Poem in printable PDF format
Creach ag Luighne
ó Leith Mhodha
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 13]
Irial Ó hUiginn
.cc.
1 Creach ag
Luighne ó Leith Mhodha
cuimhne ar an
chreichsi cheana,
creach ríogh as
mhó ar íbh Modha,
rogha a ngníomh
dhó fa deara.
2 Creach dh’iath
Luighdheach do lámhoigh;
Luighne leantar a
n-iaroinn,
trom an bhreath
ar iadh n-Éimhir;
déinimh chreach
riamh ’s dá riaghuil.
3 An bhfuil
dídean a ndligheadh
ri creich ón
mhuighsin Mhumhan?
sí dhíonn do
bhreith nír beanudh,
dleaghar díon ar
chreich churadh.
4 Fine Céin an
chreach luaidhim,
a gcéin ag teacht
tar tóruinn;
ar luidh
d’fhoirind ar aoineing
maoidhim d’fhuil
Oilill Óluim.
5 Do bhreith
Chairthe is a cluinsin,
leibh, a Chaisil,
an chreachsin,
do chreach do-chí
san orsain,
an breath
chosmhoil í at easbhoigh.
6 Creach ríogh ar
chuimhne cluintear,
do dhíoth
Muimhneach ní moltor,
Luighne do-chím
gur chiontoigh,
tiocfaidh trínn
cuimhne ar Chorcaibh.
7 Tóir ó Thráidh
Lí ’n-a leanmhoin
gurbh áil cóir ón
chrích Luighnigh
creach shluaigh
’s a fios gá foghlaidh
connmhoidh Muaidh
ó lios Luimnigh.
8 Siad a gcéin
d’anmhain uaidhe
do ghlanMhogh
Néid ní náire;
mas sé as toil
dar gcloinn Chéinne
ní boing bhéime
ar mhoigh Mháidhe.
9 Do Chormac
dh’aithle a n-umhla,
flaithbhile as
oirdhearc n-anma,
ar ghairm ríogh
do fhréimh Eadhra
meanma réigh ag
síol Sadhbha.
10 Ró teasda ar
eachtra uadha
dá measdar ní
meath dála;
sgaoilidh dámh fa
iadh Úna,
lán súla riamh gá
rádha.
11 Ní gan fháth
fhuair a n-umhla
ó chách a n-uair
an fheadhma;
leis a mbeirn do
bhí a bhiodhbha
diongna in ní
dh’fheidhm Í Eadhra.
12 Ríoghfhlaith
re roinntear maoine
dá díothludh ar
bhoing mbéime,
maith fa roinn
acht roinn tíre,
flaith fíre dhar
ccloinn Chéinne.
13 Ealta hseabhuc
dh’fhuil Eadhra
cuingidh le
mbeantar biodhbha
fáth narbh áil
síodh na Samhna
tarrla dháibh
díol a ndiomgha.
14 Cormac re
hucht gach aoinfhir
fa chonfadh a
ngort ghábhaidh
dá féin as am dá
fhéaghadh,
dénadh clann
Chéin ar chánoigh.
15 Tadhg mhac
Céin re cairt chloidhimh
dá sdair as
déanta deimhin
gur dhearbh sé
sén a chinidh;
sgél dlighidh é
dhá oighir.
16 Lámh tharrla
ós fheidhm gach aoinfhir
Tadhg a mbeirn nó
gur bhuadhaigh;
tig le tréan ó
iadh n-Éimhir
triall dar éiridh
séan sluaghaidh.
17 Tadhg ar
fhoghoil re n-ógoibh
sbairn ’n-a
n-aghaidh narbh fhéidir,
budh thuaidh ar
dtriall an óigir
trian cóigidh
fhuair ar éigin.
18 Fuair dhá
shíol sochor suthoin,
foda bríogh a n-a
bhreathaibh;
tiad ós aird ar
dtriall tochoir
sochair Thaidhg
ar iadh n-Eachaidh.
19 Dual dá shíol
cách fa a chomhaidh,
gach críoch fa
chánaidh cuiridh;
mór n-aird do
iadh ’n-a aghaidh
d’fhaghail Taidhg
ar fiadh bhfuinidh.
20 Nír chuir
suirghe ar cheand gcumuinn
tuir Luighne re
léim glaineang,
mac Céin ’s dá
fhiadhach dh’fhearann
gealfhonn réidh
grianach Gaileang.
21 Gnáth airrghi
ríogh ’n-a ríoghfhuil,
síol an Taidhgsi
’s dá ttréidhibh,
maicne fa dhíol
do dheoraibh
síol leomhain
d’aicmi Éimhir.
22 Sé dá mheas le
mac Úna
meadh chosmhoil
mar do-chuala;
lorg Taidhg ar
ghníomh do-ghébha
sgéla ríogh ós
aird uadha.
23 Beith dána a
deaghbhloidh dlighidh
Ó hEadhra tar
chách cuiridh,
teisd cháigh ós
aird do fhoiligh
oighir Taidhg re
ndáimh nduiligh.
24 Gasroidh órbh
anta a n-iorghoil
fa Thadhg don
mhacraidh Mhuimhnigh;
sgéla a theasd
libh dhá leanmhain
dearbhaidh sibh,
a fhleasg Luimnigh.
25 Ró teisde ar
ndul a ndaoirsi
nach roichid cur
red chéimsi,
do chlú dá gcora
i n-uaisle
fuairsi rogha ón
chrú Chéinse.
26 Do shirthe ag
rochtain rompa,
a Osgair Thighe
an Teampla,
lór uaibh ar
chách mar chionnta
buain iompa a
ttráth na teannta.
27 Toil ag fear
linn nach ludha
do shreibh mhir
fa mhadh Modha
sé ón teas ’n-a
thráigh thana
Eas Dara ios táin
dá thogha.
28 Tug fáidh
aithne ar a airghibh,
tairthe fa
thráidh gach innbhir
searg an chuain
’s an ghoil gheamhroidh;
dearbhaidh soin
Muaidh ’n-a minshreibh.
29 An ríoghfhuil
ó mhuidh Mhumhan,
gá bhfuil
ríoghdhacht ’n-a roghar,
sealbh in chlú dá
druim dleaghar
bearar crú Cuinn
’n-a gcomhar.
30 As fiu a
ndáilid ó dheaghthoil
clú ’n-a gcároid
nach cuirthir,
téid a mhéin re
muir ttorchoir;
fuil Dhonnchaidh
a gcéill cuirfidh.
31 Cách ag tnúdh
le díol dáimhi
nír shín a gclú
re chéile;
téid an clú
dháibh a ndaoire
daoine láimh ler
gcrú Céinne.
32 Fiodh dar lia
bile is barrshlat
tearc triath dá
ttig a thromlot,
muna guais Goill
dá n-iomlat,
coill fhionnshlat
chnuais fa Chormac.
33 Arm cruaidh
neimhmeirbh an naomhchroch
uaimh Ifrinn nó
gur fhírchreach,
sleadh do bhí ad
chíoch mar chaomhthach;
saothruch fríth,
a rí, an ríchreach.