firstLine"; ?>

521. Coroin Eireann ainm I Neill $
Length: very long 55qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
  2. inauguration ode
Manuscripts:
  1. RIA625 O’Curry transcr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. patron compared with own kin
  3. poet incites to war
  4. English conquest of Ireland
  5. Inauguration (leac Tulcha Oig, coroin)
  6. fertility under true king
  7. symptoms of law and order
  8. Hostages
  9. Highkingship (Lia Fail)
  10. historical precedents
Poet Christian Names:
  1. sname only (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1595
Apologue Subclasses:
  1. Donnch. pilgrim
  2. Patk blesses Eoghan
  3. Lion kills Unicorn (horn stuck in tree)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Coróin Éireann ainm Í Néill

[O’Conor Don, 135b]

Ó Gnímh cecinit don fhior chédna [Toirdhealbhach Ó Néill]

[Stanza 2 appears after stanza 19 with the following written after it: A ndiaigh an céad roinn is cóir an rann-sa]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Coróin Eirionn ainm Í Neill

cennus aca ar gach ein[fh]réimh

creidim do choróin chláir Breagh

as cóir do ghlanfhóir Gaoideal.

2 Ga ferr mionn airgid nó óir

do-ronsat(h) fuil Chuinn coróin

ar nach snaidhm geill do ghabhail

Ó Neill (a) ainm a[n] uachtaráin.

3 O tugad cath Chluana Tarbh

ainm Í Neill nach iarr orarm

re na coróin chlair Criomhthain

lán d’onóir ag Éirionnchoibh.

4 A hEirinn na ttracht ttana

beirius mac Bríain Bhóramha

coróin Bhanbha is nír berthi

d’faghail anma oilirthe.

5 O rug Donnchadh ó Dhál cCais

[In margin: Donnchadh mac Briain Bóróimhe sunn.]

a hEirinn d’fhoileim turnais

an mhionn gnéshlim nglanóir nduinn

coróin na hEireann agoinn.

6 An fedh nach bfaghoid coróin [135(a)a]

sgatha Gaoidhil puirt Parthaloin

reidhfhailm na budh réid do sniomh

Ó Neill in [t-]enainm airdríogh.

7 Don leic tarla a dTulaigh Óg

do-niad Lia Fail na bferod [in margin: Lía Fáil]

’s do-níad(h) d’Emhain an fhuinn ghloin

Temhair Cuinn gion gur cubaidh.

8 Gan dul go tegh na ttri bFionn

da ríoghadh ós íath Éirionn

do Thoirrdhealbach fhóid Enaigh

coimdiomdach coig cóigedhaigh.

9 Tairgid cennus cruth geals

ní mholfadh gasradh Ghaoidheal

cur athláoi ar uaim Temhrach

da bhfaghtháoi a-túaidh Toirrdealbach.

10 Techta cloinne Catháoir Mhóir

’na cenn nirb opta an onóir

techta [d’]ibh Tail ar thoighecht

cóir techta uman techtaireacht.

11 Enguth Gaoideal guirt Bhanbha

clár Bregh fa fhéin allmurdha

nár do cinnbhile crú cCuinn

neimrighe riú fa Fhremhuinn.

12 On broid-si ar Codhal ’s ar Cholt

ni shaoilionn Ráoilionn iad d’furtacht

cobair Ráoilionn na ngort nglan

ní sháoilionn Colt no Codhal.

13 D’feroiph borba ban ccolach

’s do mhnáibh mileadh Sacsanach

dar líon clár camchornach Cuinn

Gallchobhlach lán o Lonnainn.

14 Tugadh da mbreith san mBanbha

a mbroinn e(a)lltan allmurdha

gan confaidh ger choin bhorba

doim ar n-ónchoin d’ionnarba.

15 Ris a-táid fa bheith a mbroid

Ó Neill Emhna o nach bfagaid

duine ar chéimiondaibh ’na chló

Eiriondaigh uile ag iargnó.

16 Cred fa mbiadh o Dhun Dealgan

go Boinn na mbrugh ccennndeargglan

’s o balbhAth Luain go Life

Gallráth uaid nach airgfidhe.

17 Ge lesg leis Gaoideal do ghuin

’na ghabhadhgúais re Galluibh

gnúis chorcra da cceinnfhíar fiodh

do neimhmían gonta Gáoidhiol.

18 Dénta dó dála an leómhain

an rí-si shiol sáoirEoghain

do chosg confaidh láoch Lonndan

fráoch orrtha da n-ionnarbadh.

19 A-ta bethadhach bríoghmur

san domhan toir trachtlíonmur

bord cúain is gormfhoi[th]readh glan

folmhoighter úaidh da uamhan.

20 Uínecorn a ainm bonaidh [135(a)b]

fad laimhe an láoich fheramhail

nach lag troid [leg. dtrada] ag tabhairt ghon

d’adhairc fhada as a édan.

21 Ní faghtur man bfonn breacgorm

gan úamhan ón uainecorn

bethadhach da bhurba thoir

fughba bethadhac bríoghmhoir.

22 Ni bhen fáoi go bfagur lais

gé bheith sé tuirrsec turais

co mboing mbethadhach da bharr

lethfolach croinn fa ccodlann.

23 Búailis an leomhan lán lúidh

do mhosgladh a fhir iomthnúith

se ar lúaghaill ó bharr go bun

gualainn mun ccrann da crothadh.

24 In t-uínecorn anba an ghoimh

tig fa thúairim an leómhoin

sáthadh neimhmeirbh tre chli an croinn

go mbi a theinnfheidhm ’na tarruing.

25 Od-chí an leómhan lán neimhe

arm cosanta an choillidhe

tresan crann mbarrglas mbreacgorm

marbhus ann an t-úainecorn.

26 A croidhe a (m)broinn a bhíodhba

tig [leg. tug?] an leomhan loinnerdha

do buille cruibh da crobhaibh

ar nguin bruinne an bhethadhaigh.

27 Mac Néill an leómhan loitmer

is é an crann fa ccomraicter

inis Floinn linngeal leacgorm

Goill fhinnBreagh an t-úainecorn.

28 A-ta ag Sacsuibh náir dh’Ó Neill

súan an úainecorn eiséin

a mbroghaib cláirmhíne clach

sáimhrighe um tolaigh Temhrach.

29 Crathadh am dusgadh Danar

mar so is maith mosg[a]ladh

Toirdhealbhach re torann greadh

cladhfonn gormiúbhradh Goidheal.

30 Rem na cedpeisde um an crann

do-bheirid damhradh dúbhGall

cóir gráin re gercobhnaibh sleagh

a ndáil trencódhnaigh Taillten.

31 Ris Ó Neill go neimh leomhain

a ndlús chatha cuinneomhaid

fál túagh is cranngal gha ccorr

an slúagh allmurrdha a n-athcrann.

32 Feirde an leoman nac lag troid

ni mionn sleighi (?) a ccrann comraic

roimhed a croinn tar an ccoill

dha coimed ar coill comloinn.

33 D’fíodhbaidh Banba ni beg lais

leoman seilge sluaigh Bernais

ar lucht tnúith do caomna í Chuinn

áongha fa ndún a dernuinn.

34 Cía a nEirinn riam do-ríne

lór d’faghail airdrige

gníomh sinnsir í trenNeill thall [136a]

ag beilleim innsedh n-euchdrann

35 Braighdi a-nois do-ni d’ibh Neill

cennus aca ar gach énfréimh

gabhail giall go gormmúr [leg. -muir] nIocht

lé Niall d’foghlaibh is d’oirbiort.

36 D’éis Muirchertaigh mic Earca

ríghe le ró aigenta

ris o ndeighNeill bennchláir Bregh

nemhchair do ghlanfhreimh Gháoidheal.

37 Cennus dáibh ni bret lé báidh

fágbhuis Padraic in priomhfáidh

mac Arploinn an gníomhraidh ghloin

ag dagchloinn fíonmuir Eóghain.

38 Eoghan mac Neill an ba[i]rr bhuig(h)

ó do bháoi bacholl Phádruic

ráite a gcneidh braoingheir a bhuinn

a neimh a ccaoimfréimh Conuill.

39 Cennus da shiol ó so a-mach

tig do nimh go Niall Frasach

cioth sruithbhliocht bairrbreacr do mhila

airged [’s] cruithneacht re chaithimh.

40 Tugadh ó Fhlann mac Lonáin

d’fuil Eoghain áit uachtaráin

um chlár bhfionn bhrasmoighe Breagh

os cionn gasruidhe Gháoidheal.

41 In chlann-sin Neill na náoi nglas

téid gach ríghe ría cennus

ós féin chomhlannaigh cráoi Cuinn

mur chnáoi corrmhullaigh crobhuing.

42 Mén a sosair ’na senaibh

méin a sen ’na sósaraibh

Síol Neill ag neimhdhion a gcrodh

méin an deighríogh ’na ndioghnaibh.

43 Dár fhás riam ó Gháoidhiol Ghlas

nír fed fine da fheabhus

righe re a bfoghdháoinibh féin

d’fine rodháoinigh rígh-Neill.

44 Céim os Gáoidhealaibh guirt Breagh

do chloinn Neill na náoi ngeimheal

don chloinn-sin Neill is nemhghuth

céim tairrsibh do Thoirrdhealbach.

45 Cóir fúair Ó Neill mhúir Macha

cennus uaibh a (h)Ulltacha

eó fis a finnlinn dhomhain

inghill ris ní rabhabhair.

46 Da bfaghadh í da fhine

Éire ar fedh do fúaighfidhe

leis ó sáoirNeill sith Chodhail

mur crich ccaoimréidh cConchobhair.

47 D’oirbhert riam gé bheith bernach

siol treinNeill ré Toirrdealbach

tre Toirrdealbach tíad a nert

nach oirbhernach íad d’oirbert.

48 Acht ealta ag éigniughadh

a ttír Í Neill nert bithbeo

nó tes goile ag goid a sreabh [136b]

gan goid oile gan eigean.

49 Ag so a bfuilngionn flaith Uladh

do recht cláon gan certughadh

breta fileadh fíar ccoille

fár ccineadh fhíal Eógain-ne.

50 Osnamh dáilemh ag dáil chorn

braighdi ag osnaidh a n-íarann

osnamh mor dhoire ó dhonnchnoibh

gan brón eile ag Eogan(a)choibh.

51 Binne ina [an] dord fíansa ag Fionn

a ttír Í Neill nuall fáoilionn

téda menncrot ní mhol nech

tar lon a bennchnoc bileach.

52 Slán cháigh go bfrith a bfíodhbaidh

ó ló togha Toirrdhealbaigh

cnú da loighed a leth Cuinn

gan beit ’na huired ubhaill.

53 Lorg éncreiche an bfacaidh fer

ré linn Toirrdealbaigh Thaillten

úain tar bord chaithleithe Cuinn

lorg gach caithcreiche chugainn.

54 Da dhoicheol nach doibinn lais

gáir chatha ag cosnam flathais

bráighde glaccháointe a ngort Gall

’na lucht athcháointi a n-íaronn.

55 Gan d’iomarcaidh ar úa nAirt

ag Conn an anma oirrdhairc

fíor a gcoma ar fonn bFáil

acht dola um Chonn don choroin. Coróin...