Poem in printable PDF format
Craobh eoluis
teisd tigherna
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 8]
1 Craobh eoluis
teisd tigherna
teisd dana cóir
comhumhla;
gnáth bladh a
ndiaigh deghanma
biaidh gan chradh
dá chomhurdha.
2 Eol do-chóidh
tar caolshlighidh
eoluis róid nach
raonnduiligh;
rian ríogh ag
gach énfhilidh
ag triall ó shíol
tsaorUidhir.
3 A thoil nach
uair inshiobhail
sgol gá buain do
bharamhail,
ní mall dí riar
roirighin
cliar is gan hí
ac anamhain.
4 Le gaoith
gliadh do hinnsoighedh
laoich le triall
nár toirrsighedh,
gur bhéim don
tóir tiomsughadh
ní dóibh féin nár
foillsighedh.
5 Sí ag féin
Éirne ionchosnaimh
d’éis éirghe na
ferchonsain,
ben Da Thí ar tí
an Mhanchoidhsin
do-chí nach ní
nemhchosmhail.
6 Nach ttarla ar
tí imeirce
fríth do tharbha
a throimsheirce;
fiú réir ar cCon
Connachtne
dol don chléir ar
coimeirce.
7 Cocur chaithmhe
an-óiridhibh
sgol aca na
n-aoinfheraibh;
bac suain ar
tsíol tsaorUidhir
fán díol nach
uair d’aoidhedhaibh.
8 Tóir d’omhan a
oirbheire
lá troda ’na
dtromluidhe;
dá luaithe ar áth
n-iorghoile
luaithe cách ’na
ccomhnoighe.
9 Snadhmadh sídh
nár dhoidhénaimh
bráighde a ccrích
gá ccomháiriomh,
géill ar áth dob
ainiarraidh
is cách féin gá
bhfoláiremh.
10 Gé fuair sí
riar rodhoiligh
a triall níorbh í
a baramhail;
créd an chiall
fár cheiliobhair
cliar nár fhéd
gan anamhain ?
11 Líon ágha um
Cholt cruinneochaidh
do chor chána ar
fhinniathoiph;
Mág Uidhir ar
anndúthaigh
luighidh ar Fhád
bhfionnFhiachaigh.
12 Seal aca ar
gach aonfhoghail
gasraidh na
ccleth ccrórighin;
téid críoch ó
fhréimh ríghUidhir
a díoth féin gá
fóirighin.
13 Líon cen
tríthe ag troimshiobhal
cradh críche gur
cruinnshireadh;
gerr do len
d’fhóir fhiondUladh
le tóir - cedh
far cruinnighedh?
14 Gur lór
d’fhoghlaim d’fhiledhaibh
t’fhoghlaim leo
gá lenamhain;
ceilidh sí ar
chléir comhadhaigh
a mbí gud t’fhéin
d’ealadhoin.
15 Lúth th’eachra
im ród ríghdhúnaidh
fód faithchi do
thaoibhmhínigh;
benaidh luas
h’eich óirshrianaigh
a cnuas don
chleith chaoillínigh.
16 Réir cáinti
mur cruinnighe
ar t’fhéli atá a
tendoire;
téid sé dár ccrú
Collaine
gidh bé clú nach
ccendoighe.
17 Téighe
d’athchur iorghoile
d’éis glanta do
ghoirmshleighe.
grís ag gabháil
ghallbhaile
a-rís d’anáil
th’oirbheire.
18 Luath ad
dhiaigh síol sengUidhir
ar rígh ’na mian
maillshiobhail
lá ar áth rú
do-rinneabhair
clú do chách ’na
chailleamhain.
19 Gan tóir ar
t’fhéin inndénaimh
a ré dóibh níor
dhiombuanaidh;
omhain gredh réd
gheallúirigh
ac cobhair fher
n-iombualaidh.
20 Sgol cháich
ort ní hionaithbhir
gé atá a dtol do
roidheithbhir;
do chliar féin ní
fuirighther
le riar do chléir
choimhighthigh.
21 Gerr leibh
laithe grianshamhraidh
at treibh
shlaitghil shluaghshuirghigh;
sgol dá chéili ad
cheoladhbhaidh
ac cor chéilli a
ccruadhfhuighlibh.
22 Do lámh le
loinn nuaghontar
ac boing cnámh a
caoinsheicnibh;
cóig luirg ód
bhois mbánaltaigh
a ccois an chuilg
chaoilleitrigh.
23 Críoch ag drud
re daingneachaibh
ar ndul dí fád
deghbhrethaibh,
nír sgar t’fhian
re hainbhrethaith
ar ccar giall a
ngeimhleachaibh.
24 Cóir ó chrích
gur ghabhabhair
a ndóigh díola
daighfhileadh;
buaidh ar fhíon
dár ibheabhair
ar síodh d’uaim
nír hairighedh.
25 Iath múrghlas
as mhaghaoibhne
nach iarr dá thúr
tiogháirghe;
go har oirir
tsenÉirne
bladh oirimh
nírbh ionáirmhe.
26 Lindte ó mhil
ar mínshiobhal
fa bhfillter
fiodh fiarroigheal;
claon doire do
dírighedh
le saor goile um
ghrianoirer.
27 A róid réidhe
roidhírghe
óssda gréine ar
ngeiléirghe;
beith slán
d’fhior ní hionáirmhe
lámh re sriobh na
seinÉirne.
28 A ndiaigh
cáich do chruinniughadh
co gliaidh nírbh
áil ainndeibhedh;
ar tsir gleo ar
féin fionnUladh
as leo féin do
faillighedh.
29 Géill rígh re
a ccois cengailte
sgol do chrích
gur comairce;
cliar ní fhoil
gan imeirce
ac triall ór
cCoin Chonnaichtne.
30 Fiú a bhfuair
ó rígh ríghoirir
buain brígha as a
bhuanfhalaidh;
cosc diomdhadh
shíl thsaorUidhir
tír biodhbhadh fa
bhuannadhaibh.
31 Braiter serc
mná mínbhaisi
an tráth do ghabh
géirdheissi;
toil mná féin a
fiadhnaisi
mur tá don fhéin
Éirnissi.
32 Laoich
thoghtha ’na dtromesair
re taoibh troda a
bhfinndeisibh;
sgeoil áigh an
chrú Collasin
a cclú as fháidh
gá indisin.
33 Síol cCuinn
d’fhógra iorghaile
ac buing Fhódla
d’ainbhine;
fiú omhain fher
n-oirbhire
sreabh domhain
gur daighshlighe.
34 Críoch uatha
’na hénndoighir
ar sníomh
ruaidhshleagh róirighin;
bac áigh ar
fhréimh ríghUidhir
ní dáibh féin as
fóiridhin.
35 Crú Uidhir as
ionmholta
clú thuillid a
dtoirbherta;
clú cáigh uaidh
is ionreactha
dáibh an uair as
oirdherca.