firstLine"; ?>

517. Congaibh riot a raith Cruachan $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 181 Chas. O Conor 1766-73
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. War with English
  3. English conquest of Ireland
  4. imagery for kingship (buachaill,cladh teorann)
  5. Inauguration? (Carn Fraoich, banais)
  6. territory as king’s spouse
  7. Fertility of land under true ruler
  8. prophecy of ruler
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (NLI G 181)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid m. Dubhaltaigh m. Tuathail
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn saves Dearbhforgaill from 3 giant
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Congaibh riot, a Ráith Chruachan

[NLI G 181, 108]

Gofraidh Mac an Bhaird: do Dhiarmuid mac an Dubaltaigh meic Tuathail meic Eoghain Chaoich Ui Choncabhair.

[Deibhidhe, Dán Díreach]

[Glosses in manuscript reproduced in square brackets]


1 Congaibh riot a Ráith Crúachan

fada is ceide creachrúathar

dhiom [leg. díona?] th’fedh sédsrothac slim

a bhen egcrothach Oilill.

2 Ad rían cen ad conair slúaigh

fada a-taoi trom an anbhúain

a mhúr sen cladhshocair cuir

gan fer n-anacoil oruibh.

3 Do hoiredh le hingnibh cen

[ .i. do brisedh ré cosaibh cetra]

cluain bhur sgor aithe th’foirgnedh

slios do chúain comhair do threabh

congaidh ar n-úair ré t’aignedh.

4 Tugais oige ar aois shenda

do thréigis tlachtus soinenda

as [leg. ar?] sgéimh ndoirche a chettbhen Choinn

a dheidhgheal dhoilfi dhioghuinn.

5 Niodh [leg. niad] obthach ar amhsoibh Gall [109]

faoifidh sibh le sluagh Frémhann

tháinic ribh th’iomlat orra

sibh dot iomlat eatorra.

6 Tar éis na bhfer ro-s faoi ribh

fuilngidh cách re cían d’aimsear

a treabh mhín glaintethlach ghlais

baintrebthach dhíbh do dhenaimh.

7 Srían le t’aignedh iomchuir th’oil

congaibh fós féich le cabhair

a Ráith Cuinn bhraontana bhog

cuing na haontomha orad.

8 Ro-d fía(dh) ceile chuirfius libh

ro-d sgarfa réd sgeinm n-éidigh

dot fheraibh disle bú-dhéin

don tealaigh Ir-si eisein.

9 Gérr go bhfuighi fer cúbhaidh

d’uaislibh fhola Concubhair

ionsma fobha cirrbad corp [fobhu .i. tapaidh]

da ttora h’imnadh d’furtacht.

10 Airgthech Clíodhna an chúain bhárcaidh [110]

Diarmuid mac an Dubháltaigh

fer téchtaidh do bháines mbog

féchfaidh tre áines orad.

11 Dingebhaid daoirsi t’fhine

troidfidh timchiol th’innile

saoifidh an úair-si t’orchra

laoifidh uaibh-si th’allmurcha.

12 Acht go gcuiri cúairt ghaisgidh

fa Fhódhla mbuig mbraonaisdrigh

a Raith Mheidhbhe an mhúir dhédla

deinmne ar h’uidh ni fhuilénga.

13 Sillead[h] oirbh d’fhiorrinn annsa

do-ghéna an seng súlmhall-sa

a ráth nach eidigh n-oirir

fat[h] bhur n-éigin d’fhíarfoigidh.

14 Laibhéraidh rett lecain nduinn

mar do-roighne Cu Choluinn

re Derbh-Orguill inghen Ruaidh

ag orloinn inbhir adhfhúair.

15 Fecht n-aon a hinis Erenn [111]

da riacht Cu na gcaithreimenn

d’fhoirdnedh fhoghluma an duinn dil

a gcoing ghlanrulla an ghaisgidh.

16 Lá d’airighthe san tír thoir

do-chuaidh d’fhorbhais ar énoibh

dá bhfúair inghe[i]n ndubaidh ndil

ar thulaig inbhir úaignidh.

17 “A bhen” ol Cú an chrotha ghil

“id chesa cia ro-d bhuadir”

don o(i)g bhinnghil [leg. -gheal?] eaccnaidh fhéigh

fregraidh an inghen ain-séin.

18 “Ben misi dar eiridh oil

tigherna an fhoinn-si mh’athair

da thruimi tarla ar ttuirsi

uille damhna ar [n]do(n)ghuilsi.”

19 “Ni dith carad as cuis damh

ni teirce cruidh na cethra[dh]

ni tacha sétt” ar sisi

“crett m’fátha dha innisi.”

20 “Me Dearbh-Orgaill inghen Ruaidh [112]

faoifidh liom-sa lór d’anbhúain

tri hait[h]igh nach aobdha dáil

a nathair mhaordha macaimh.”

21 “Cíos trom a-ta ar an ttír-si

ag na hamhsib aindisle

cettghin cloinne gacha ríogh

coinne do éignigh mh’imshniomh.”

22 “Misi céttghin cloinne an Ruaidh

eigin dúinn dia do dhiombúaidh”

ar sí “no oighidh mh’athar

soigidh na ttrí ttorathar.”

23 “Gluais a óigfhir oraoid libh [.i. mo ghuidhe libh]

sul tegaid na trí haithidh”

“ní fhaomar” ar Cú na gcles

“go saorar thú ód truimches.”

24 Ad-chíd chuca a gcionn úaire

ni [leg. na] trí haithidh armnúaidhe

anaid rú ger mhenma mher

Cu na hEamhna ’s an inghen.

25 T(h)ug an Cú um chenn na mna-sin [113]

don druing n-aingidh n-úathbhásidh

troid bhorrfaidh fa búaine gomh

go ttorcha[i]r uaidhe an fhedhon.

26 Troid oile a hionshamhail soin

do-bhéra mac mic Tuathail

d’fhein Shaxan um Cruachain Chuinn

gasradh do fhúataigh urruim.

27 Cruacha an ben-soin do bhí a mbroid

tú fer a diona a Dhíarmuid

a nathair do chloinn Chonnla

Goill na hataigh allmhurdha.

28 Tú thinghébhus [leg. dhing-] dhi a doilghe

tú éistfius a hurfhúighle

raith chuir na ngégaoillius ngeal

ruibh egcaoinius a himnedh.

29 Minic fechtar thú a ttreasoibh

ni leicfe a los imresoin

ben broide do dhenaimh dhi

ar aba t’fhéchain impi.

30 Coisgfidh sibh sealad oile [114]

daoirsi Ghall ghuirt Laoghoire

do ráith bhuig finnnéllaigh Aoi

indénaimh dhuit da ndérntaoi.

31 Do-bhera sibh o so a-mach

go Cruacha chloinne Maghdhach [“Mágach”]

laoich do-roicch banuis Banbha

coir gach amhuis allmhurdha.

32 Ni sgarfa rett scéith n-órtha

go sraoine tar seanbhochna

a chu fiadhaigh bhenn mBanbha

eng an fhiallaigh allmurdha.

33 Na geinnti do ghabh Fodla

fuilngi ar fedh a bhfurogra

ag súr geilfhiodhbadh is glenn

fa teim[eal]mhagh n-úr nErenn.

34 Carn Fraoich ag feichedh ruibh-si

Raith Cheit acc cur chugaibh-si

blath fedh ag fornidhe ort

ar fedh collmhoighe Connocht.

35 An tshíon bhalbh an traigh thoirtheach [115]

na haibhne in úir gegfhoichnech

an tonn a mhac mheic Túathail

dod reic sonn re senChrúachain.

36 Gidh edh ni thighfe tusa

re slios an mhúir Mhedhbha-sa

luighe ar leith tiombaidh [leg. diomb-?] dháoibh

go reich a n-iomáin d’éntaoibh.

37 Suan oidhche ni heidir libh

feicidh tú do threibh Tuathail

do Laoi ’s do Lúachair Dhégaidh

’s do Chrúachain Aoi a n-éinghealaidh.

38 Tu fheichius do Mhoigh Mogha

tu bacaidh [leg. bacus?] na Boromha

tu dhíd(h)nius an crú Cuinn-si

tu tib(h)rius [leg. dhíbrius?] a doghuillsi.

39 Tu fiadhidhe benn (mbenn) mBérra

tu creachoir clair righfhÉile [’ righÉle’]

tu is coimedaidh do chluain Fraoich

an brúaigh fhoighegaidh fhérmaoith.

40 Tú is cladh tóronn da ttráchtuibh [116]

a oighre óig an Dúbhaltaidh

tú as tuir do Crúachain na gcath

’s as buacail cruidh do chomdach [dhá cúmhdach]

41 Tu an ruire da raibh a ndán

breth broide Erenn d’iompádh

a lig thoinighthi a troigh mhall

a ghoimh oilithre eachtrann.

42 A ua Cathail an Chroibh Dheirg

is Thaidhg na deibeadh dibheirg

a chrithir is conchur goimh

a bhorrfadh frithir ferchon. Congaibh...