firstLine"; ?>

524. Crann do chuir amach Naoi nar $
Length: middling 30qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
  2. Brussels Bib.roy.20,978-9 ?1616-18
  3. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. transl. Williams, Poems GBM no. xxii
Motifs:
  1. Judgment Day
  2. Sin and penitence
  3. Eight Deadly Sins
  4. Fasting
  5. medical lore
  6. agriculture
  7. Hunting
  8. gaming ?
  9. Fishing
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (BOCD)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Apologue Subclasses:
  1. Noah’s Flood
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Crann do chuir amach Naoi nár


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 22]


1 Crann do chuir amach Naoi nár

mac Láimhiach an seang sliosbhán;

giolla solamh do gheabh greim;

do threabh domhan iar ndílinn.


2 Ní tháinig ó dhílinn duibh

acht éanochtar a héaguibh

do shíol an fhearchon Ádhaimh,

dá cheathror do chompánaibh.


3 Dá chompán gacha cuaine

lucht na báirce bordruaidhe;

iomdha lánamhain san luing

ó áladhaibh an ubhuill.


4 Tráighis díle don domhan

- don Athaír a altoghadh -

dár beanadh an ceannbhrat ciach

do sheangmhac leabhar Láimhiach.


5 Smuainis - fa tearc an toradh -

oifig mbig dá mbeathoghadh;

sealg dhomhain an cheard do char

ar searg thoraidh na talmhan.


6 Sínis ar fhud an achaidh

crannghoíl n-álainn n-arathair;

an crann a-deir an dligheadh

is ann-sein do suidhigheadh.


7 Do chum chéacht i ndeaghaidh damh,

do orduigh shoc dá sheoladh,

do chom coltar i gcaol chroinn

do sgoltadh na raon romhoinn.


8 Do sheol sheisrigh ndiomsaigh ndamh,

do orduigh brod dá mbrostadh;

ochtar daoruidhe ’mun dáimh

is aonduine ’gá hiomáin.


9 Cúich an crann do chuir a-mach

mac Láimhiach na long n-amhlach?

a-déara mé céill an chroinn;

a Dhé, gurab réidh romhoinn.


10 Is é an crainnsin - ceart an bhreath -

an iris dhíreach dhlightheach;

fine Ádhaimh - ní locht leam -

na hocht lándaimh do luaidhseam.


11 Fear aoine is cuinge crábhaidh

oireamh an chroinn chorránaigh;

an t-iománach geal gasta

fear iollánach eaglasta.


12 Is é brod brostuidh na ndamh

teanga an fhir ghráidh dár ngríosadh;

is é an coltar an cridhe -

sgoltadh é ar an aithrighe.


13 Gá feirrde coltar san chriaidh

gan an soc leis ’na leithdhiaidh?

nocha dtuit an magh dá mhuin

gan char an tsuic re a sháluibh.


14 Lus is fhearr d’iarraidh nimhe

an fhaoiside, an aithrighe;

iarraim aithrighe i gceann chuil -

leam is tairthighe ar talmhuin.


15 A oirimh chongmhála an chroinn,

déanam oireamhnacht áloinn

gan in eitrighe ar iarraidh

deigcridhe agus deighriaghail.


16 Fód dearg, fód glas go ngloine

bhíos ar fhud an iomoire;

gidh é an glas is áille ann,

gráinne as nochan fhásann.


17 Ní hamhlaidh don fhód oile,

fód na húire iothmhoire;

gidh salach bonn is bróg dhubh,

ón fhód is trom a thorudh.


18 An fhaoiside gan fholach

an fód úrmhar uachtarach;

’s an mhuine fhéarghlas fhásach

duine béalbhras bogásach.


19 Is í an fhaoiside an soc slán

fhosluigeas an fód follán;

beanaidh sí ciaigh don chridhe -

dá shiair í ’s an aithrighe.


20 Faoiside ’s a féar a-mach

an ghein shúlálainn shalach;

diomdhach saor na ndúile dhi

gan taobh na húire in airde.


21 Cuiream in airde an úir nduinn,

folcham taobh an fheoir áluinn,

déanam síol do char re a chois -

gá bríogh san ar ’na fhéagmhois?


22 A hucht chlé cuirthear an síol

i gcoinne Íosa an airdríogh;

nár gan an cleas do chogar:

an lámh dheas do dhiubhrogadh.


23 Is í an lámh dhiubhraigtheach dheas

cathair nimhe na naoimhchleas;

an lámh chlé fholamh oile

is é an toradh talmhoidhe.


24 Is é an crann saoghalta an síol

chlaonas ar nimh na naoimhghníomh;

is í an tslighe a haithle a hoir

faithche nimhe idir naomhoibh.


25 Is é an lá brátha bunaidh

an lá frasach foghumhair;

is ann is abaidh a bhuain,

thall i madain an mhórLuain.


26 Cuiream an siol go tiogh trom -

ní thig arbhar gan fhochonn;

an té luigheas isan lios

nó shuidheas is é éirghios.


27 Olc tuigim an fhochruig fhinn,

olc tuairim is olc aitchim;

roithric mo chabhair ón chlár -

gabhair droichbhric ar dhubhán.


28 An neasgóid tomhaidhthe thréan

atá im chridhe ní cheiléabh;

an coltar go dtí dár dtreibh

dá sgoltadh, a rí an ríghthigh.


29 Ocht gcéidpheaca na cruinne

a-táid trasna romhuinne;

cliath ghábhaidh ag tocht tromhuinn -

ocht n-álaidh a haoncholuinn.


30 Go gcomhghlana mo chridhe

m’fhaoiside agus m’aithrighe;

go sguabam im theallach thall

nárab ceannach ar chruadhchrann. Crann do chuir.