Poem in printable PDF format
Conall, cuingidh
Cloinne Néill
[Williams, N. J.
A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts
Society 51, 1980), poem 3]
1 Conall,
cuingidh Cloinne Néill,
mac dob uaisle
don airdfhréimh;
leis do-chuaidh a
Midhe a-mach
gach fine thuaidh
ar tosach.
2 Go Teamhraigh
Cuinn créad do-rad
Clanna Néill na
naoi mbrághad,
gidh cúich do
chuir do Lios Fhloinn
ní uil gan a
fhios agoinn.
3 Oide Conaill -
cruaidh an smacht -
óglach do
chúigeadh Connacht,
baile i mBeinn
Ghulbain do ghabh,
do chumhgaigh ar
eirr Uladh.
4 Ó thógbháil i
nGulbain ghairbh
leanaidh don
laoch an leasainm:
Conall seang
gealchas Gulban;
gá fearr seanchas
seanughdar?
5 Maidin ro
mharbhsad Ulaidh
oide Conaill
chosguraigh;
feidhm sluaigh as
a haithle air
do-chuaidh dá
aithbhe ar Ultaibh.
6 Téid beagán dá
bhráithribh féin
leis fa Eoghan
mac móirNéill;
do-niad airgne
tréana thall,
Éanna agus
Cairbre is Conall.
7 Seantuatha
Uladh ann-soin
ó Shrúibh Broin
go Beinn Gulboin,
Clanna Néill do
ansad ann
’s do ghabhsad
féin an fearann.
8 Ón ló do
chuir-sean Clann Ír
Conall Gulban don
ghairbhthir,
Ulaidh do Chloinn
Néill tug tair;
do roinn féin is
rug roghain.
9 Críoch Cairbre
do Chairbre chas,
Críoch Eanna
d’Eanna armghlas;
nir sguir dá
seoladh fa seach
gur chuir Eoghan
go hOileach.
10 Conall
ainnséin dob i a chuid
ó Eas Ruaidh go
ró Fánuid;
ris bu-dhéin do
dhruid an roinn;
do budh léir ar
chuid Conoill.
11 Dá mbé i
gcoinne nó i gcomhdháil
imreasain nó
iomarbháigh,
an firéan dá
bhfuilid chloinn
do-chluinid
Cinéal Conoill.
12 Snámh in
aghaidh Easa Ruaidh
tachar Síl
Chonuill chrannruaidh;
is dul in eas ar
onchoin
treas do chur ar
Chonollchoibh.
13 Is caomhthach
re coin allaidh
coigcríochas gach
Conallaigh;
Maol Seachluinn
go déadla ón druing
do leathchuing
chéadna Conuill.
14 Clann Chonaill
Ghulban do ghabh
seal beag ar
n-éag a n-athar;
ar dteacht a
tháisg fa thráth chóir
do fháisg ar
chách i gcéadóir.
15 Siar ó Shrúibh
Broin go Bearnas
ní tángas re a
thíghearnas,
gan urdhail an
uain, gan arc
uaidh go Gulbain
do ghluasacht.
16 Gan taisgidh
do chor i gcill,
gan tógbháil airm
dá aidhlinn;
mar dob éadóigh
an t-oireacht
gan éagcóir, gan
fhoghloidheacht.
17 Gan
iomchosnamh fan Éirne,
gan chogadh, gan
choimhéirghe;
gan luach an
deilg do dhíoth ríogh,
gan fhíoch, gan
fheirg, gan imshníomh.
18 I gceann
sheachtmhaine a shúil chorr
bu-dheas ráinig
go Ríoghdhonn;
re hucht sluaigh
Oiligh nír an
thuaidh ar
n-oíghidh a athar.
19 Tarmairt do
Chloinn Chonaill cor -
nocha lugha ná
leagadh;
is é do bhac cor
d’íbh Cuinn,
a mhac ar ndol Í
Dhomhnuill.
20 Do smuain a
athair d’oighidh
Clann Eoghain dá
ionnsoighidh;
adeir dream dibh
is groide -
’na gceann do
shín shochroide.
21 Dála an
chléirigh eacht eile
sluaigheadh
slaite Suilighe,
dár bhuail ’na
cadladh an gcoin
go nach tagradh
ar tosoigh.
22 Tar Ard
Sratha, tar Sliabh Truim
is cosgrach
cuairt Í Dhomhnuill;
an cuiléan ó
Chlár Maighne
lámh re muinéal
Modhairne.
23 A aghaidh suas
ar Sliabh Cairn,
a chúl a-mach re
Modhairn,
annsa ród ar
chuir an cath
a-muigh ar fód Ó
bhFiachrach.
24 An dara cuing
an chatha
ar Brian Eamhna
ardMhacha,
’s a leathchuing
re taoibh sa troid
ar Maoil
Eachluinn ó Fhánoid.
25 D’íbh mo
mháthar múinim chéill,
do Chloinn
Chonuill mhic mhóirNéill:
is iomdha duine
ar domhan
le budh buidhe a
mbeagoghadh.
26 A dtraothadh
ni tualaing cách
acht go
gcongmhaid a gconách;
dá dteagmhadh
teacht na bhfear féin
re a neart is
eadh budh aigmhéil.
27 Ná congmhad
Ceinéal gConaill
Clann Eoghain ’na
n-éanchrobhaing;
cóir do Chloinn
Néill a-nallan
léir don droing
go ndearnamar.
28 Iadhaid
Connachtaigh a gceilg
fa Aodh mac
Cathail Chroibhdheirg;
oireacht Cruachan
gan rath ris;
ach, is uathadh
dán hoiris.
29 Ceinéal
Conuill chnuic Theamhra
ná tréigid a
dtighearna;
ná bíodh doirr
Cholaim Chille
re Cloinn Conaill
Chreibhlinne.
30 Mac Domhnaill
Dúna Balair
dearcain darach
mórtharaidh;
Ó Domhnoill cnú
chuill sgathaigh,
cú conghloinn
Chuinn Chéadchathaigh.
31 Slat chumhra
Ceiníl Lughdhach,
rí Conaill crann
mórubhlach;
bas
ingheanchruinn fa chaol croinn
Maol
finnEachluinn cas Conoill.
32 Gabhal
tógbhála an tíre,
imeachtrach na
hairdríghe;
fuigheall
bréithre Coluim cháidh
féithle Conuill
do chongmháil.
33 Maol
Seachlainn mac Domhnaill duinn,
sruth robharta rí
Conuill,
ó Luighdheach fa
chois do chor
is cuibhreach ois
nó onchon.