh don áos ealadhna

a dhrong chleachtus boing bhéime

aithnidh dhúinn bhar nemhtharbha

nó bíoth slán cáigh fá chéili.

2 A Dhé (?) a lucht an rofhormaid

fá mbeittís lán dar n-úamhan

créd é ar ttarbha d’ollamhnaibh

ceisd nach orusa dh’fúasgladh.

3 Comaidh sibh gan bharánta

móran do sgelaibh gránna

ar áos téd mbinn macánta

airbhim an t-áos dána.

4 Trom sibh ar na shagartuibh

beg oruibh na huird bochta

cía díobh dona an bharamhuil

a-dertháoi acht dáoine crosda.

5 Sáoithe sáora seanchusa

breithimh thúaithi bhreth nglanchoir

bíd ’na muinntir dermadaigh

úaibh-si a n-aimsear an athoil.

6 Legha na gcréacht gcnestháitte [801]

da ndamhthaoi dhóibh a ndúthchus

bíd buidhioch dhár n-eassláinte

dá laghad fríth bhar ndúthracht.

7 Géire sibh ná frithiorghlámh

mór díbh lucht dénta magaidh

coisgidh dhínn dár n-ithiomrádh

d’egla mo chinn do chrathadh.

8 Súil oruibh go hanshocair

madh doirbh libh sin ní lamhmáoid

cneasda dhúinn an bharamail

imbert bhodaigh is macaoimh.

9 Srían do chór rém thengaigh-si

sáobh is sibh-si ’gum áoradh

bó sgáoilti bó ceanngailti

ní comhmór bhíd a mbáogal.

10 Sinni a-tá lán d’foighide

sibh-si lucht búana an bhéime

tugadh ríamh go roimhinic

ainm na beirti ar a chéil[e].

11 Gerr go mbía caint againne

gé támaid balbh go ttrásda

ní ferr lúas na romhaille

fáda a-tá ríamh ’gá rádha.

12 A lucht tuillthi tatháoire

chainius sinni ós ísiol

sochar Dé nár fhaghtháoi-si

monab sinn thuillius mímheas.

13 Trúagh gan sinn dár tteasdugadh

do rer chille nó túaithi

s(n)inne mar áos ealadhna

sibh-si mur dháoinibh úaisle.

14 Ná dénaidh trum orainne

ar ghrádh Dé éisdigh éisdigh

dana na coin robhorba

ríamh ar chroicnibh a chéile.

15 Úasal sibh-si dh’fholuighiocht

sibh fein a-tá ’gá rádha

boichti sibh ná an bochtainiocht

coisgidh dhinn dá bhur ndánacht.

16 Creidigh úaim na sgéla-sa [802]

admhaim féin d’Airdrigh nimhe

nar labhras féin énfhocal

badh measa na bhar n-ainm ribh-si.s

17 Mein da feabhas chugaibh-si

ni díon duinn ar bhar ttoibheim

ní léir dháoibh túar tubaisde

go bfuil ionnainn acht droichmein.

18 Do dheóin Dé a dhrong dhamainte

do mheabraigh cluiche lúibe

bíaidh an imbeart againne

go ttí san chluiche dhúinne.

19 Murchadh mhac Bríain Bhóromha

damhna rígh na mbreath n-iodhan

lámh dob fherr fá órbhronnadh

trúagh gan céad úaibh ’na ionadh.

20 Do bérthaoi ar ar n-eadráin-ne

dá mardáois lucht ar gcumhdaigh

a ttosach na heasláinte

do bhíadh aimsear an úrchoisg. Coisgid...