firstLine"; ?>

510. Coisrigh a Chriosd cairbh Dhonnchaidh $
Length: middling 30qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid (1640)
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. patron’s intellectual achievements
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. poet invoking blessing
  5. poet-patron relationship
  6. Sea-voyage
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh Og mac Cormaic
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh (2d Vcnt Muskerry d. 1665)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Coisrigh, a Chríost, cairbh Dhonnchaidh

[RIA 3 (23/L/17), 12b]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Coisrig a Chríost cairbh Dhonnchaidh

an Charthuigh ghlic ghniomharthuigh

don chonair nó go ttí a ttráigh

na blodhaigh í fán édáil.

2 Bí ar a chogthach ad chrann seóil

dá chur tar fheirg n-aigheoin

réighidh a Rí an rian roimhe

go ttí fá fhiadh Iughoine.

3 Fóir a ghuais a mhic Mhuire

a Rí a thriath na trócuire

tug gan saoth tar sál a-noir

an laoch go slán a Saghsoibh.

4 A Thrionnóid tabhair ’nar ccenn

ó Lúnduin é go haithgherr

an ghlanshlat as ordhuirc d’fuil

daghmhac Cormaic Mhéig Cárthuigh.

5 Fá mhac Chormuic Óig ordhruic

fear fóirithne ar n-otharluit

féch a ccás cabhra mheise

damhna grás do ghuidhi-se.

6 Cuir a laoidheng go luaith leis

’na réim reatha gan eisleis

’nar ndáil go hiarthuir Eorpa

an fhialchuir cháir chineólta.

7 A Choimhdhe soirbhigh gach séad

do Dhonnchadh ciabh na ccaimghég

an Carthach nó go mbia a-bhus

go sia a arthach ar eolus.

8 Caomhuin a Dhé ar thuinn tuile

oighre mhíledh Musgruidhe

mac Cormuic nách cruadh re cléir

ó a luagh budh ordhruic eiséin.

9 Fóir ar anbhuain a Íosa [13a]

a bhreithimh laoi an Luaintshiosa

gabh-sa a ghuais an fhéinnigh ort

gluais is éirigh da fhurtocht.

10 Maighre soláin na ttres tte

ó chúirt an ríog go roithe

féachuigh uaibh docra an duine

a uain ochta ógMhuire.

11 Ógán foghlomdha fesach

onchú éachtach áithesach

saoirfher do uaisligh a fhuil

d’uaislibh Gaoidheal ar ghníomhuibh.

12 Mílidh coinghleaca cogthach

go ttí Donnchadh daonnochtach

gan duilghe fá nert a-nall

go bhfuighbhe cert is cothram.

13 Slán go ttille oirn tar ais

le mbia se a seilbh a dhúthchais

mac an tigherna is maith méinn

budh flaith infhedhma ei-séin.

14 Mádh áil le hÍosa Donnchadh

lé mberthar buadh deghorchar

biaidh suasan an seang searcach

go teann uasal oirbheartach.

15 A Thrionnóid na soillsi as sia

ó taoi a[t’] triúr is [a]t’aoinDia

do ghniomhradh is glóir dod ghrádh

fóir lead mhiorbhal an macámh.

16 Foillsigh a uain na hÓighe

’nar cuiredh cailg choróine

gan ró decra ’na dheghuidh

bhúr bhferta dho a Dhuileamhuin.

17 Cuir chuguinn a Dhé na ndúl

Donnchadh an feinnedh fialúr

fer na huaisleachta as ferr fuil

geall guaisbherta ’gá ghníomhuibh.

18 Nír mealladh mheise a-nosa

fám chéile do charos-[s]a

laoch gan chiaidh do chrú Ghaoidheal

biaidh a chlú dá chraobhsgaoiledh.

19 Gaol iarla chlainne Carthuigh

aignedh ghaoth ar ghníomharthuibh

do thoghus-[s]a féine an fáigh

céile as urusa d’fagháil.

20 Iarla O Briain do bhronnadh bú

táinig reimhe dá fhrémhchrú

urradh don fhionnál as ferr

lionnán ollamh na hÉirenn.

21 Táinig thríd fréimh na fola

clann Chárthuigh chláir Mhúsgrodha

na fedhna nár chian ó Chorc

do thriall a menma ar mhórdhocht.

22 D’eagna iarla fhóid Mháighe

craobh thoruidh na tromdháimhe

an uair-sin do cora a cceim [13b]

fola do uaisligh ainn-séin.

23 Crú an Róisdig ríomhthar ’na stair

táinig thríd don fhréimh Fhranncaigh

Donnchadh naithir ar fhedh n-áigh

fer do thaighigh an teangmháil.

24 Táinig uime don fhedhuin

tonn fhéile don fhuil Bhuilteruighs

a mhaoidhemh ní diombádh dhamh

leannán na n-aoidheadh d’iomchar.

25 Donnchadh Óg ní hiúl bréige

aonmhac merrdha Mairghréige

brath ar n-óroige ós é sin

budh rómoide é d’éigsibh.

26 Mac Cormuic cennport an tsluaigh

maighre geal ón Laoi ionnfhuair

cuir tar sál a Dhé na ndúl

mo ghrádh go mbé ’na bharún.

27 Eo fis mionabhannire

urradh brégtha bhanóighe

Donnchadh mo sherc nar mhuigh móid

a thecht dá thoigh a Thrionnóid.

28 Mac mhílidh Mhuighe Chromtha

tiocfa sé ar sen cobhartha

slán a Saghsuibh go so soin

ón ghlasmhuir dó gan decoir.

29 Slán go mbia a mbrugh a athar

an mílidh gan merachadh

daonnuighe budh cian go cóir

aoghuire cliar do chongmháil.

30 Sul bhes innte a n-uair anfuidh

cairbh Dhonnchaidh an dedhCharthuigh

ó na doilghe saoruidh sin

caomhuin a Choim(h)dhe is coisrigh. Coisrigh...