Poem in printable PDF format
Craobh eoluis an
oinigh Aodh
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 4]
Giolla na Naomh
Mac Eochadha .cc.
1 Craobh eóluis
an oinigh Aodh,
do-chuaidh an
t-eólus d’éntaobh,
rug eól don dáimh
’na dheaghuidh;
don eól is cáir
creidiomhain.
2 D’éis fhoghla
don fhéin Bhranuigh
gan shuan níor
fhéad anamhuin;
caitior
fiodhbhadh le boing mboth,
do chloinn
biodhbhadh bu bhaoghloch.
3 D’éis go
hursain caithmhe a chradh,
mór bhfear [ó] a
bhfuigheadh diúltadh;
cá dóigh
aoigheadh dob usa?
aoiniodh óir an
Aodha-so.
4 Do thnúth ré a
ttáinig roimhe,
a gcrích
fhóidréidh Iúghaine
má tá cliar béime
do bhoing,
riar na cléire ar
ó gCriomhthuinn.
5 Béim oile ’na
égmuis sin
ní heaguil don
fhéin Laighnigh;
bheith a-réir a
ttigh tathuimh,
ag sin béim ar
Bhranachuibh.
6 Soillsi an laoi
mar thig as-teagh,
gairm uaidh ar
ógbhaidh Laighion;
lá éigin d’Aodh
gan fhoghuil
saobh nárbh
fhéidir anamhain.
7 A chóir le
Galluibh Ghuirt Fhloinn
ní hinléigthe
d’ua Rémuinn;
breith ainbhreath
um Bóinn bileadh
lé fóir
Laighnioch léigfidhear.
8 Fiú na breatha
bheirid sin
ainbhreatha
d’fhulang d’éigsibh,
roighne chean
chloinne Conla
a gcoinne fhear
n-ealadhna.
9 Aoinbheart ar a
chlú do chur
ní dheachaidh
díobh gan dénamh;
ní clú dob
ionchuir d’fhilidh
ar chrú
Criomhthuin cuirfidhir.
10 Laoich uallcha
gan obadh n-áigh,
faoilidh leó éra
d’fhagháil;
díol nách
oghthuir d’fhóir Laighion
lé dornchlaibh
óir íocfaidhior.
11 A Laighnibh
níor dhulta dhí,
scol darbh obair
buain béime;
do-ghébhadh riar
ó Rosa
cliar gan dénamh
dénmhusa.
12 A thoil féin
dó gur dáiliodh
ar chrodh níor
chuir comháiriomh;
geall re bronnadh
ag ó mBroin
do gheall an
t-ollamh anmhoin.
13 Lucht eóluis a
gclú do chor,
iomdha dhíobh ag
díol deóradh
lé crú
Luighdheach go leagar
foidhleach clú
nár chuireadar.
14 Minic ar cúl a
gcolg sean
líon gleóidh nach
gabhann filleadh;
roinn Cobhthaigh
do Chlár Énna,
tár orthaibh ní
aigéra.
15 Fear ’gá
bhfuil eól gach insi,
cóir tocht ar na
tréidhibh-si,
adhuigh d’Aodh ré
taghuil tuir
is adhuigh ré
taobh tobair.
16 Laoich
dearbhtha gan diúltadh gliadh
d’fhuil Branach
na mbreath neimhdhian
ní bheirid Goill
d’eól orthuibh
gleódh do roinn
re Raghnallchuibh.
17 Cairde am
dhíol dá ndeach orthuibh
beag an béim ar
Raghnallchuibh;
ní éireóghadh lé
crodh cáigh
tol gach
éindeóradh d’fhagháil.
18 Gan bronnadh
ní dheachaidh de
séd nár dáiliodh
riamh roimhe;
do-bhir bronnadh
í Bhreasuil
donnadh a fhir
imreasuin.
19 Ag túr
deabhtha nó ag díol scol
madh fada thú a
ttír biodhbhadh,
níor fromhadh lé
fear bhfleidhe
a fhleadh d’omhan
h'oirbhire.
20 Beag an
bhreith bheirios aoighidh
ag dul uaithe a
n-iolmhaoinibh;
ní hé donnadh a
ghruaidh ghil
a bhfuair
t’ollamh ó inghin.
21 Mairidh fós ag
fóir Danar
cuimhne ar an
treas tugabhar;
seachnuid Goill
Teamhra Dá Thí
boing san mbearna
’na mbíthí.
22 Lá éigin dá
ttabhair tol
d’éirghe amach fá
iath Almhan,
ní léig tégar
cleath gcumhra
beach d’fhégadh a
athardha.
23 Tar éis gach
énchuain oile
do bhrath fá
Fhonn Iúghoine,
cuain shealg ní
hiontoghaidh d’fhior
ar fhionntolaigh
learg Laighion.
24 Gé tá ar ól ag
an mbróin mban,
ní fleadh dá
bhfaghthur cunnradh,
deoch gráidh ar
Aodh do hibheadh
nár shaor ag
mnáibh mílidheadh.
25 Oighre Seaáin
na sleagh gcorr
re deireadh fiach
nach fágbhann,
do ghiall acht a
chairt cloidhimh
ar Fhiadh nAirt
ní hiarfoidhir.
26 A ghreagh a
n-aice gach fhir,
craoithe dá gcur
ré coinnlibh,
luadhuil chean ar
ó gConnla
re huamhain
bhfear n-ealadhna.
27 Táinig d’Aodh
do thocht as-teagh
dúnadh deirce mná
míleadh,
féghain ar fhear
dob usa,
bean ag dénaimh
dénmhusa.
28 Ní hé gach
aoinfhear d’iath Breagh
fhuilngios dóibh
dul tar dligheadh,
scol dá n-éra am
dhíol ndoiligh
go síol Énna
ionnsoighidh.
29 Fiú a
n-inneall ag éirghe a-mach,
Raghnallaigh na
ruag bhfaobhrach;
líon gliadh ’na
ndál nár dhulta,
dámh do riar ní
rodhocra. [Cra.]
30 Clú nach
baoghal breath a ghill
tarla ó thús
d’inghin Fhéilim;
raighne na mban
do bhunadh,
bladh Saidhbhe
gan sárughadh.
31 Dóigh aca dá
dénamh dhí
tar mnáibh
oirdhearca oile,
do dearbhadh é ar
an ord scol;
lorg na
ndeaghbhan lé leantor.
32 Ua Saidhbhe na
ttoirbhiort ttiugh
ní fhuil d’aithne
na n-aoigheadh,
damhna gnaoi dá
gruaidh chorcra
do mhnaoi a
n-uair na hanocra.