firstLine"; ?>

523. Corrach do shuan a shaoghail $
Length: long c. 32qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA20 (23/M/30) E. O Caoimh 1684-
  2. Mayn. B9a T. O Neachtain 1708-17
  3. NLI G140 Math.Troy, R. Tipper 1724-40
  4. TCD1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  5. Mayn. M84 S. O Murchadha n. R.1738-
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 69
Motifs:
  1. Resurrection
  2. The Last Judgement
  3. Sin and penitence
  4. The gift of tears
  5. brevity of life
  6. disciplining the body
  7. The Ten commandments
  8. almsgiving
  9. Tithes
  10. pilgrimage
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (by Peadar O Longain
  2. Gofraidh Fionn (Doubtful ascr. in RIA 492)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
  2. O Dalaigh in RIA 210
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Corrach do shuan a shaoghail


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 69]


Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.


1 Corrach do shuan a shaoghail,

fuarais fios gach anbhaoghail;

an té do dhealbh an domhan

ós é as dearbh dod dhíothoghadh.


2 Mac Dé ler doirteadh a fhuil

mhilleas do shuan, a shaoghuil;

lámh fan gcruinne cuirfidh

dál tuinne fa thorchuirthibh.


3 Moisgeolaidh sibh as bhar suan

an saoghal - anba an t-amhluadh!

caora teineadh ceatha cloch,

deireadh an bheatha is baoghlach.


4 Ní tráth ar bhfagháil ar faill

beag dar dtéarma tá romhainn;

i ndóigh gomadh deireadh dhi

neimhsheadh is cóir san chruinne.


5 Briathra Chríosd gé do-chluinim

ní hiad as mhó mheabhruighim

sgéala Dé [thar] an domhan;

méala mé [dom] mearoghadh.


6 Ní tráth dhamh mo bheith ar bhaois,

do-rinne cré dom chomhaois;

is sia ’s is sia an óige uam,

a Dhia, ní m’óide m’amhluadh.


7 Tiocfa ar ar gceann leath ar leath

[síneadh] sa choraidh chléireach

gabhuidh sin síodh ar ar son

do-bhir [ghá] dhíol an deachmhadh.


8 Leigim mo dheachmhadh gan díol,

brisim deich n-aithne an airdríogh,

mór do-ním nar dhéanta dhamh,

bím gan déarca do dhéanamh.


9 Cá husa a n-áireamh fa thrí

triur ’n-a aonar an t-airdrí

rí nimhe ’n-a thrí treanaibh

go dtí im chridhe a chreideamhain.


10 Tairgfidh mé ’s is mithid damh

mo chúis re Dia do dhéanamh;

tuigim nach géabh greim eile

do-ghéan le heirr m’aimseire.


11 Le rígh na ndúl a-dirim

ar pháis Críosd mar chuimhnighim

i ndóigh fháilte d’fhagháil damh;

sláinte [ó] anáir [a n-iarrabh].


12 Dá gach bhroid dar himreadh ort

táinig síol Ádhaimh d’fhurtacht;

an talamh ar ar fhear t’fhuil

neamh is taradh don talmhuin.


13 Ag so, a chodhnaigh naomh nimhe,

oruibh d’iarraidh maithmhighe

mé agus m’almsa leam im láimh;

fearr ar n-annsa dot fhágbháil.


14 D’íoc fola re Dia dhamhsa

- truagh gan a fhios agamsa -

is fearr sníomh ar bhreith na mbocht,

a ríogh ná bheith ar bhochtacht.


15 Fuair Pól i ndiaidh a ndearna

is amhail tú, a Thighearna,

is maith gach olc do-ní neach,

a rí, agus tocht ’n-a thaithleach.


16 Go dtí dhíot gan m’anmhuin ann

peacadh, a Dhé, dá ndearnam;

gan teacht, a Choimdhe, as an gcol

beart as doilghe ná a dhéanamh.


17 Bheith do thoil na colla criadh

do-ghéanadh Íosa d’aimhriar;

is cogadh ort, a Dhé, dhamh

gan mé ar mo chorp i gcogadh.


18 Is ribh as bheirthe a bhuidhe,

a chodhnaigh gach chríosduidhe,

córa a bhuidhe do bhreith ribh

ná bheith do dhuine ar [díthreibh].


19 Mairg nach tuigeann i dtráth chóir

mar tá an saoghal ag seanmóir

is cré na huile ar ndol de,

’s is [cor] an duine a-deire.


20 Gan dul d’éag ná d’aois dúinne

is é adhbhar m’iomthnúidhe;

do-ghéabhthaoi é a-nocht ar neamh

ar dtocht an-é don aingeal.


21 Rem iarraidh gidh bé do bheath

tiocfa aimsear do b’aithreach,

uch ní hiongnadh a fhagháil

ag sruth [fhionnghlan] Órthanáin.


22 Fada ó chúiteachadh mo chean

siobhal [’n-a] ceann ní chuireabh;

d’eagla an aisdir is lór linn

an Rómh d’fhaisgin i n-aisling.


23 Do-bhéara iul ar Dia dhamh

adhradh do Mhuire mháthar,

do-bheir sé ar mearughadh mé

neamhumhal mé do Mhuire.


24 Beag nach ionann ’s a n-éara,

tiocfa am bhus aithmhéala;

d’anáir ní bhí ar na bochtaibh

ní d’fhagháil achd d’iomarcaidh.


25 Is í coigill budh fhearr air

caitheamh conáigh an tsaoghail;

[gan] mhaitheas ní bhia go bráth

gidh cia chaitheas a chonách.


26 Cúis an uabhair is é a dhearbh

rug na haingil i n-ifearn,

ní bhí tuile nach téid as;

tréig, a dhuine, do dhíomas.


27 Tabhair do Chríosd do chridhe,

gabh it olcaibh aithrighe,

cuir seadh, a dhuine, sa deoir;

neamh ní fhuighe dot aimhdheoin.


28 Go dtí dhíom mar dhleaghar

mo cheana do chúiteaghadh;

tugadh rosg dá ndéanaimh dhamh;

cosg dom dhéaraibh ná dearnar.


29 Is measa dhamhsa ná dhí

ar bhris d’abhaill na haithne;

gar fallsa amhghar Éabha

damhsa is adhbhar aithmhéala.


30 Dá ionshamhail aca soin,

dá theaghdhais iarsma Ádhaimh,

’n-a hoidhche a-tá [an] treabh oile

an lá i dteagh na trócoire.


31 Mac Muire maith dar gcabhair

ráinig gan fhios d’Iudhalaibh

a huaigh as ar dhoiligh dul;

an oighidh fhuair nár íocar.


32 Dia i n-uaigh dá thráth nó a trí

do folchadh d’úir an t-airdrí;

go dtáinig uan Mhoire a-mach

suan a croidhe fa corrach. Corrach.