firstLine"; ?>

519. Connradh do cheanglas re hAodh $
Length: short 13qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA625 O’Curry transcr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. UCD O’Curry MS no. 5; 19c. variant text
Prints:
  1. transl. Eigse xxvii, 63
Motifs:
  1. recitation of poetry
  2. material reward for poetry
  3. Pledging verse from every poem to patron
  4. citation of earlier text
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (UCD O’Curry MS)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Conchonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir
Apologue Subclasses:
  1. Gofraidh Fionn O Dalaigh’s contract
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Connradh do cheanglas re hAodh


[Pádraig A. Breatnach, ‘A covenant between Eochaidh Ó hEódhusa and Aodh Mág Uidhir’, Éigse 27, 1993, 59-66]


Eochaidh Ó hEodhasa .cc.


1 Connradh do cheanglas re hAodh

mac Con Chonnacht, ciabh barrchlaon,

ní racha i ndíoth dhó nó dhamh

dá ró críoch ar an gconnradh.


2 Feacht éigin ag ól chorma

d’Áodh gona aois ealadhna

fir le bhfoghthair a bhfaghaibh

dar shir orthaibh ealadhain.


3 Dar gabhadh ó Ghoffraidh Fhionn

d’fhior eigin d’uaislibh Éireann

laoidh dá ndearna, mar do dhligh

do chraoibh Eamhna fan aimsin.


4 Ag mac Í Briain an bhairr ghloin

don dán-soin do dhealbh Gofraidh

do bhí an rann deireanach de

crann do gheilfhiodhach Ghaillme.


5 “A fhileadha” ar Aodh ann soin

“gá cúis fár chum Ó Dálaigh

an rann-sa do rígh ó gCéin

nó an do bhrígh annsa eiséin?”


6 M’aitheasc féin ré fear nUladh

méad a cheana ar Conchobhar

nárbh é dob fháth don ollamh

’sé idir chách do chanamar.


7 “Each gach bliadhna - buan an bhreath -

d’Ú Dhálaigh - díochra an t-eineach -

do bheireadh saorbharr sluaigh Fáil

ar an aonrann uaidh d’fhagháil.”


8 Tar éis ar innisios dó,

Aodh Cuailgne ar nach cuir annró,

gabhais géag armglan Uisnigh

éad adhbhal mun adhbair-sin.


9 “Créd doitse nach dearnadh lat”

do ráidh Aodh - folt na bhfionnshlat -

“riom a mhaca samhla sin

mur tharla aca an uairsin.”


10 Do ráidh meise gur mhaith liom

tar aoinneach d’uaislibh Éireann

mo chunnradh do bheith ar bail

go hurlamh re cleith gComair.


11 Do naisgeadh linn leath ar leath

meisi is Aodh, earla fáinneach,

ar gcunnradh mur budh lór linn;

dá chlódh ní hurlamh m’inntinn.


12 An connradh do cheangail mé

re brath ríogh rátha Bóinne,

biaidh mo dhán dá char i gcéill

nach budh nár damh no dóiséin.


13 Do thoil Íosa, a earla bog,

th’eacht oramsa is m’eacht orad;

budh daor libh is budh [daor] damh

a Aodh mo-chin dot chonnradh!