firstLine"; ?>

514. Comhfada a re is raith Ui Chaoimh $
Length: short 14qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA888 O’Curry transcr. of RIA5
  2. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. feart feile, a miracle of generosity
  4. patron’s hospitality to poets
  5. patron too honourable to be satirized
  6. almsgiving
  7. Old age
Patron Christian Names:
  1. Art Og
Patron Surnames:
  1. O Caoimh (chief)
Apologue Subclasses:
  1. Tromdamh Guaire: G’s hospitality
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Comhfhada a ré is rath Í Chaoimh

[RIA 5 (23/D/4), 152]

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 Comhfada a ré is raith Í Cháoimh

comhachta Dé is asda fuair

triall ar mhaith rochtain a réim

flaith tséimh nach gontar a ghrua[i]dh.

2 An (n)e Art féin fuair do nimh

o úan Dé an rath muin ar mhuin

no an e reidhe an chuaine ór chin

do-bheir búaidh féile ar a bhfuil.

3 Is d’feartuibh an tí ó ttád

fríoth gan ceas le céibh na ród

a bheith gan smacht Gaoidheal nGreag

fá sgaoileadh séad ar Art óg.

4 Barr ar fhéile Guaire ghloin

ar uaisle a ccéimibh do chuir

a dtosach ré an dearcmhoill díl

do luigh sé ar cheartroinn a chruidh.

5 No gur thionnsguin Guaire glinn

a ionnmhus do chruaidh a chuing

ar ghlac sé do ghrís do ghreim

a n-earr [leg. eirr] a ré a-rís do roinn.

6 A ttós ratha is re Uí Chaoimh

gan deachairt d’féile níorbh fail

go teacht laoi (n)a chaomhanta a ccriaidh

biaidh fa ghnaoi ndaonachta ag dáimh.

7 Lór le hArt an aignidh úir [153]

a bhladh ar marthain da bhuíghinn [leg. mhaoin?]

t(h)earc a-niugh aige dá bhfúair

fada do-chuaidh clú Í Chaoimh.

8 Do sgaip le uaisle an úir fhéil

ar chnuasaig acht a chlú a-mháin

do chaith go hollamh a bhfuair

flaith cruaidh ar donnadh le dáimh.

9 Tug mionna re deachairt díobh

an eaglus an file an fáidh

léim tar tí ní thug O Caoimh

ni thug da aoidh ní budh nár.

10 A-tá ar a bhronntuibh do bhúaigh

fáth as nách folmhuigh a lámh

tar a mhéid do chaith Ó Caoimh

’na mhaith ’na mhaoin ní théid tráigh.

11 Lán a lámh d’ionnmhus re a ais

ní hiongnadh leis an bhfáidh bhfis

da tteagmha a-nocht ní nár lais

da gheis gan olc da rádh ris.

12 Roinn re bochtuibh siordháil séad

gach aonlá is da obuir súd

da chrionnacht luídhe fa lód

síothArt óg duine gan dútt.

13 Géag thoruidh nach tuillfe béim [154]

a cuimhne ní docair dhuinn

innbhir deagha[i]gh(aidh) da gach dáimh

ingean cháig Í Fhearáil úir.

14 Ingean Í Fhearáil f[h]uair bladh

beangán as a cnuas ró-m char

múr tir(i)mfhleadh gan teirce a brugh

an ing[h]ean dubh geilte ghlan. Comhfada...